Irish-Language

Is féidir leis an turasoireacht maitheas a dhéanamh do phobail ar an ghannchuid

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">DAOINE AGUS T&Iacute;RDHREACH : </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">Is fi&uacute; go m&oacute;r cuairt a thabhairt ar an Pheiri&uacute; mar gheall ar an daoine forbhf&aacute;ilteacha agus ar na t&iacute;rdhreacha iontacha at&aacute; le feice&aacute;il sna hAndan&eacute;is. Thuas, t&aacute; mn&aacute; bailithe le ch&eacute;ile</span>&nbsp;
DAOINE AGUS TÍRDHREACH : Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an Pheiriú mar gheall ar an daoine forbhfáilteacha agus DAOINE AGUS TÍRDHREACH : Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an Pheiriú mar gheall ar an daoine forbhfáilteacha agus ar na tírdhreacha iontacha atá le feiceáil sna hAndanéis. Thuas, tá mná bailithe le chéile 

AGUS BLÁTHANNA á n-ofráil acu dúinn, tá mná shráidbhaile Ccaccaccollo mar choiste fáilte den chéad scoth anseo i bhfiántas Pheiriú.

Cé go bhfuil sé fionnuar chomh hard seo os cionn na tíre, cuireadh fíorchaoin fáilte romhainn.

Gléasta i seal olla agus ag caitheamh hata feilte a raibh an duilleog tiontaithe anuas a thugann le fios go bhfuil sí pósta, tá Mercedes ar thús cadhnaíochta sa cheiliúradh agus í ag cur fáilte go bródúil romhainn isteach i slí bheatha traidisiúnta s’aici.

Ach bhí fear amháin inár measc a tharraing a haird.

Agus é ag caitheamh jeans agus bróga reatha, ní dia tipiciúil é Bruce Poon Tip agus cuireann an aird aiféaltas mór air.

Ach do na 60 bean atá fostaithe i gComharchumann Fíodóireachta Mhná Ccaccaccollo, is dia é bunaitheoir ceannródaíoch G Adventures.

Mar cheann de na háisíneachtaí taistil ar Chonair na nInca, tugann G Adventures na mílte turasóirí chuig an Ghleann Naofa gach bliain ach ní stopann tionchar an chomhlachta ansin.

Tá siad freagrach as maoiniú  a chur ar fáil do chuid de na fiontar shóisialta is rathúla sa limistéar agus tá Bruce agus a chomhghleacaithe ag tabhairt cuairt (rud is annamh) ar chuid de na daoine ar athraigh sé a saol.

Agus muid ag siúl fríd an tsráidbhaile, tá an ghrian ag soilsiú fríd scamaill arda agus ag loinnir ar dhuilleoga  eucalyptus.

Taobh istigh de cheardlann fhann, tá clic agus claicearnach na seolta (the click and clacking of the looms) le cluinstin.

Tá máthair agus a hiníon ag ní burlaí d’olann alpaca agus ag ullmhú dathanna le glasraí a bhfuil cruth aisteach orthu i dteannta feithidí dearga; thart orthu, tá lúbáin d’olann ar dhath an phuimcín agus cuid eile atá líoma-ghlas ar foluain os cionn páistí atá ag súgradh ar an urlár.

“Tá sé an-tábhachtach nach gcailleann muid traidisiún seo na fíodóireachta,” arsa Mercedes agus í ag caint ina teanga dhúchais, Quechua.

“Tá feabhas as cuimse i ndiaidh teacht ar an saol at againn anseo agus tá airgead anois againn ár bpáistí a chur ar scoil.”

In 2005, chuidigh Planeterra, comhlacht neamhbhrabúis de chuid G Adventure, le bunú an chomharchumainn agus inniu, tugann an iliomad grúpaí turasóirí cuairt air agus iad ag ceannach scairfeanna agus blaincéad a bhfuil patrúin thraidisiúnta fite fuaite iontu. 

Feiceann Bruce an togra mar eiseamláir den dóigh a dtig leis an turasóireacht maitheas a dhéanamh, cuspóir atá ag croí a chomhlachta.

“Is féidir leis an turasóireacht an domhan a athrú má dhéantar mar is ceart é,” arsa an fiontraí 51-bliain d’aois a thosaigh an comhlacht i 1990.

“Is é an rud a dhéanann muidinne ná tograí a thionscnamh a tharraingeoidh turasóirí agus bíonn tionchar dearfach aige sin ar an phobal.

Ar na heiseamláir eile, tá an bhialann Parwa i gceantar Lamay, tiomáint 20-bomaite ó thuaidh de Pisac, áit a bhfuil ballóga clúiteacha Inca.

Tá an bhialann ar an 50 togra ar fud na cruinne atá maoinithe ag  Planeterra.

Cuireann an bhialann obair ar fáil do 60 teaghlach. Soláthraíonn siad a bhfuil ar an chlár bia - beilte tipiciúla Andéiseacha ar nós causa atá déanta le prátaí buí ach le hubh gheirge (a quail’s egg) lena chois.

Mar thoradh air seo, cuireadh fiontar úr ar bun arbh é a aidhm ná uibheacha geirge a sholáthar don bhialann agus don cheantar máguaird - an tionchar dearfach a raibh Bruce ag caint air agus a bhfuil sé ag iarraidh a chur chun cinn.

Tá an bia ar cheann de na rudaí is mo a tharraingíonn daoine go Peiriú agus is ceantar na nAindéas a thagann cuid mhór den bhia a chothaíonn an tír mar sin tá deiseanna móra ar fáil san earnáil talmhaíochta.

Tá Parque de la Papa ina fheirm a mheallann cuid mhór turasóirí ag an am ceanna go dtí an láthair atá 3,600-4,500 meadar os cionn leibhéal na mara.

Is anseo a chuirtear agus a chaomhnaítear síolta prátaí As an 3,000 cineál práta atá le fáil sa Pheiriú, fásann 1,367 acu anseo cruthanna agus dathanna ar gach ceann acu agus blas ar leith ar chuid eile.

Tá bailiúchán le feiceáil in iarsmalann bheag, áit a gcuireann an treoraí síos ar an dóigh a gcuirtear agus a bhaintear iad - imeachtaí a thosaíonn le hofráil duilleoga cócó do Pachamama (Máthair na Cruinne).

Anuas ar an airgead a thógann siad ó na 4,000 taistealaí a théann fríd an pháirc gach bliain, saothraíonn el Parque bia le bialanna ar nós Nuna Raymi in Cusco, fiontar a bhunaigh iar-threoraí de chuid G Adventures, Rocio Zuniga Moreno.

Cé gurb as Lima ó dhúchas di, thit an beadaí i ngrá le bia na nAindéas agus tá sé tiomanta seanbhia agus seandóigheanna cócaireachta a thabhairt ar ais.

“Caithfidh meas agus paisean a bheith agat do bhia,” a mhíníonn sí.

Ag dul isteach ina bialann, fríd dhorchla ina bhfuil plandaí ar gach taobh, suím síos ag tábla simplí adhmaid le triail a bhaint as béile déanta de réir oideas dúchasacha le súil eile ar an 21ú céad.

Cinnte, rachaidh bunús na dturasóirí ag an Gleann Naofa agus Machu Picchu mar gheall ar an suímh seandálaíochta ach tá pobail ag baint buntáiste as na deiseanna sin le sean traidisiúin s’acu a chaomhnú i saol nua-aimseartha an lae inniu.

Is fíor do Bruce mar sin, thig leis an turasóireacht bheith dearfach do phobail atá ar an ghannchuid agus ní drochrud ar bith é sin.

Le tuilleadh eolais a fháil ar an Pheiriú,gabh chuig Peru.Travel.

Ofrálann G Adventures (gadventures.co.uk; 0344 272 2060) turasanna chuig an Ghleann Naofa, agus turasanna chuig cuid mhór de thograí Planeterra san áireamh.

Tá ghníomhachtaí taistil i mBéal Feirste a reáchtálann saoire eachtraíochta go Peiriú.