Irish-Language

Eachtraíocht mara, spóirt ar an talamh agus an pizza uilig a dtig leat é a ithe

<b>AN SCAOILEADH SEOIL: </b>Ar shaoire de chuid Neilson, t&aacute; an oiread sin le d&eacute;anamh ar muir agus ar thalamh gur f&eacute;idir leis an and&uacute;ileach aidr&eacute;anail&iacute;n is m&oacute; sult a bhaint as &ndash;n&oacute; thig leat gan a dhath a dh&eacute;anamh agus sult a bhaint as bia den scoth n&oacute; taisteal amach faoin tuath le cuairt a thabhairt ar shr&aacute;idbhailte me&aacute;naoiseacha&nbsp;
AN SCAOILEADH SEOIL: Ar shaoire de chuid Neilson, tá an oiread sin le déanamh ar muir agus ar thalamh gur féidir leis an andúileach aidréanailín is mó sult a bhaint as –nó thig leat gan AN SCAOILEADH SEOIL: Ar shaoire de chuid Neilson, tá an oiread sin le déanamh ar muir agus ar thalamh gur féidir leis an andúileach aidréanailín is mó sult a bhaint as –nó thig leat gan a dhath a dhéanamh agus sult a bhaint as bia den scoth nó taisteal amach faoin tuath le cuairt a thabhairt ar shráidbhailte meánaoiseacha 

TAGANN  aoibh dheas ghaire ar an oiliúnaí seoltóireachta a bhfuil an chuma air go bhfuil sé ar a sháimhín suilt – ach ní thuigeann muid an dráma atá romhainn.

“Cluinim go bhfuil “wind line” ag teacht ach beidh muid maith go leor,” ar sé go muiníneach agus muid bailithe le chéile do thús an regatta seachtainiúla, áiseanna dearga snámhachta (red bouyancy aids), sean-T-léinte agus cuid mhór uachtair gréine orainn.

Líne ghaoithe? Amharcaim ar na hiomaitheoirí eile taobh liom le feiceáil an bhfuil imní orthu ach tá siad uilig ag stánadh ar Ash, an fear a chuirfidh tús leis an rás, agus ar na báidíní úrnua calaidh (brand new dinghies) i líne ar thrá ar imeall na Mara Iónaigh.

Tá mé cinnte nár pléadh “línte gaoithe” sna ranganna laethúla a bhí againn ag Airone, ionad úr saoire de chuid na comhlachta Neilson in Calabria i ndeisceart na hIodáile.

Ach deirim liom féin nach cúis ar bith imní é.

Taobh istigh de chúpla bomaite, tá fiche duine a bhfuil mé ina measc san fharraige ciúine, ag iarraidh greim a fhail ar an siorradh gaoithe agus muid ag iarraidh ár mbealach a dhéanamh go dtí an líne tosaithe céad meadar amach ón chósta.

Ach go tobann, d’athraigh an aimsir agus bhuail séideán gaoithe mo sheol gan mé ag dúil leis agus b’éigean dom mé féin a chromadh faoin chrann scóide a bheag luascadh (duck under the swinging boom.)

Ansin, iompaíonn na cuilithíní (the ripples) ina dtonnta. Úps. “Tá sé seo ag iarraidh suimiúil,” a deirim liom féin.

Tá an líne ghaoithe, stráice uisce níos dorcha a chonaic siad ón túr faire ar an trá, tá sé i ndiaidh bualadh linn!

Ach tháinig sé le tonnta a bhí i bhfad níos mó ná mar a bhí na maoir ag dúil leis.

Cuirtear an rás ar ceal agus tiontaíonn muid i dtreo na trá, mé in iomaíocht le gaoth a d’athraigh ó fhórsa a dó go dtí fórsa a cúig, fórsa a sé sna  séideáin.

Cúpla bomaite níos maille agus tá mar ar ais ar terra firma, faoiseamh orm mar bádh mé agus lúcháir orm go raibh mé páirteach in imeacht thar a bheith corraitheach – cé nár thosaigh an rás féin.

I ndiaidh bheith ag breathnú ar na báidíní calaidh teacht i dtír, amharcaim ar an dialann don lá – go hiontach, tá am fágtha d’eitpheil thrá (for beach volleyball) agus leadóg, rud a chuireann isteach ar mo bhean.

“Nach dtig leat bomaite sosa a ghlacadh?” a fhiafraíonn sí.

Smaoiním ar an mhana atá ag Neilson – go dtig leat bheith ar do shuaimhneas chomh crua agus is mian leat.

Agus an spórt seo uilig ag dul ar aghaidh thart ort, cad chuige a bhfánófá ar leaba faoin ghrian?

Ní amháin go bhfuil spórt mór i gceist, tá sé ar dóigh leis an chorp atá ag dul in aois a choinneáil aclaí agus b’fhéidir cúpla punt meáchain sa bhreis a chailleadh – go bhfuil barraíocht pasta, pizza agus panna cotta ar fáil leis na puntaí sin a chur ar ais chomh gasta is a chailltear iad.

Tá an t-ádh orm mar tá mo mhacasamhla thart orm, daoine a bhfuil dúil acu i ndúshláin agus an iomaíocht lena chois.

Is beag duine inár measc nach raibh ar saoire Neilson roimhe seo.

An chuid is mó acu, bhí siad in ionaid eile, sa Ghréig )tá seachtar acu ann), sa tSairdín agus sa Chroit agus tá siad anseo le fail amach an bhfuil an ceann seo ag “cos na hIodáile” chomh maith leis na cinn eile.

Níl aonduine acu meallta.

Glacann sé uair agus daichead bomaite an t-ionad saoire a bhaint amach ach tá na cóistí thar a bheith compordach agus tírdhreach álainn thart ort.

Tá coill bheag péine idir an trá agus an teach bándearg ósta, crainn a thugann foscadh ón ghaoth do na linnte móra snámha.

tá ceithre chúirt leadóige a tógadh ar na mallaibh chomh maith le táblaí úra leadóg tábla, cúirt cispheile agus club do phaistí a bhfuil mór-ráchairt go deo air.

Tá rothair de gach cineál ar fáil agus gléasanna GPS orthu uilig, rud atá ina chuidiú mhór dóibh siúd ar mian leo taisteal fríd shráidbhailte ó na meánaoiseanna atá breac sa cheantar máguaird.

Tá deic mhór gréine ar bharr an óstáin,ait a ndéantar  Zumba, Pilates agus ióga gach lá agus radharcanna iontach ar an limistéar thart ort.

Mar dhuine a bhaineann barraíocht suilt as an eachtraíocht fhisiciúil, tá sé go hiontach go bhfuil seomra cóireála (treatment room) ann a dtig liom lámhchuimilt a fhail do mo ghéaga pianmhara.

Tá difríochtaí beaga idir gach ceann de na hionaid saoire ach i ngach ceann acu, tá an caighdeán ard bia mar a gceanna iontu uilig.

Druidtear an bialann buffet trí oíche sa tseachtain le deis a thabhairt do dhaoine dul chuig bialanna an cheantair le triail a bhaint as an cuisine áitiúil.

Sin ráite, déanann siad pizzas ollmhara blasta agus tá sé thar a bheith doiligh diúltú dóibh!

Bhí muid meallta nuair a druideadh an t-ionad beag saoire de chuid Neilson in Adakoy gar do Marmaris sa Tuirc. Cúrsaí slándála ba chúis leis, is cosúil.

Ach tá an ceann seo in Aire lán chomh maith. 

Ag imeacht dúinn, bhí cairde úra déanta againn agus cuimhní a fhanfaidh linn go deo.

Agus mé anseo, tá an scrúdú 

RYA Leibhéal a 2 beagnach bainte amach agam, rud cinnte nach raibh rún agam dul ina cheann sular tháinig mé anseo.

D’fhoghlaim mé ina dhiaidh sin go gcosnódh sé chóir a bheith £600 dom sin a bhaint amach ach a bhuíochas do Neilson, tá sé mar chuid den tseirbhís.

Tugann sé deis den scoth dom pilleadh ar Airone agus an dá thásca deireanacha a chur i gcrích - gan an oiread céanna drámaíochta!

:: Tá teacht ar Neilson ag neilson.co.uk nó ag  0333 014 3350.

Tá saoire ar fail, seacht n-oíche ag an Airone Beachclub, turais phillte ó Heathrow, aistrithe chuig an ionad, seacht n-oíche lóistín (bricfeasta, lón gach lá agus dinnéar ceithre hoíche sa tseachtain leathan imeachtaí (seoltóireacht, gaothshurfáil, cadhcáil, leadóg, rothaíocht agus aclaíocht) chomh maith le hoiliúint agus clubanna do phaistí.

Tosaíonn praghsanna ar £549 ag imeacht ar an 29 Meán Fómhair.