Irish language

An bhfuil naimhdeas do theangacha mionlaithe ag dul i méid san Eoraip?

AN tOLLAMH BERNADETTE O’ROURKE: Beidh an Cláiríneach mná ag tabhairt cainte ar an éadulaingt i leith teangacha mionlaithe ar fud na hEorpa, tuaisceart na hÉireann san áireamh, in Ollscoil na Ríona an mhí seo
Robert McMIllen

BHÍ fear céile an Ollaimh Bernie O’Rourke ag siopadóireacht i nDún Éideann. 

Francach atá ann agus bhí sé ag caint idir Fhraincis agus Bhéarla agus beagáinín Gàidhlig lena mhac nuair a tháinig fear a fhad leo agus dúirt: “Tá sibh sa Ríocht Aontaithe. Labhraígí Béarla.”

Tá léite againn faoi shamplaí eile den éadulaingt seo in éadan teangacha sa Bhreatain fiú sular vótáil an Ríocht Aontaithe ar son na Breatimeachta in 2016.

An tseachtain seo caite, tuairiscíodh gur ionsaíodh bean Spáinneach a bhí ag caint lena cairde ina teanga dhúchais ar an Tube i Londain. Tarraingíodh leis an ghruaig í agus insíodh dí gur chóir di Béarla a labhairt agus í i Sasana.

Iontach go leor, b’fhéidir, deirtear gur mná dubha a bhí sna hionsaitheoirí.  

I Meiriceá, go gearr i ndiaidh é bheith insealbhaithe mar Uachtarán, bhain Donald Trump an leagan Spáinnise de shuíomh idirlín an Tí Bháin.

Anseo sna Sé Chontae, ní rud as an ghnáth é naimhdeas a bheith ag daoine áirithe don Ghaeilge.

An sampla is déanaí? Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go mbeadh turasanna treoraithe Gaeilge á reáchtáil ag Clochán na bhFomhórach ach tá na húdaráis ansin ag diúltú don achainí cé go bhfuil turasanna ann i 10 dteanga eile. 

Ar ndóigh, mar atá a fhios againn, níl an cineál seo leatroim teoranta don Bhreatain agus d’Éirinn agus tá bean a bhfuil fios a gnoithe aici faoi na cúrsaí seo ag teacht go Béal Feirste leis an

chéad léacht bhliantúil phoiblí faoi choimirce Roinn na Gaeilge in Ollscoil na Banríona a thabhairt an tseachtain seo chugainn.

Is í An tOllamh Bernadette Ó’Rourke ó Ollscoil Heriot-Watt, Dún Éideann a thabharfaidh an léacht arb é a teideal The authority to speak — Linguistic intolerance, anonymity and monolingual regimes.

Tá Gaeilge, Béarla, Spáinnis agus Gailísis ag Bernie arb as Contae an Chláir ó dhúchas di agus tá sí ag foghlaim Gaeilge na hAlban faoi láthair.

Tá sí anois ag teagasc in Ollscoil Heriot Watt agus suim ar leith aici i “nua-chainteoirí” daoine a labhraíonn teanga áirithe cé nach í a dteanga dhúchais í.

Deir sí go bhfuil an hargóintí céanna in úsáid ag na Gaelic-bashers in Albain in éadan na Gàidhlig is atá ag lucht chainte na Gaeilge abhus.

“Bíonn siad i gcónaí ag caint ar chostais aistriúchán agus bíonn síor-áibhéil ar bun acu agus iad ag plé na costais a bhaineann leis an teanga.

“Deir siad nach fiú airgead ar bith a chaitheamh cionn is nach labhraíonn ach 1% den daonra an teanga,” arsa Bernie.

"Meastar go bhfuil idé-eolaíochtaí taobh thiar de mhionteangacha a thiocfaidh salach ar an mhórtheanga ach déantar dearmad go bhfuil idé-eolaíochtaí thaobh thiar de gach teanga," ar sí.

Is é atá in “an anonymous language” ná teanga nach gceistíonn aonduine.

Ní cheistítear an Béarla i Sasana nó an Fhraincis sa Fhrainc nó an Ghearmáinis sa Ghearmáin ach tá idé-eolaíochtaí fite fuaite sna teangacha sin a bhaineann le luacha comónta an lucht labhartha.

Seo mar a mhíníonn Bernie caint s’aici:

“Faoi láthair, tá na cúinsí polaitiúla agus sóisialta ag cur go mór leis an éadulaingt teanga ar fud na cruinne ag leibhéalacha éagsúla.” ar sí.

“Sa chaint, labhróidh mé faoin na hidé-eolaíochtaí atá taobh thiar den éadulaingt seo agus ar na fáthanna go dtugtar údarás breise do réimsí áirithe cainteoirí (cainteoirí úra, cainteoirí dúchais) agus do lucht labhartha teangacha áirithe (mórtheangacha agus mionteangacha) taobh le cainteoirí eile. 

“Beidh mé ag tarraingt as coincheap ar a thugtar neamh-ainmníocht nó anonymity, coincheap atá scagtha ag Gal agus Woolard ina leabhar Languages and publics: The making of authority (2001) ina ndéan siad tagairt don réimse poiblí (ar cheart dó gach duine a chuimsiú ach a thugann guth do chainteoirí áirithe ach ní do chainteoirí eile.)

Beidh sé suimiúil an chreat acadúil atá curtha le chéile ag Bernie agus ag a comhghleacaithe ar fud an domhain a chur i gcomparáid leis an caidreamh idir gnáth-thaithí chainteoirí Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann, chainteoirí Gáidhlig in Albain agus chainteoirí mhionteangacha thuaisceart na Spáinne. 

 

Is ar an Chéadaoin 25 Aibreán a bheidh an léacht, ag toiseacht ar a 6pm.

Tá saorchead isteach agus beidh fáiltiú agus sólaistí ann i ndiaidh na léachta (a bheidh trí mheán an Bhéarla i mbliana).

Is féidir clárú ag goo.gl/G1TQQz   

 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: