Irish-Language

Ní lia tír ná nós maidir le tógáil páistí mar a léiríonn na samplaí seo as seacht dtír

<b>TUISMITHEOIREACHT: </b>Is maith go mb&iacute;onn an teaghlach uilig ag ithe ag an am c&eacute;anna, p&aacute;ist&iacute; san &aacute;ireamh; t&aacute; gr&uacute;pa&iacute; sa Ch&eacute;inia nach maith leo amharc isteach i s&uacute;ile a bp&aacute;ist&iacute; nuair at&aacute; siad ag caoineadh agus sa Bhrasa&iacute;l, b&iacute;onn teaghlaigh mh&oacute;ra ag cuidi&uacute; lena ch&eacute;ile
TUISMITHEOIREACHT: Is maith go mbíonn an teaghlach uilig ag ithe ag an am céanna, páistí san áireamh; tá grúpaí sa Chéinia nach maith leo amharc isteach i súile a bpáist&i TUISMITHEOIREACHT: Is maith go mbíonn an teaghlach uilig ag ithe ag an am céanna, páistí san áireamh; tá grúpaí sa Chéinia nach maith leo amharc isteach i súile a bpáistí nuair atá siad ag caoineadh agus sa Bhrasaíl, bíonn teaghlaigh mhóra ag cuidiú lena chéile

AGUS MÉ ar an bhus go lár chathair Bhéal Feirste, tá sé suimiúil amharc ar iompar daoine eile nuair atá páistí i láthair.

Cuid de na daoine bíonn siad ag iarraidh gáire a bhaint as na leanaí, cuid eile déanann siad neamhaird, agus tá mionlach beag ann nach dtaitníonn páistí leo ar chor ar bith.

Nó Mamaithe óga agus na pramanna ollmhóra a ghlacann spás thrí shuíochán!

Nuair a bhí mé sa Spáinn, an rud is mó a thug mé faoi deara ná an stádas a thugtar do pháistí. Bíonn siad sna caifelanna go dtí go mall san oíche, nó ag siúl lena dtuismitheoirí sna sráideanna ar a 11pm féin.

Anseo in Éirinn, dá bhfeicfeá páistí óga amuigh ar an tsráid nó i gcaife ag tarraingt ar an mheánoíche, chuirfí scairt ar an Roinn Leasa Shóisialaigh!

Tá difríochtaí móra idir na ciníocha agus an dóigh a dtógann siad páistí. Ní hionann tógáil sa dufair agus i Nua Eabhrac, san fhasach nó i Ho Chi Minh City. Níl ceann ar bith níos fearr ná an cheann eile - braitheann siad ar an timpeallacht agus ar an chultúr a chleachtann daoine.

Níl dream amháin contráilte agus an dream eile ceart maidir leis an dóigh a dtugann siad aire dá gcuid páistí.

Dar le Sue Atkins, atá ina parenting coach, tá an fad ceart codlata, go leor bia agus caomhnú de dhíth ar gach páistí is cuma cá hait ar domhan iad.

“Ach, tá difríochtaí iontacha idir na dóigheanna éagsúla a gcuireann tuismitheoirí na haidhmeanna sin i gcrích, ag brath ar an áit ina bhfuil siad ina gcónaí,” ar sí.

Anseo, cuireann sí síos ar sheacht dtír ina gcleachtann tuismitheoirí bealaí éagsúla lena gclanna a thógáil - agus cé acu ba cheart do thuismitheoirí Éireannacha na nósanna ceanna a chleachtadh.

1. An Bhrasaíl

Sa Bhrasaíl, is iondúil go mbeadh cúpla glún a bheith ina gcónaí in aontíos nó i dtithe taobh lena chéile, arsa Atkins. 

Tá sé níos fusa mar sin do Mhamaí agus do Dhaidí cuidiú a fháil “ón tsráidbhaile” nuair atá duine de dhíth le aire a thabhairt do na páistí.

I dtíortha eile - an Spáinn, an Ghréig, an India agus an Iodáil ina measc - creidtear go bhfuil páistí níos fearr as nuair a thógtar iad i dteaghlach sínte iad.

Ní fheiceann Atkins fáth ar bith nach n-éireodh leis seo sa Bhreatain nó in Éirinn ach go bhfuil saol athraithe cuid mhór sna tíortha sin. 

“Tá daoine ina gcónaí níos faide ar shiúl óna dteaghlaigh ná mar a bhíodh fiú glún ó shin mar sin tá an caidreamh sin idir muid agus an teaghlach i ndiaidh dul i léig.

2. An Fhionlainn

Ní thosaíonn an scolaíocht do pháistí san Fhionlainn go dtí go bhfuil siad seacht mbliana d’aois agus sna naíonraí, bíonn an bhéim ar an imirt chruthaitheach. 

Cuirtear am ar leataobh le go mbeadh na páistí taobh amuigh, tá an lá scoile níos giorra ná mar atá sé in Éirinn agus tá níos mó éagsúlachta sna hábhair a mbíonn daoine óga ag déanamh staidéir orthu.

“Sa Ríocht Aontaithe,” arsa Atkins, “tá muid ag gearradh siar ar an am a mbíonn páistí ag súgradh le níos mó ranganna acadúla a thabhairt dóibh, ag laghdú an ama ina dteagasctar ealaín agus ceol agus mar sin de.

“Ar an lámh eile, measann oideachasóirí san Fhionlainn go bhfuil an ealaín agus an ceol agus eacnamaíocht bhaile agus scileanna saoil riachtanach sa chóras oideachais.”

3. An Chóiré Theas

Sa Chóiré Theas, cuirtear in iúl do pháistí gur fearr bia a ithe nuair atá daoine eile thart orthu agus caitheann siad fanacht go dtí go bhfuil gach duine den chlann réidh le suí síos sula n-itheann siad.

Tá buntáistí móra ag baint leis seo – an sásamh moillithe (delayed gratification) ar cheann acu – cé go mbíonn sé deacair do theaghlaigh ghnóthach, bheadh sé ina buntáiste in Éirinn fosta dá n-íosfadh gach duine le chéile.

4. Oileáin na Polainéise

Chomh luath is atá páistí in ann siúl ar oileáin na Pholainéiseacha, is minic a amharcann páistí eile ina ndiaidh don chuid is mó den lá.

Mar thoradh air seo, baineann tachráin neamh-spleáchas amach níos luaithe ná mar a dhéanann siad abhus.

Ní dócha go n-oibreodh sé seo in Éirinn, dar liom féin.

5. An Chéinia

An mhuintir Kisii sa Chéinia,creideann siad má amharcann tú isteach i súile linbh atá ag caoineadh, go bhfuil tú ag tabhairt cumhachta dóibh, mar sin de, seachnaíonn tuismitheoirí féachaint sna súile.

Ní bhíonn na páistí ag santú airde a oiread mar gheall air seo, a deirtear.

Ach ní mholann Sue Atkins an cur chuige seo dúinne.

“Is breá le páistí breathnú sa tsúil mar go gceanglaíonn sé an paiste leis an chúramóir.”

Ní mholann sí an nós dúinne.

6. An Danmhairg

De réir Bupa Global, níl sé as an choitiantacht, babaithe a fheiceáil agus iad ina gcodladh taobh amuigh de bhialanna le linn do na tuismitheoirí bheith ag breathnú orthu ón taobh istigh.

Déantar seo le go mbeidh an oiread agus is féidir am faoin aer – frisk luft – a thabhairt do na páistí mar go gcreideann daoine sna tíortha Lochlannacha go bhfuil an t-aer fuar saor ó thruailliú agus go gcuidíonn sé leis na tachráin.

Níl an t-aer chomh folláin sin sna cathracha ar ndóigh!

7. An Spáinn

Agus saineolaithe tuismitheoireachta anseo in Éirinn iontach tugtha do ghnáthaimh dhochta do phaistí,  is fearr le cultúir eile an bhéim a chur ar fhorbairt dhea-scileanna sóisialta agus ar scileanna maithe cumarsáide.

Mar a luaigh mé cheana, in áit dul a luí go luath, tugtar tachráin agus páistí amach lena dtuismitheoirí agus lena seantuismitheoirí ar feadh an tráthnóna mar creidtear go gcuidíonn sé le scileanna sóisialta na bpáistí.

Cé acu cuireann sé isteach ar chodladh na bpáistí nó nach gcuireann, braitheann sé sin ar dhearcadh na dtuismitheoirí. 

Rogha s’agatsa atá ann.