Irish-Language

Kneecap – buíon hip-hop Gaeilge atá ag léiriú shaol na nGael óg ó thuaidh

<b>KNEECAP: </b>N&iacute; as an chaip&iacute;n gl&uacute;ine a baisteadh bu&iacute;on &uacute;r hip-hop na Gaeilge ach as sean-chleachtas &quot;dl&iacute; agus cirt&quot; an tuaiscirt le linn na dTriobl&oacute;id&iacute;. T&aacute; Naoise &Oacute; Caireall&aacute;in ar dheis agus Liam &Oacute;g &Oacute; hAnnaidh ar chl&eacute;&nbsp;
KNEECAP: Ní as an chaipín glúine a baisteadh buíon úr hip-hop na Gaeilge ach as sean-chleachtas "dlí agus cirt" an tuaiscirt le linn na dTrioblóidí. Tá Naoise Ó Caireal KNEECAP: Ní as an chaipín glúine a baisteadh buíon úr hip-hop na Gaeilge ach as sean-chleachtas "dlí agus cirt" an tuaiscirt le linn na dTrioblóidí. Tá Naoise Ó Cairealláin ar dheis agus Liam Óg Ó hAnnaidh ar chlé 

LE GACH glúin ó tháinig na mór-chultúir idirnáisiúnta ar an saol, tá Gaeilgeoirí a bhfuil a gcroí sa teanga agus sa chultúr coiteann atá thart orthu ag iarraidh an Ghaeilge a chur in oiriúint do chúinsí saoil a linne.

Nuair a bhí an ceol tíre chun cinn, bhí Emmet Spiceland againn. Níl a fhios agam an raibh buíonta punk ag ceol i nGaeilge ach nuair a bhí an rac ceoil ar thús cadhnaíochta, bhí na Fíréin ar thús an tslua. 

Leis an cheol domhanda, isteach le Kila agus le grúpaí eile a bhí ag meascadh an cheoil thraidisiúnta le rithimí úra ón Afraic agus ón Eoraip - éist le Jiggy mar shampla  - agus anois, in aimsir an hip-hop, tá IMLÉ, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus, as Béal Feirste, an grúpa is déanaí ina measc, Kneecap ie Mo Chara, Móglaí Bap and DJ Provaí.

I measc na ndaoine gorma i gceantracha bochta chathracha móra Mheiriceá sna 1970í a tháinig an rap agus hip-hop chun cinn agus eascraíonn amhráin Kneecap as cultúr Gaeilge na n-óg i mBéal Feirste an lae inniu agus as mór-chultúir dhomhain an iarthair araon.

Tá singil agus EP déanta ag na leaids cheana féin – taifid a fuair ardmholadh ó dhuine de laochra an cheoil nua,  Nialler9, le gairid.

Tá gigeanna rathúla déanta acu ar fud na tíre agus tuilleadh ar an bhealach ach cad é mar a tháinig Kneecap le chéile sa chéad dul síos?

“An lá roimh mhórshiúl an Lae Dheirg deireanach a reáchtáladh i mBéal Feirste, bhí cuid againn amuigh ag sprae-phéinteáil ar na ballaí agus tháinig na péas sa tóir orainn,” a mhínigh Naoise dom.  

“Scríobh mé amhrán bunaithe ar an eachtra sin agus as sin a tháinig Kneecap ar an saol.

“Tháinig muid le chéile don chraic ach ag an am céanna, bhí scéalta le hinsint againn, bhí muid ag iarraidh a léiriú go bhfuil saol eile ann, an saol a chaitheann daoine óga a bhfuil a gcroí istigh sa Ghaeilge, agus déanann muid sin fríd an cheol agus fríd an ghreann cé go mbíonn muid ag ceol faoi cheisteanna tromchúiseacha ag an am céanna,” arsa Naoise.

Ach ní thaitníonn amhráin Kneecap le gach duine. 

Ag tús na bliana, chuir RTÉ/Raidió na Gaeltachta cosc ar Cearta, amhrán dá gcuid ina bhfuil mionnaí móra, tagairtí do dhrugaí, don ghnéas agus don PSNI/RUC.

Ar ndóigh, chuir an cosc Kneecap i mbéal an phobail agus altanna ar an amhrán ar an Belfast Telegraph, etc.

Bhí RTÉ míshásta faoin iliomad tagairt do dhrugaí atá san amhrán, ach bhí drugaí i gcónaí chun cinn in amhráin pop agus raic ach, ar ndóigh, tá an cultúr pop ag cur thar maoil le hamhrán a bhaineann le drugaí. 

Thaifead na Rolling Stones Mother’s Little Helper agus Brown Sugar, cheol Jefferson Airplane White Rabbit, bhí Eric Clapton sna cairteanna le Cocaine agus The Beatles Lucy in the Sky With Diamonds sa ceartttráth sícideileach sin a raibh siad ag dul fríd.

Ar ndóigh, creideann Naoise go bhfuil dul amú ar RTÉ.

“An dóigh a gcuireann muid drugaí i láthair, fríd an ghreann agus fríd an aoir, tá muid ag iarraidh aird daoine a tharraingt ar an fhadhb,” ar sé. 

“An dóigh a bhfuiltear ag plé le drugaí le 40 bliain, níl sé ag tabhair aghaidhe ar an fhíor-fhadhb agus tá muidinne ag iarraidh go mothódh daoine ciotach nó mícompordach agus iad ag éisteacht linn. 

“Tá na drugaí mar chuid den saol i measc cuid mhór daoine inniu agus níl na polasaithe atá á gcur i bhfeidhm á stopadh.

“Ba mhaith linn go dtosódh cumainn óige agus eile ag caint ar dhrugaí ar bhonn réadúil, ag inse do dhaoine óga cad é a dhéanann na cineálacha éagsúla drugaí mar tarlaíonn drochrudaí nuair atá easpa eolais ag daoine. 

“Sin sprioc atá againn, daoine a chur ag caint faoin cheist. 

“Bhíodh daoine ar scoil liomsa atá marbh anois mar gheall ar dhrugaí,” arsa Naoise.

Cé go gcuireann hip-hop agus caint ar dhrugaí eagla ar go leor daoine fásta is léir go bhfuil coinsias shóisialta i gcroí amhrán Kneecap agus go bhfuil siad ag ceol ar son sciar mhaith de phobal óg na Gaeilge i mBéal Feirste. 

Tá amhráin eile de chuid Kneecap ag tarraingt airde mar gheall ar chonspóid nó mar gheall ar fheabhas an cheoil, take your pick agus tá siad uilig le fáil ar youtube (le físeáin den scoth) nó ar Spotify agus thig leat iad a cheannacht ar Google Play.  

Leoga, is am sultmhar é bheith i do Ghael óg ó thuaidh, dar le Naoise.

“Tá roinnt mhaith againn seans mór go bhfuil muid níos muiníní na mar a bhíodh Gaeil óga blianta ó shin agus titear dom go bhfuil daoine óga eile ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim le go mbeidh siad páirteach sa saol seo,” ar sé.

“Agus tá an saol ar fad athraithe as a riocht le 30 éigin bliain anuas, ní amháin ó thaobh na teanga de ach tá atmaisféar úr ann. Ni fhanfaidh Gaeilgeoirí ina dtost níos mó. 

“Aon rud atá ar fáil i saol an Bhéarla, ba mhaith linn go mbeadh sé againn i nGaeilge agus ar an chaighdeán céanna,” arsa Naoise.

Is léir go mbeidh tuilleadh ag teacht ó Kneecap san am atá le teacht.

Is féidir nuacht faoin bhuíon a leanstan ar a leathanach facebook.