Irish-Language

Pictiúir chailte, Gaeltacht Thír Chonaill agus an Cogadh Fuar á ríomh ag Kevin

<b>AR LORG ANNIE: </b>Bh&iacute; Annie McGinley (peinte&aacute;ilte thuas) ina h&aacute;bhar spreaghta agus ina cara don eala&iacute;ont&oacute;ir Meirice&aacute;nach, Rockwell Kent a chaith ceithre mh&iacute; i nGaeltacht Th&iacute;r Chonaill i 1926. Ar BBC2, t&eacute;ann Kevin Magee sa t&oacute;ir ar phicti&uacute;ir Chonallacha Kent. <br />Pic: Le caoinchead Plattsburgh State Art Museum&nbsp;
AR LORG ANNIE: Bhí Annie McGinley (peinteáilte thuas) ina hábhar spreaghta agus ina cara don ealaíontóir Meiriceánach, Rockwell Kent a chaith ceithre mhí i nGaeltacht Thír Chonaill i 1926. Ar AR LORG ANNIE: Bhí Annie McGinley (peinteáilte thuas) ina hábhar spreaghta agus ina cara don ealaíontóir Meiriceánach, Rockwell Kent a chaith ceithre mhí i nGaeltacht Thír Chonaill i 1926. Ar BBC2, téann Kevin Magee sa tóir ar phictiúir Chonallacha Kent.
Pic: Le caoinchead Plattsburgh State Art Museum 

IS MINIC a chonaic muid an iriseoir iniúchta Kevin Magee ar ár scáileáin teilifíse agus é á chur féin i gcontúirt go minic le scéalta tábhachtacha an lae a chur os ár gcomhair.

Ach taobh amuigh den nuacht chrua, tá suim mhór ag Kevin sa Ghaeilge agus is minic a thugann sé cuairt ar cheantracha Gaeltachta  na hÉireann agus i gceann amháin acu, fuair sé spreagadh a chuimsíonn an iriseoireacht, a spéis san ealaíon agus an Ghaeilge.

Macasamhail a bhí ar crochadh i dteach tábhairne i nGleann Cholm Cille i nGaeltacht Thír Chonaill a mhúscail spéis Kevin agus sheol é ar lorg phictiúir Éireannacha an ealaíontóra chonspóidigh Mheiriceánaigh, Rockwell Kent.

Tá sé anois clár teilifíse a dhéanamh faoina obair bhleachtaireachta in Ar Lorg Annie, ina dtagann sé ar scéal rómánsaíochta agus ar bheartaíocht pholaitiúil a d’fhág pictiúir de mhuintir Thír Chonaill scaipthe ar fud an domhain. 

I 1926, chaith Kent, arbh as Tarrytown i stát Nua Eabhrac dó, ceithre mhí i nGaeltacht Dhún na nGall, áit a ndearna  sé 36 pictiúr – agus cairde saoil chomh maith.

Ina measc, bhí Annie McGinley (ábhar an phictiúir sa phub), a muintir agus an comharsa ba deise dóibh, an feirmeoir caorach Dan Ward.

Sna 1950idí, bhí Kent ag iarraidh pilleadh ar Éirinn, 1000 acra de thalamh sléibhe a cheannach agus a bheith ag obair ann cuid den bhliain.  Ach chuir an pholaitíocht idirnáisiúnta, agus feachtas fríthchumannach an tseanadóra Mheiriceánaigh Joseph McCarthy ach go háirithe, chuir siad bac air taisteal go hÉirinn ar feadh cuid mhaith blianta. Faoin am sin bhí sé ró-mhall.

(Ba mhinic Kent á cháineadh as a bheith ina shóisialaí agus as baint a bheith aige le cúiseanna ar thacaigh cumannaigh leo).

Ní nach ionadh gur mheall an scéal seo Kevin Magee agus d’imigh sé leis, ag baint úsáid as a scileanna iriseoireachta le pictiúir Gaeltachta Rockwell Kent a aimsiú. 

Ar tús, thaisteal Kevin go Nua Eabhrac agus go Cathair Naomh Peadar leis na saothair Éireannacha is clúití de chuid Kent a fheiceáil, leithéidí Annie McGinley agus Dan Ward’s Stack.

“Chomh luath agus a chonaic mé cóipeanna de pictiúir Éireannacha Kent, bhí mé gafa,” arsa Magee.

“Bhí an t-am ann a raibh Kent i mbéal an phobail sna Stáit Aontaithe ach is beag eolas a bhí ann faoin am a chaith sé ag obair i nGaeltacht Dhún na nGall. Bhí mé ag iarraidh sin a chur ina cheart agus an scéal s’aige a nochtadh agus a insint. 

“Tá a phictiúir Chonallacha ar fheabhas ar fad, agus sa scannán beidh siad le feiceáil ag lucht féachana in Éirinn den chéad uair riamh. 

“Nuair a thosaigh mé is beag a shíl mé go dtabharfadh mo chuardach mé go gailearaithe agus go cnuasaigh phríobháideacha ar fud an domhain,” ar sé. 

Fuair Kevin amach go ndeachaigh pobal agus tírdhreach Ghleann Cholm Cille, Ghleann Locha agus Phoirt go mór i bhfeidhm ar an ealaíontóir Meiriceánach, agus dála Kent, pilleann sé féin ar Ghaeltacht Dhún na nGall le fáil amach cad é a tharla do na daoine ar phéinteáil Kent iad, agus le labhairt le gaolta dá gcuid atá sa cheantar go fóill.

Tá spéis faoi leith ag Kevin in Annie McGinley, a ndearna Kent pictiúr dí ar na beanna os cionn na farraige. Cérbh í?  An bhfuil gaolta léi beo sa lá inniu? An bhfuil a fhios acu a dhath faoin chaidreamh a bhí aici leis an ealaíontóir?

Agus é ar lorg na bpictiúr caillte, tagann Kevin ar níos mó ná íomhánna áille de bhreáthacht gharbh na dúiche.  

Tagann sé ar chairdis saoil agus dáimh le Tír Chonaill a tháinig slán as tréimhse chorrach an Chogaidh Fhuar.

“Chomh maith leis na pictiúir a aimsiú, bhí mé ag iarraidh scéalta na gcainteoirí dúchais atá sna pictiúir a inse,” arsa Kevin.

“In ainneoin gach ar tharla do Kent, ní dhearna sé dearmad riamh ar Thír Chonaill nó ar muintir na háite, agus breis agus 30 bliain i ndiaidh a chéadchuairte, phill sé ar lorg Annie. 

Is fíor-scéal é atá chomh hiontach le scéal ficsin,” arsa an t-iriseoir.

Beidh Ar Lorg Annie/In Search of Annie le feiceáil an Domhnach beag seo, (24 Meitheamh) ar a 10pm ar BBC2.