Irish-Language

Máthair agus cúpla úr aici ag seoladh réimse léinte greannmhara Gaelacha

<b>L&Aacute;N A D&Aacute; L&Aacute;MH: </b>Louise Smith (McCreesh) as an Mhullach Bh&aacute;n in Ard Mhacha Theas ag l&eacute;iri&uacute; gur f&eacute;idir bheith i d&rsquo;fhiontra&iacute; agus c&uacute;pla a bheith agat ag an am c&eacute;anna. Is &uacute;in&eacute;ir SMIGSMIG &iacute; Louise, comhlacht deartha t-l&eacute;inte&nbsp;<div>&nbsp;</div>
LÁN A DÁ LÁMH: Louise Smith (McCreesh) as an Mhullach Bhán in Ard Mhacha Theas ag léiriú gur féidir bheith i d’fhiontraí agus cúpla a bheith agat ag an am céanna. Is &uacut LÁN A DÁ LÁMH: Louise Smith (McCreesh) as an Mhullach Bhán in Ard Mhacha Theas ag léiriú gur féidir bheith i d’fhiontraí agus cúpla a bheith agat ag an am céanna. Is úinéir SMIGSMIG í Louise, comhlacht deartha t-léinte 
 

MAR A DEIR an seanfhocal, is fearr a bheith as an tír ná as an fhaisean agus tá an comhlacht úrnua SMIGSMIG ag déanamh cinnte go mbeidh Gaeil ar thús an tslua le réimse t-léinte galánta greannmhara a thabharfaidh  deis do Ghaeil fud fad an domhain meangadh gáire a chur ar aghaidheanna a chéile agus ‘cúpla focal’ ar a gcuid corp.

Tá dearaí cliste ar na t-léinte atá le díol ar www.smigsmig.com le manaí glice ar nós Fleadh-ed Out scríofa faoi uirlisí ceoil, agus Teanga Bheo, le teanga mhór dhearg ar an léine féin.

Do dhaoine nach bhfuil Gaeilge líofa acu, téann cur síos snasta spraíúil le gach dearadh ar an suíomh agus tá éileamh á thaispeáint cheana féin sna Stáit Aontaithe don dearadh Slán a Bhalla, a dhéanann imeartas focal leis an fhrása ‘slán a bhaile’ le híomhá d’uachtarán clúiteach taobh thiar de bhalla beag!  

Bhí an-ráchairt ar na t-léinte a díoladh go gasta ag Féile SOMA nuair a thug smigsmig a réimse earraí daite chuig an mhargadh fisiciúil den chéad uair.

Bhí rún daingean ag úinéir an chomhlachta Louise Smith (McCreesh) a hintinn a choinneáil aclaí nuair a bhí sí gafa ar an tolg agus í ag cothú cúpla.  

D’fhág sí Netflix ina diaidh agus chuaigh i mbun YouTube chun taighde a dhéanamh ar an dóigh ab fhearr lena comhlacht t-léine ‘cló-ar-éileamh’ a thoiseacht ón bhaile.  

Nuair a bhí an bheirt chailín ina gcodladh nó á gcothú, d’úsáid Louise cibé lámh a

bhí saor lena ríomhaire glúine a aimsiú, t-léinte a dhearadh agus suíomh ríomh-thráchtála a fhorbairt sa dóigh is go dtiocfadh léi caidreamh a dhéanamh le margadh na nGael sa bhaile agus thar lear.

Agus an cúpla ag fás aníos go gasta, thapaigh Louise an deis na t-léinte a sheoladh ag Soma, an fheile chlúiteach ceoil a bhí ar siúl i gCaisleán Uidhlín an tseachtain seo caite.  

“I ndiaidh míonna d’iltascáil chraiceáilte, bhí mé an-sásta t-léinte s’againn a sheoladh i measc cheoltóirí agus daoine eile ag SOMA,” arsa Louise.   

“De réir mar atá muintir Chaisleán Uidhlín ag ullmhú d’Fhleadh Uladh agus d’Fhleadh Cheoil na hÉireann i mí Lúnasa, tá cuid mhaith dár manaí iontach oiriúnach do lucht leanúna an cheoil - manaí ar nó Faoi lán Cheoil agus Fleadh-ed to the Mat ach go háirithe.

“Roghnaigh na cuairteoirí  ó réimse dearaí, agus chuir sé áthas orainn cuid de na ceoltóirí féin a fheiceáil agus iad ag caitheamh t-léinte smigsmig ar an ardán!”

Bhí John McSherry, píobaire agus cumadóir a bhfuil cáil dhomhanda air, ag seinm leis an ghrúpa idirnáisiúnta ceoil, the olllam agus é féin agus na leaids ó Detroit lán-sásta lena léinte smigsmig.

“De thairbhe go mbíonn muidinne fleadh-ed out nó fleadh-ed to the mat an chuid is mó den am, fóireann na manaí seo go maith dúinne!” a dúirt John. 

“Tá na dearaí féin iontach cliste, tugann t-léinte smigsmig deis iontach do na Gaeil a gcuid féiniúlachta a léiriú le bród.”

Ar ndóigh, beidh aithne ag Gaeil an tuaiscirt ar Louise óna cuid oibre le BBC Gaeilge.

Is as an Mhullach Bhán i ndeisceart Chontae Ard Mhacha ó dhúchas do Louise Smith (McCreesh).  

Spreag a beirt chailín í chun gnólacht teaghlaigh a thoiseacht agus anois nascann sí dhá phaisean atá aici, imeartas focal agus an Ghaeilge.  

Cuireann sí leis an réimse léinte go rialta, agus is é an dearadh is déanaí ná Póg mo Shrón, t-léine le híomhá eilifinte le tiúchosach deas  fada uirthi.  

Tá na dearaí dathannacha spraíúla ar fáil don mhargadh domhanda ar www.smigsmig.com le níos mó ná 40 tír ábalta t-léinte a chur in áirithe, na Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil, Nua-Shéalainn agus cuid mhaith tíortha Eorpacha ina measc.

Déanann smigsmig dearaí saincheaptha fosta, ag tabhairt deise do Ghaeil sa bhaile agus thar lear t-léine Gaelach a chaitheamh le stíl agus le spraoi.