Irish language

Cá mhéad aip atá ar d'fhón póca agus an mbaineann tú úsáid astu uilig?

MICHAEL D.UOLINGO: Bhuail Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUiginn leis na daoine a chuir an cúrsa Gaeilge le chéile ar an aip Duolingo agus faoi láthair, tá corradh le 2.3 milliún duine ag foghlaim na teanga ar an aip 
Robert McMillen

Categories

IS DÓCHA go bhfuil guthán póca agat agus nach bhfuil a fhios agat cad é a rinne tú roimhe. Tá mé féin mar a gcéanna.

Mar shampla, bhí mé i Londan i inne le m’iníon agus tháinig an tuar faoin tairngreacht - d’imigh sí léi ag siopadóireacht a fhad is a bhí mise ag iarraidh obair a dhéanamh ar mo ríomhaire ghlúine.

Chuir sé iontas orm féin go raibh sé 47 mbliana ó bhí mé i Londan den chead uair (cionn is nach bhfuil mé ach 25 bliana d’aois!)

Agus mé ag dul chun an bhaile, bhí an t-imbraighdeanas á thabhairt isteach agus is cuimhin liom bheith ag breathnú ar fhógraí nuachta an Evening Standard agus de réir mar a shiúil mé thar leo bhí líon na ndaoine a maraíodh ag méadú i rith an ama sa mhí uafásach sin, Lúnasa 1971.

Tá athrú mór i ndiaidh teacht orm féin san idirlinn agus ar Londain mar a gceanna. Leoga, tá an saol ar fad athraithe as a riocht. Na mhinic a cailleadh mé agus mé ag siúl ón phub ina raibh mé ag obair i Swiss Cottage go dtí an áit ina raibh mé ag stopadh le cara de mo chuid, i dtigh a dheirfiúr nó ag siopadóireacht i gceantar shráid Oxford, nó ag siúl in Hyde Park, nó ag iarraidh teacht ar phubanna Éireannacha.

Ní bheidh mé caillte arís cionn is go bhfuil guthán póca agam agus Google Maps air.

Sin an fáth go raibh mé ábalta bualadh le mo iníon agus í i gceantar Harley Street. Cuireann sé i iontas i dtólamh orm go bhfuil satailít thuas sa speir ag coinneáil súil orm agus mo threorú go dtí an ait a bhfuil mé ag iarraidh dul, bíodh sé i mBéal Feirste, i mBré Chualann nó i mBéising.

Chonaic muid Tomorrow’s World ar an teilifís (le Raymond Baxter agus le James Burke arb as Doire dó agus le láithreoirí eile, Judith Hann ina measc) ach ní thiocfadh linn a chreidbheáil nó a shamhlú go mbeadh an saol chomh hiontach sin ó thaobh na teicneolaíochta de.

Bhí Léarscáileanna Goggle in an mé a stiúradh cúpla míle fríd chúlsráideanna cheann de na cathracha is mó ar domhan, glór binn ag inse dom faoin chead chasadh eile.

Mar sin, thosaigh mé ag meabhrú ar na haipeanna is tábhachtaí atá agam.

Beidh difir idir mé agus gach duine eile. Rudaí atá tábhachtach domsa, ní bheidh úsáid ag duine ar bith eile leo.

Cinnte, bíonn mo ghuthán ag feidhmiú mar, er, ghuthán agus bím in ann phoist a chur agus a fháil.

Bím in ann dul ar an idirlíon le haghaidh eolais ar gach cineál rud faoin spéir.

Tá na céadta aip anois agus an Ghaeilge in úsáid iontu.

Tá ag éirí go hiontach leis an aip fhoghlamtha teanga, Duolingo, foghlaimeoirí Gaeilge a mhealladh agus a bunús acu i Stáit Aontaithe Mheiriceá.  

Tá aipeanna do pháistí (Bábóg Baby agus Cula4 ina measc), foclóirí Gaeilge, aipeanna a chuireann Gaeil i dteagmháil lena cheile agus na céadta eile.

Agus muid ag treabhadh fríd First Steps in IrishProgress in Irish, ní thiocfadh linn a mheabhrú go mbeadh a leithéid ann.

Thig linn éisteacht le cláracha Gaeilge an BBC, le Raidió na Gaeltachta agus Raidió Rí-Rá agus stáisiúin eile.

Ar an bhus nó ar an traein, thig linn sult a bhaint as an raidió am ar bith den lá ar an ghuthán (nó ar tháibléid nó ar ríomhaire ghlúine).

Thig linn siamsaíocht a roghnú nó oideachas.

Ar na haipeanna is fearr liom féin tá Podcasts, agus nuair a tá mé amuigh ag siúl, éistim le The History Show de chiud RTÉ nó Coffee Break Spanish mar tá mé ag foghlaim Spáinnise faoi láthair. Thig lom éisteacht le RNE fosta, cainéal stáit na Spáinne. Beo agus mé ag siúl ar an Sliabh Dubh!

Éistim fosta le Callan’s Kicks le Oliver Callan nuair atá aoir ag teastáil uaim.

Seachnaím a oiread agus is féidir an poll sin ar a thugtar Netflix ach thig liom breathnú air ait ar bith, am ar bith agus gan ceangal wi-fi ag teastáil cionn is go bhfuil mé leis an chomhlacht Three. (Níl a fhios agam an bhfuil sé amhlaidh le hiompróirí eile).

Ar an dóigh sin, thig mé faoi gheasa ag The End of the F******g World (yea, tá cuid mhór mionnaí móra ann) agus ar ndóigh an tsraith Éireannach, The Young Offenders.  

Thig liom breathnú ar iPlayer an BBC, an RTÉ Player agus Seinnteoir TG4.

Agus mé ag iarraidh an t-am a chur thart, breathnaím ar vimeo nó ar youtube, arís ar an ghléas bheag sin i mo phóca.

Ó thaobh an cheoil de, tá na milliúin albam ar fail dom le cúpla cliceáil ar Spotify.

Coinním i dteagmháil le cairde ar facebook agus le 

daoine cliste agus le corr-ghealt ar twitter. Bainim úsáid as teachtaireachtaí agus as facetime agus as messenger le labhairt le mo chairde.

Thig liom iasc agus sceallóg a ordú ar an aip atá agam don chippy áitiúil!        

Ach is é Star Walk 2 an aip is fearr liom faoi láthair. Istoíche nó i rith an lae, taobh istigh nó taobh amuigh dom, thig liom na réaltbhuíonta (constellations) a fheiceáil agus a n-ainmneacha leo. thig liom pláinéid agus satailití a aimsiú go furasta. Tá sé go hiomlán draíochta.

Ach cé hiad na haipeanna is fearr leatsa?

Cad e an cluiche ar líne is mó a bhfuil dúil agat ann? 

Cá mhéad aip atá agat ar do ghuthán? An fearr leat iphone nó android? Cad é an aip is mó a chuireann isteach ort? An bhfuil aipeanna maith don tsochaí go ginearálta?

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Categories

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: