Irish-Language

An mbeidh sé de mhisneach ionat dul ar saoire leat féin agus tú níos sine?

<b>AG TAISTIL I NGR&Uacute;PA&Iacute;: </b>Is ioma&iacute; duine a bhfuil eagla orthu bheith ag taistil i dtir choimhth&iacute;och leo f&eacute;in c&eacute; gur eisp&eacute;aras iontach at&aacute; ann ach t&aacute; an-r&aacute;chairt anois ar shaoire ina dtig leat taistil le gr&uacute;pa&iacute; daoine de do mhacasamhail f&eacute;in&nbsp;
AG TAISTIL I NGRÚPAÍ: Is iomaí duine a bhfuil eagla orthu bheith ag taistil i dtir choimhthíoch leo féin cé gur eispéaras iontach atá ann ach tá an-ráchairt anois ar shaoire ina AG TAISTIL I NGRÚPAÍ: Is iomaí duine a bhfuil eagla orthu bheith ag taistil i dtir choimhthíoch leo féin cé gur eispéaras iontach atá ann ach tá an-ráchairt anois ar shaoire ina dtig leat taistil le grúpaí daoine de do mhacasamhail féin 

Bhuel, tá mé i ndiaidh pilleadh ó chúpla lá saor i Málaga agus tá an oiread céanna geana agam ar an chathair is a bhí riamh.

Liom féin a bhí mé agus mé ábalta mo roghanna féin a dhéanamh faoi bhialanna, faoi iarsmalanna, faoi na rudaí ar chóir dom iad a fheiceáil agus a dhéanamh.

Ni saoire é a thaitneoidh le gach duine é mar is fearr le daoine eile cuideachta a bheith acu agus iad thar saile agus, cé go bhfuil eitiltí saora infreastruchtúr níos fearr anois ann ná mar a bhí riamh roimhe seo, mothaíonn go leor daoine ró-neirbhíseach le dul ar saoire ar a gconlán féin.

De réir suirbhé a rinne an

áisíneacht taistil eachtraíochta, Explore, deir 70% de dhaoine os cionn 50 bliain d’aois, go gcumann siad leithscéalta gan taisteal a dhéanamh, fiú más deis é nach bhfaigheann duine ach uair amháin ina saol.

Ach tá bealach amháin thart ar an leisc seo – turas a dheanamh i gcuideachta grúpa.

Le daoine a spreagadh chun dul sa seans agus dul ar thuras comórtha, tá Explore ag cur na “single supplement fees” ar leataobh ar 60 dá gcláracha idir seo agus 2 Iúil.

De réir John Telfer, atá leis an chomhlacht le corradh agus 30 bliain agus a bhfuil níos mó ná 100 tír siúlta aige, tá líon na ndaoine atá ag dul ar saoire ag dul i méid.

Cad e an eagla is mó atá ar dhaoine faoin taisteal aonair?

Tá an iliomad cúiseanna a chuireann eagla ar dhaoine agus iad ag meabhrú ar an taisteal aonair: eagla roimh áiteanna agus roimh theangacha úra, a bheith ina suí leo féin ag am suipéir agus imní go dtiocfadh le rudaí dul in aimhréidh in am ar bith.

Cad chuige ar chóir do dhaoine smaoiniú ar chlárú le grúpa?

Beagnach 100% de cheannairí turais s’againn, is de bhunadh na háite iad, mar sin tuigeann siad nósanna na háite agus tá siad mar chuid den chultúr logánta. 

Is taistealaithe aonair iad leathchuid a bheag nó a mhór de na grúpaí a bhíonn linn ar na turasanna grúpa a reáchtálann muid agus déanann na ceannairí iarracht mhór gach duine a chur ar a gcompord agus caidrimh a chothú idir baill an ghrúpa.

Déanann muid ár ndícheall gnéithe corra de thír a thaispeáint dár dtaistealaithe – beár aisteach i gcúlsráid nó ag iarraidh go luath ar maidin le cuairt a thabhairt ar shuíomh shuimiúil éigin turasóireachta.

Anuas air sin, tá deiseanna ann cairde úra a dhéanamh. Bíonn saoire i bhfad níos taitneamhaí nuair a roinneann tú an chraic le daoine eile.

An bhfuil taistealaithe aonair faoi mhíbhuntáiste maidir le praghsanna níos airde?

Thig leis na táillí breise do sheomra singil bheith thar a bheith daor.

Taobh amuigh den díolachán seo, má tá taistealaithe aonair sásta seomra a roinnt le duine eile den inscne ceanna, ní bhíonn an costas breise ann.

Is breá le daoine áirithe seo agus déanann siad arís agus arís eile e.

Tá costais mhóra orainne an díolachán seo a reáchtáil i mí Meithimh agus is é £975, an méid is mo a dtig le duine a shábháil. Sin sabhaill an-mhór ar fad.

An bhfuil níos mó ban ag taistil leo féin ar an aimsir seo?

Tagann cuid mhór daoine chugainn atá ag iarraidh dul thar saile ach ní mian lena bpáirtnéirí. 

Tugann na turais ghrúpa seo deis iontach dóibh sin a dhéanamh go héasca.

Léiríonn na staitisticí gur mó an fonn atá ar mhná os cionn 50 bliain d’aois ná mar atá ar fhir.

Tá dearcadh ann a mhaíonn go bhfuil fir níos eachtrúla ná mná agus go mbíonn siad ag taistil níos mó leo féin ach ní dóigh liom féin go bhfuil sé sin fíor.

Measaim go bhfuil mná níos eachtrúla agus is mó an seans go rachaidh siadsan ar thurais s’againne.

Ar athraigh turais chomórtha mórán le linn na mblianta?

Is cuimhin liom nuair a thosaigh mé féin ag taistil, smaoineamh thar a bheith  rómánsúil a bhí ann go dtiocfadh leat dul go Maracó, mar shampla ach inniu, is féidir turas a shocrú le dul an lá arna mhárach.

Tá bunús na gconstaicí beagnach imithe. 

Do dhaoine atá sna 50idí, na rudaí a bhí deacair nuair a bhí siad níb óige, tá siad níos éasca anois – tá níos mó ama acu, tá an chlann fásta aníos, - agus is deis iontach atá anois acu.

Bím féin ag taistil cuid mhór agus fanann mo bhean sa bhaile.

Má smaoiníonn tú siar go dtí an t-am ar thosaigh muid 36 bliana ó shin, ní raibh ach cúpla bun scríbe ar fáil ag an am.

Bhí áiteanna ar nós Peiriú agus Meicsiceo do-shamhlaithe sna 1980idí ach tá an cineál seo turasóireachta ag éirí níos coitianta de réir a chéile ach go fóill, tá muid ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh –  an tír mar atá sí a thaispeáint do dhaoine agus dul faoin dromchla. 

Tá feabhas i ndiaidh teacht ar chúrsaí lóistín fosta.

Ca bhfuil na háiteanna is mó a bhfuil ráchairt orthu i measc daoine atá ag taistil leo féin?

Tá an-ráchairt ar an Spáinn i measc taistealaithe aonair ach níl mé cinnte cad is cúis leis sin.

Tá níos mó daoine ag dul ar thurasanna siúil nó rothaíochta. Ba mhaith leo bheith cinnte go dtabharfar aire dóibh agus go gcóireofar na rothair má bhriseann siad. 

Cad é an rud is fearr faoin turasóireacht ghrúpa?

Malartú taithí  – ag amharc ar an Taj Mahal go luath ar maidin nó tíogar a fheiceáil don chéad uair.

Tá an chuideachta mar a bheadh both mhacalla ann agus cuireann sé go mór leis an eispéireas.

:: Tá tuilleadh eolais faoin taisteal aonair ar fáil ó explore.co.uk