Irish language

Ó mhéara éisc go sushi – mar a d'athraigh an bia a itheann muid le 60 bliain anuas

NIGELLA LAWSON: Tá difir an domhain idir celebrity chefs an lae inniu agus Fanny agus Johnnie Cradock na 1950idí maidir leis an chuma atá orthu agus maidir leis na beilte a ullmhaíonn siad - ach níl a fhios agam ar ith Nigella méara éisc riamh ina saol
Robert McMillen

1950idí

CÉ GUR tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda i 1945, lean an chiondáil bia ar aghaidh go dtí 1954, mar sin de, bhí tionchar aige sin ar an stuif a d’ith daoine nuair a bhí teorainn ar an méid bia a bhí ar fáil agus ar ndóigh bhí an bia níos costasaí dá réir.

Ach le himeacht aimsire, tháinig borradh faoin fhostaíocht agus bhí níos mo airgid ag daoine, bhí bia nua sna siopaí agus bhí daoine in ann sult a bhaint as blasanna  coimhthíocha.

Den chéad uair, bhí daoine ag ceannach bia reoite - fish fingers agus piseanna mar shampla - bhí málaí tae ar fáil den chéad uair, agus caife ar an toirt.

I gcomparáid leis an bhia atá inár gcófraí inniu, b’éigean beilte a ghiollacht as an úr agus bhí sé measartha teoranta.

1960idí

Is doiligh a chreidbheáil ach i 1961, ní raibh cuisneoir ach i dteach amháin as gach cúigear (bhí teilifíseáin ag corradh le 50%) mar sin b’éigean an chócaireacht a dhéanamh gach lá sa tseachtain agus ba bheag ollmhargadh a bhí ann.

Ni raibh fonn ar dhaoine blasanna úra a thriail, ach bhí athrú ar na gaobhair – thosaigh daoine óga ag cleachtadh bialanna Iodálacha agus bhí an-ráchairt ar an trattoria rud a thosaigh an-toir ar an ghairleog, ar ola olóige agus ar rud an-choimhthíoch ar fad, spaghetti Bolognese.

Trasna na tíre, thosaigh imircigh Shineacha ag oscailt bialanna agus bialanna beir leat le go dtiocfadh leat chop suey, sweet and sour agus chow mein a fháil taobh leis na gnáthbheilte sicín agus sceallóga, im agus arán, agus uibheagáin.

Ar an teilifís, bhí Fanny agus Johnnie Cradock ag teagasc an dóigh le bia bialainne a dhéanamh réidh sa teach agus roimh dheireadh na

1950idí, nuair a bhí cuisneoirí agus aspach (glóthach déanta as stoc feola) ag 50% den daonra, measadh gurbh é an cineál seo bia an rud ab fhaiseanta amuigh.

1970idí

Da mba iad na 1960idí deich mbliana an chuisneora, bhain na 1970idí leis an reoiteoir.

Faoi 1979, bhí ceann i leathchuid de na tithe.Chiallaigh sé seo go raibh bia ‘boil in the bag’ ar fáil den chéad uair.

Chomh maith leis an bhia saoráideach seo (this convenience food) bhí níos mo daoine ag cleachtadh an fheoilséanta, mar sin bhí bia sláinte agus macraibhitheach (macrobiotic) á ithe den chéad uair. 

Bhí an-tóir ar phiseánaigh (pulses) sna 1970idí.

1980idí

Le teacht na 1980idí, bhí daoine cleachtaithe lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh in ollmhargaidh.

Thosaigh an-ráchairt ar bheilte reoite réamhdhéanta – nocht siad ar na seilfeanna den chéad uair ag deireadh na 1970idí – mar gheall ar, cuid mhór, ar líon na micreathonnán a bhí ag teaghlaigh, ar an airgead a bhí le spáráil ag daoine agus cionn is go raibh fir agus mná ag obair níos mo uaireanta sa lá na mar a rinne siad roimhe.

Ni amháin go raibh bhia saoráideach ag saorú daoine ón oigheann ach d’iompaigh an chócaireacht ó chúram riachtanach laethúil ina chaitheamh aimsire.

Nocht irisí, leabhair agus cláracha teilifíse a phléigh bia agus an chócaireacht. 

Anuas air seo, bhí sé ag éirí níba shaoire taistil thar lear, ait ar chuir daoine suim i mbia úr as gach ait ar domhan. 

Thosaigh daoine ag santú trátaí grian-triomaithe, pesto, lus an choire úr (fresh coriander) agus sú talún le linn na bliana agus i lár na cathrach, osclaíodh bialanna Indiacha.

1990idí

Seans mór go ndeachaigh daoine thar fóir maidir le cúrsaí bia sna 1990idí.

Bhí gach cócaire ina “celebrity chefs” phléasc an margadh do leabhair chócaireachta, nocht bia as gach cearn den domhan ar sheilfeanna na n-ollmhargadh.

Athmhúsclaíodh margaidh feirmeoirí agus bhí cuairteanna ar bhialanna mar chaitheamh aimsire a rinne beagnach gach duine.

Thosaigh na siopaí móra ag díol pasta úir agus anlann lena chomóradh agus chonaic muid malaí sailéid ina raibh duilleoga de gach cineál, den chéad uair.

Cad a dhéanaimid feasta gan ruachán (rocket)?

Lasmuigh den Eoraip. bhain muid sult as féar líomóideach na Téalainne, bainne cócó agus sinsear agus thug an polaiteoir Robin Cook “an béile náisiúnta” ar chicken tikka masala! 

2000idí

Sna 2000idí, chuala muid an frasa ‘food porn’ den chéad uair agus thosaigh cócairí aitheanta ag labhairt amach agus iad ag iarraidh go mbeadh bia níos fearr ar fáil i scoileanna na tíre i measc rudaí eile.

Bhí troid ag ceapairí réamh-phacáistithe – a thosaigh sna 1980idí – nuair a chonaic muid sushi réamhphacáistithe agus ábhair eile.

Cé gur lean an fhás sa mhargadh bia saoráideach, bhí daoine ag iarraidh bia níos folláine an t-am ar fad.

agus chonaic muid an focal ceardaí (artisan) - níos minice.

Thosaigh daoine ag iarraidh bia as a gceantracha féin a iarraidh agus bhí rath ar chomhlachtaí beaga a rinne cais nó beoir mar shampla,

 

2010idí

Go dtí seo, is cosúil go bhfuil daoine níos buartha inniu faon dochar a dhéanann bia airithe duit agus faon timpeallacht.

Mar thoradh air seo, tá níos mó daoine ina bhfeoilséantóirí nó tá siad ag ithe bia veigeánach.

Ni hionann sin is a rá nach maith linn bia coimhthíoch a thuilleadh tá suim úr á cur i mbia ón Chóiré , ón Nigéir agus ó Ghana mar shampla.

Is léir go bhfuil athrú ag teacht ar an dóigh a ndéan muid siopadóireacht as seo amach.

Tá fás agus forbairt ag teacht ar sheirbhísí seachadta – ní amháin ó na hollmhargaidh ach ó bhialanna chomh maith, ó scéimeanna ina dtig leat bia réidh le déanamh a a ordú ar líne agus 

Is maith linn i gcónaí bia úra a thriail ach ag an am céanna, is maith linn na beilte a d’ith muid fada ó shin mar tá cuimhní pearsanta fite fuaite iontu.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: