Irish-Language

Féile amháin a thugann an bhréag do na steiréitíopaí a bhaineann leis an Ghaeilge

<b>DAN&Uacute;: </b>Beidh an s&aacute;rghr&uacute;pa traidisi&uacute;nta ag cur clabhs&uacute;ir ar Scoil Samhaidh Mhic Reachtain an mh&iacute; seo chugainn i ndiaidh seacht l&aacute; de cheol, damhsa, litr&iacute;ocht, sp&oacute;rt, spraoi &ndash; agus ranganna Gaeilge!&nbsp;
DANÚ: Beidh an sárghrúpa traidisiúnta ag cur clabhsúir ar Scoil Samhaidh Mhic Reachtain an mhí seo chugainn i ndiaidh seacht lá de cheol, damhsa, litríocht, spórt, spraoi – agus r DANÚ: Beidh an sárghrúpa traidisiúnta ag cur clabhsúir ar Scoil Samhaidh Mhic Reachtain an mhí seo chugainn i ndiaidh seacht lá de cheol, damhsa, litríocht, spórt, spraoi – agus ranganna Gaeilge! 

IS FÉILE í Scoil Samhraidh Mhic Reachtain a phléascann steiréitíopaí bréagacha lucht cainte na Gaeilge.

Dar leo siúd, tá saol na Gaeilge druidte, seineafóibeach, dúr, leadránach, gan úsáid, ach léiríonn an fheile seo i dtuaisceart Bhéal Feirste a mhalairt ar fad.

Lena linn, déantar cairde, foghlaimítear teanga, cluintear ceol, roinntear cultúir, insítear scéalta agus cuirtear fáilte roimh gach cineál duine beag beann ar a inscne, ar a cine, ar a ioncam, ar a creideamh nó ar leithscéal ar bith eile a chumtar le daoine a choinneáil amuigh.

Sin an fhealsúnacht ata taobh thiar d’athbheochan na Gaeilge ar ndóigh - agus tá cuireadh ar gach duine chuig an chóisir.

Chuige sin, tá imeachtaí den chead scoth beartaithe don mhí seo chugainn, idir an 22 agus an XX Iúil, in Áras Mhic Reachtain, an suíomh galánta ata os comhar na nOibreacha Uisce ar Bhóthar Aontroma sa chathair cois cuain.

Tá meas ag an Ghaeilge ar an tsláinte mar sin tosóidh an Scoil Samhraidh ar an Domhnach 22 Iúil ar a 10rn le siúlóid ar Bheann Mhadagáin le Cormac Ó hÁdhmaill.

Mairfidh an tsiúlóid 2.5 - 3 uair an chloig ina iomláine, mar sin, caith éadaí agus bróga fóirsteanacha don tsiúlóid shaor in aisce. 

Ar ndóigh is iad na ranganna Gaeilge croí na Scoile Samhraidh agus bliain i ndiaidh bliana, bíonn an-ráchairt orthu sin.

Mairfidh an cúrsa Gaeilge ón Luan 23 Iúil go hAoine 27 Iúil, 10rn - 4in gach lá.

Tá cúig leibhéal ar fáil ann (Bunrang, Bunrang 1, Meánrang íochtarach, Meánrang uachtarach agus Ardrang). agus níl ach £50 mar tháille ar an chúrsa.   

Tá meas ag an Ghaeilge ar an cheol de gach cineál.

Don tionscadal IMRAM, thraschruthaigh na filí Gabriel Rosenstock agus Liam Ó Muirthile (a fuair bás an mhí seo caite) liricí de chuid fhile eile, Leonard Cohen.

Beidh Túr na nAmhrán/The Leonard Cohen Project ar siúl in Áras Mhic Reachtain ar an Luan, 23 Iúil  agus ní nach ionadh gur moladh go spéir é agus Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra páirteach ann. Agus mar is gnách, beidh na focail agus íomhánna áille gaolmhara le Margaret Lonergan le feiceáil ann.

Beidh an feiniméan sin, An Cabaret Craiceáilte de chuid  Rónáin Mhic Aodha Bhuí ar siúl ar an Chéadaoin 25 Iúil.

Ní fios fós cé hiad na haoi-cheoltóirí speisialta ach is cinnte gur oíche chorraitheach spraíúil, spleodrach a bheidh ann mar is gnách.

Tá suim ag an Ghaeilge i gcultúir eile agus an oíche dár gcionn, cluinfidh muid idir cheol agus scéalta ó thraidisiúin éagsúla.

Seinneann agus canann Los Dramáticos meascán ar leith d’amhráin na hAndalúise agus Mheiriceá Laidinigh ar ghiotár flamenco agus ar uirlis dhúchasach Mheiriceá Theas, an charango.

Is é atá in Beirt Phíobairí, Beirt Scéalaithe eispéireas scéalaíochta á cur i láthair ag Cormac ‘Buzz’ Ó Briain agus Aodán ‘Jaff’ Mac Séafraidh. Beidh ceol na píbe fite fuaite fríd scéalta na beirte, cuid den scéalaíocht spreagtha ag an cheol féin, chomh maith le saol saoithiúil na ndaoine sí!

Agus ní dhéantar dearmad den cheol traidisiúnta, ar ndóigh agus ar oíche dheireanach na féile, beidh an sár-ghrúpa, Danú i mbun ceoil.

Tá an bhuíon ag dul ó bhí 1995 ann ach tá amhránaí úr acu anois, Nell Ní Chróinín a bhfuil aithne mhaith ag muintir Bhéal Feirste uirthi cheana féin.

Tá meas ag an Ghaeilge ar cheart agus ar chóir mar sin beidh an scannán Murdair Mhám Trasna le feiceáil le linn na Scoile Samhraidh, ar an 24 Iúil.

Insíonn an fadscannán faisnéise/drámaíochta ag díriú ar cheann de na hiomraill cheartais is measa a tharla in Éirinn riamh – dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882.

Tá meas ag an Ghaeilge ar an litríocht chomh maith agus beidh Oíche na Scríobhaithe 

agus tá mé féin ag dúil go mór le bheith ag éisteacht le Liam Mac Cóil (An litir, I dTír Strainséartha, An Dochtúir Áthas, An Choill agus Fontenoy) agus le Seán Mac Mathúna (Crois na Sceilge agus Gealach ar an 25 Iúil.

Beidh Oíche Áirneáil ar siúl agus damhsaí seit ag barr Dhún Airt chomh maith.

Mar a dúirt mé, pléascann Scoil Samhraidh na steiréitíopaí uilig!

:: Tá gach eolas agus ticéid do Scoil Samhraidh Mhic Reachtain le fáil ó url.ie/12edf