Irish-Language

Na cuibhrinn bheaga glas’ is bhuí ar thaobh na gcnoc is na ngleann

<b>M&Eacute;ARA GLASA: </b>Is ioma&iacute; bunt&aacute;iste at&aacute; ag an gharra&iacute;od&oacute;ireacht don tsl&aacute;int, don mheabharshl&aacute;inte &ndash; agus don ph&oacute;ca mar is f&eacute;idir na glasra&iacute; agus na torthta&iacute; a dh&iacute;ol ag an mhargadh
MÉARA GLASA: Is iomaí buntáiste atá ag an gharraíodóireacht don tsláint, don mheabharshláinte – agus don phóca mar is féidir na glasraí agus na torthtaí a dh& MÉARA GLASA: Is iomaí buntáiste atá ag an gharraíodóireacht don tsláint, don mheabharshláinte – agus don phóca mar is féidir na glasraí agus na torthtaí a dhíol ag an mhargadh

Bhíodh clár ar an teilifís na mílte bliain ó shin dár teideal The Good Life, ina raibh lánúin ag iarraidh an féinleorga (self-sufficiency) a bhaint amach.

Rinne na comharsanaigh beag is fi díobh, ar ndóigh, mar bhí sé amuigh ar lucht an féinleorga an t-am sin – lár na 1970idí – go raibh siad rud beag corr.

Inniu, áfach, tá fhios ag an tsaol mhór a fheabhas tá na cuibhrinn do mheabhairshláinte agus d’fholláine fhisiceach an duine, áit a dtig le daoine torthaí agus glasraí a fhás, am a chaitheamh amuigh faoin aer, nó sult a bhaint as garraí beag glas dá gcuid féin i lár na cathrach féin. 

Tá sé seo á léiriú go soiléir i ndá chlár a bheidh le feiceáil an Domhnach agus ar an Luain seo romhainn ar BBC 2 a insíonn scéal chuid de na daoine a bhfuil “méara glasa” orthu.

Idir 2008 agus 2009, chuir Páirtnéireacht Chomharsanacht Chollann (Colin Neighbourhood Partnership nó CNP) tús le tionscnamh le cuibhrinn a chur ar fáil do phobal Chollann in iarthar Bhéal Feirste, mar gheall ar an éileamh ar spásanna garraíodóireachta taobh amuigh.

Ag an am sin, ní raibh ann ach 7.5 acra de thalamh garbh tréigthe ach tá forbairt déanta air agus anois, tá sé ar cheann de na háiteanna is mó agus is uathúla dá leithéid.

Is le roinnt grúpaí pobail, meabhairshláinte agus gníomhaíochta um míchumas é anois. Faoi láthair, tá 112 ceapóg ar leith ann, agus tá garraíodóirí amaitéaracha ó gach cultúr agus ó gach traidisiún i mbun a saothraithe.

In Na Cuimhrinn, tugtar spléachadh thar a bheith spéisiúil ar shaol cuid de na daoine atá páirteach ann, agus cluinfear óna mbéal féin faoin saol teaghlaigh, oibre agus fóillíochta atá acu

agus nochtfar cuid de na scéalta daonna atá taobh thiar den ghrúpa garraíodóirí oilte seo.

Agus foghlaimeoidh muid cén fáth a bhfuil dúil chomh mór sin san áit ag na daoine a shaothraíonn a gceapóga ann, beag beann ar dhea-aimsir nó ar dhrochaimsir agus beidh léargas againn ar obair an phobail dhlúith seo.

Ar na daoine atá sa chlár, tá Conall, ceannasaí de chuid na Briogáide Dóiteáin, a d’fhás aníos faoin tuath ach a tháinig go Béal Feirste lena bhean chéile, a rugadh i nDoire, lena dtriúr páistí a thógáil sa chathair.

Casfaidh muid le hAntoine agus lena bhean chéile Elita, a rugadh i gCeanada agus a labhraíonn Spáinnis. 

Tugann an lánúin a gclann mhac go dtí na cuibhrinn bunús achan deireadh seachtaine, beag beann ar an aimsir. 

Tá súil ag Elita go bhfoghlaimeoidh sí Gaeilge ón phobal láidir Gaeilge a bhíonn ag freastal ar na cuibhrinn, agus i mbliana, is é Antoine atá freagrach as an cheapóg a shaothrú, obair a dhéanadh Elita chomh sciliúil sin go dtí seo.

Is as cheantar Chollain do Cholm agus tá an cuibhreann aige le sé bliana anuas. 

Tá Colm iontach bródúil as Méabha, a iníon sé bliana d’aois, agus is é an rud is fearr leis ná dul chuig an cheapóg léi le bheith ag obair agus ag súgradh ann. 

Is col ceathrar le Colm í Aoibheann agus tá cuibhreann aici siúd le corradh agus trí bliana.

Is cócaire díograiseach í, agus is breá léi torthaí agus glasraí dá cuid féin a fhás, ach deir sí go bhfuil níos mó ná bia i gceist le cuibhrinn Chollann – is mó an bhaint atá ag na cuibhrinn le spiorad an phobail agus leis an timpeallacht.

Bhí roinnt ceapóg ag Mickey ag an láithreán i gceantar Collann ó osclaíodh é an chéad lá riamh. 

Is saorálaí thar a bheith gníomhach é, agus chomh maith leis sin, oibríonn sé do Chomhairle Chathair Bhéal Feirste agus é ag déanamh maoirseachta ar láithreáin chuibhreann ar fud na cathrach.

Chomh maith leis sin, cluinfidh muid ó Fhionnghuala, príomhoide bunscoile a thugann páistí na scoile chuig a cuibhreann féin go minic lena fháil amach cad é mar atá sé ranganna a fháil i seomra ranga faoin aer agus cá has a dtagann an bia a itheann siad. 

Sa tsraith dhá chlár, a rinne Imagine Media do BBC Gaeilge, tugtar léargas domhain ar shaol na ndaoine seo ar feadh bliana, agus iad ag fás a gcuid luibheanna agus glasraí agus iad féin

ag fás mar phobal i gcoillearnach iargúlta ar imeall chathair Bhéal Feirste. 

Ba cheart go spreagfadh an dá chlár daoine eile a bhfuil spás nó a bhfuil gairdin acu a gcuid bia féin a fhás. Ní amháin go sábháiltear airgead ach tá an bia níos blasta agus níos folláine. 

Beidh Na Cuibhrinn  le feiceáil ar BBC Two NI Dé Domhnaigh 20 Bealtaine ag 10.30in agus Dé Luain 21 Bealtaine ag 10in.

Is é Imagine Media a léirigh Na Cuibhrinn do BBC Gaeilge le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scaileán Thuaisceart Éireann.