Irish language

An bhfuil sé in am againn gluaiseachtaí úra ceart sibhialta a chur ar bun arís?

SEOSAMH Ó CUAIG: Chonaic Seosamh agus a chomhleacaithe i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaelteachta an borradh teacht agus imeacht ach an bhfuil an sprid i measc na ndaoine inniu le aghaidh a thabhairt ar an neamhaird agus an neamart sa lá atá inniu ann? 
Robert McMillen

BHÍ Gluaiseacht na gCeart Sibhialta ar na gluaiseachtaí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ar fud na cruinne sna 1960idí agus daoine gorma i Meiriceá ag iarraidh cothrom na Féinne a bhaint amach dóibh féin.

In éadan na géar-iomaíochta agus an fhoréigin ó chuid den

chine gheal, bhain an ghluaiseacht chuid dá haidhmeanna éagsúla amach fiú agus modhanna síochána á gcleachtadh acu.

Sin ráite, i Meiriceá an lae inniu, is cosúil go bhfuil an ciníochas ag dul ó neart go neart (cé go raibh an chéad Uachtarán dubh, Barak Obama, sa Teach Bhán) agus tá gluaiseacht eile sa tsiúl le ceart an chine ghoirm a chosaint, mar Black Lives Matter.

Mar sin de, tá an cheist á cur, an bhfuil Gluaiseacht na gCeart Sibhialta eile de dhíth ar an chine ghorm sna Stáit Aontaithe?

Ar ndóigh, spreag an ghluaiseacht sin sna Stáit Aontaithe Gluaiseacht na gCeart Sibhialta Thuaisceart Éireann anseo in Éirinn le troid in éadan an leatroim a bhí á imirt ar Chaitlicigh sa stát ó thuaidh.

Tháinig coimhlint fhuilteach 40-bliain mar thoradh ar an teip theacht ar réiteach gasta agus cé go bhfuil éilimh na Gluaiseachta ó thuaidh bainte amach, deirtear go bhfuil gá le gluaiseacht úr le cearta a éileamh do Ghaeilgeoirí, do mhná agus don phobal aerach.

Mar a gcéanna le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bunaíodh i 1969 le saol níos fearr a chruthú do mhuintir na Gaeltachta, pobal ar a raibh dearmad agus neamhaird déanta ag an rialtais air ó bhunaíodh an stát.

Ní raibh clú ar mhuintir na Gaeltachta as an réabhlóideachas mar sin, cad é a chuir an lasair sa bharrach le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bhunú?

“Bhuel, bhí muid uilig óg ag an am,” arsa Seosamh Ó Cuaig, duine de bhunaitheoirí na heagraíochta, agus mé ag caint leis inné.

“Bhí cuid de na daoine tar éis dul chun na hollscoile agus bhí siad ag fanacht thart sa mbaile. 

“An tráth sin, bhí daoine ag iarraidh cearta sibhialta i Meiriceá, agus bhí réabhlóid ag dul ar aghaidh sa bhFraince agus bhí NICRA ar obair ó thuaidh.”

Ar na chéad agóidí a bhí ag muintir na Gaeltachta in éadan na bunaíochta Béarla ná quiz teilifíse a raibh an-rath air ag an am, Quicksilver ina raibh Bunny Carr.

“I 1969, tháinig sé go Cois Fharraige den chéad uair ach bhí an clár ar fad i mBéarla mar sin rinne muid agóid ina éadan.

“Ansin chuir muid Peadar Mac an Iomaire chun cinn i dtoghchán na bliana sin agus fuair sé níos mo vótaí na mar a fuair Michael D Higgins! An gcreidfeá é sin?”

Maidir le Seosamh é féin, bhí sé i nDoire an oíche tar éis Chath Thaobh an Bhogaigh agus b’ansin a chuala sé agus a chairde an stáisiún bradach raidió, Radio Free Derry. Uaidh sin a tháinig an smaoineamh stáisiún bradach a chur ar bun i gConamara.

Ar ndóigh, as an stáisiún bradach a d’eascair Raidió na Gaeltachta agus an dtiocfadh TG4 ar an saol mura raibh RnaG ann roimhe?

Ocht n-aidhm a bhí ag Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, cé nach raibh siad sin a bhí ag an chéad chruinniú dóchasach go mbainfí amach iad go brach, dáiríre.

Sin ráite, bunaíodh an stáisiún raidió, bunaíodh Údarás na Gaeltachta (dá lochtaí é), cuireadh breis infheistíochta sna ceantair Ghaeltachta (dá laghad é).

Ar feadh tamaill, bhí bród as an nua ag muintir na Gaeltachta as a saibhreas cultúir féin.

I 1974, d’éirigh leo Oireachtas na Gaeilge a thabhairt go Conamara. Ba é an chéad uair riamh gur reáchtáladh an ócáid mhór taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, gníomh

shiombalach a thug féin-

mhuinín do phobal na Gaeltachta.

Ach níor eascair an tairbhe a sileadh go n-eascródh as an fheachtas ina iomláine.

Táthar anois sa Ghaeltacht, mar a tharla sna Stáit Aontaithe agus ó thuaidh, ag cur na ceiste an mithid sprid na ngluaiseachtaí ceart sibhialta a athmhúscailt le dul i ngleic le cúinsí an lae inniu.

Is cinnte gur feidir le gniomhaithe sóisialta agus teanga an tuaiscirt agus a macasamhail ón Ghaeltacht cuid mhór a fhoghlaim óna chéile cé go bhfui difríochtaí móra agus tá ócáid beartaithe don tseachtain seo chugainn leis na féideartheachtaí a phlé.   

 

Beidh Seosamh Ó Cuaig, Gormfhlaith Ní Thuairisc, Edel Ní Curraoin agus Feargal Mac Ionnrachtaigh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste Dé Máirt, 29 Bealtaine ar 7pm le labhairt fán ghluaiseacht agus cearta sibhialta thiar san am sin agus sa lá atá inniu ann. Beidh deis ann fosta amharc ar an chlár faisnéise An Mar a Chéile Muid?

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: