Irish-Language

Léiríonn torthaí fhiosrúchán an Choimisiúin Chomhionannais an géarghá atá le hAcht Gaeilge

<strong>Paul Givan:</strong> Bh&iacute; an tUasal Givan ina aire ar Roinn na bPobal nuair a cuireadh deireadh leis an mhaoini&uacute; don Sc&eacute;im L&iacute;ofa &nbsp;
Paul Givan: Bhí an tUasal Givan ina aire ar Roinn na bPobal nuair a cuireadh deireadh leis an mhaoiniú don Scéim Líofa   Paul Givan: Bhí an tUasal Givan ina aire ar Roinn na bPobal nuair a cuireadh deireadh leis an mhaoiniú don Scéim Líofa  

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh thorthaí fhiosrúcháin an Choimisiún Comhionannais a d’fhógair gur sháraigh an Roinn Pobail na dualgais chomhionannais a bhí orthu maidir leis an chinneadh a glacadh deireadh a chur le scéim sparánachtaí Líofa i Nollaig 2016.

Léirigh an fiosrúchán gur theip ar an Roinn measúnacht tionchair comhionannais a dhéanamh, faoi mar a ba chóir dóibh a dhéanamh faoin dlí, gníomh a sháraíonn scéimeanna comhionannais na Roinne féin. 

Chuige sin, léiríonn fiosrúchán a rinne The Detail ar an 26 Aibreán 2017 gur dhiúltaigh an tAire ag an am Paul Givan MLA DUP an scéim a choinneáil ag dul, in ainneoin na comhairle a thug an Roinn dó:

A ministerial briefing paper prepared for Mr Givan by a senior Department of Communities official advised that the majority of applicants were children from deprived backgrounds whose parents could not otherwise afford the summer language courses in County Donegal.

The document also suggested the option of reducing the size of the fund to avoid its closure, but six days after the five-page report was submitted, an emailed response said: “Minister has commented 'No scheme'." 

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh thorthaí fhiosrúcháin an Choimisiúin Chomhionannais gur theip ar an Roinn dualgais comhionannais a chomhlíonadh i dtaca le Scéim Líofa, cé nach gcuireann an scéal nua seo iontas ar bith orainn.

Cuireadh scéim thrasphobail Líofa ar bun, scéim a ndéantar tástáil acmhainne uirthi, chun deiseanna foghlamtha a chur ar fáil do dhaoine óga, na daoine óga is mó faoi mhíbhuntáiste sna sé chontae. Idir seo agus an taighde atá foilsithe ag The Detail, is léir go raibh clár tomhaiste ann ionsaí a dhéanamh ar an scéim Ghaeilge seo.

Ní raibh anseo ach an cinneadh ba dhéanaí i sraith fhada de chinntí ó Airí de chuid an DUP a d'ionsaigh an Ghaeilge agus an Ghaelscolaíocht. Ní féidir leis an phatrún nó leis an chur chuige seo leanúint ar aghaidh.

Tá bunchosaint de dhíth ar an teanga agus ar an phobal; cuirtear sin ar fáil tríd reachtaíocht cosanta, ceart-bhunaithe don Ghaeilge.”

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge go léiríonn cás Líofa, agus an t-eolas is déanaí atá i ndiaidh theacht chun solais, an géarghá atá ann le reachtaíocht cheart-bhunaithe teanga a dhéanfaidh cosaint ar an Ghaeilge.

"Ón lá a fuair muid ríomhphost Líofa roimh an Nollaig tá an Conradh ag stocaireacht go leanúnach ar son Achta agus an t-éileamh le aghaidh Acht Gaeilge ag méadú i rith an ama," ar sé.

“Spreag an cinneadh leatromach seo frith-ghníomh cumhachtach orgánach ón bhun-aníos, ní amháin chun soláthar na scéime seo a fháil ar ais, ach chun ceist Acht na Gaeilge a bhrú chuig croí-lár chlár na gcainteanna anseo.

Ní mór anois go mbeadh leithscéal ann do phobal na Gaeilge i dtaobh an chinnte leatromaigh seo agus go dtabharfar an t-aitheantas cuí do thábhacht na scéime seo agus scéimeanna eile Gaeilge dá chineál amach anseo.”