Irish language

CCEA ag déanamh éachtaí áiseanna agus oiliúint den scoth a chur ar fáil

FONN LE GAEILGE: Bhí múinteoirí ó earnáil na Gaelscolaíochta i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste leis na háiseanna is úre a fheiceáil agus comhairle a fháil ó (ó chlé) Seán Mac Nia, Fionnuala Ní Mhealláin, Risteard Mac Daibhéid agus Padaí de Bléine 
Robert McMillen

Tá soláthar scoth an oideachais bunaithe ar chuid mhór gnéithe éagsúla agus tháinig cuid de na gnéithe sin le chéile Dé Céadaoin seo caite i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire i mBéal Feirste nuair a reáchtáil foireann na Gaelscolaíochta ag an CCEA sraith ceardlann do mhúinteoirí Eochairchéim 1 agus Eochairchéim 2. 

Tá múinteoirí díograiseacha agus oilte ar na riachtanais is mó san oideachas agus tháinig scaifte breá acu go Coláiste

Mhuire do cheardlanna ar an fhilíocht, ar an léamh-thuiscint agus ar úrscéalta a d’aistrigh foireann an CCEA féin. 

Chomh maith le múinteoirí lán-ábalta, tá áiseanna thar a bheith tábhachtach i ngach cineál scoile, agus ní amháin sin ach ní fiú an t-ábhar is fearr a bheith agat mura gcuirtear oiliúint ar fáil do na  múinteoirí ar na dóigheanna is fearr le húsáid a bhaint as na háiseanna céanna.

Dé Céadaoin seo caite, tharla sé gur ‘Lá Domhanda na Filíochta’ a bhí ann agus ba thráthúil é gur seoladh áis úr don fhilíocht, Fonn le Filíocht a chuir an múinteoir Gaelscoile, Fionnuala Ní Mhealláin le chéile.

Mar sin, tháinig múinteoirí díograiseacha, áiseanna úrnua agus an oiliúint chuí le chéile ar an lá.

Is é an CCEA (an Chomhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe) atá freagrach as tacaíocht a thabhairt d’earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh,  

Ag dul siar 10 mbliana, ba thearc áiseanna den chéad ghrád a bhí ag Gaelscoileanna go dtí gur ceapadh Caitríona Ruane mar Aire Oideachais in 2007 agus chuir sise na cóngair ghalánta a bhí in earnáil an Bhéarla taobh leis na leathanaigh fhotochópáilte a bhí san earnáil lán-Ghaeilge agus uaidh sin bhunaigh sí foireann taobh istigh den CCEA lena luach a thabhairt do Ghaelscoileanna.

“Is dócha gur chreid daoine gur áiseanna amháin a bhí i gceist ach bhí na riachtanais i bhfad níos leithne ná sin,” arsa Seán Mac Nia, Clár-bhainisteoir Gaeloideachas an CCEA.

“Mar shampla, bhí scrúduithe le forbairt, aistriúcháin le déanamh ar na scrúduithe, measúnú le forbairt a bheadh in oiriúint don earnáil agus mar sin de.”

Deir Seán, maidir leis na háiseanna, go raibh beagán ar fáil. Bhí an tÁisionad ag cur stuif ar dóigh ar fáil ach ní raibh go leor ann.

“Bhí acmhainn ar leith againne dar teideal Ilmheáin, ábhar idirghníomhach agus ábhar le cur i gcló, agus bhí sé seo uilig iontach áisiúil ach bhí cuid mhór bearnaí le líonadh – léamh-thuiscint, ábhar léitheoireachta agus filíocht san áireamh – agus ag an tús rinne muid cuid mhór mhór stuif a bhí ag tacú leis an churaclam féin agus an stuif a bhí ann i mBéarla, d’aistrigh muid sin.”

Ach ina dhiaidh sin, dhírigh muid isteach ar stuif a bhí scríofa i nGaeilge ó bhun,” ar sé.

Bhí ionchur agus cruthaitheacht na múinteoirí féin iontach tábhachtach anseo. 

Chuir Fionnuala Ní Mhealláin Camaimis agus an ceann is úire, Fonn le Filíocht le chéile agus tháinig Risteard Mac Daibhéid chun tosaigh le Taisce Tuisceana a bhí chun cinn an léamh-thuiscint a chur ar fáil don earnáil, gné nárbh ann dó roimhe sin.

“Leoga, déarfainn nár thuig bunús na múinteoirí cad ba léamh-thuiscint ann,” arsa Seán ach molann sé go mór na múinteoirí agus na hoideachasóirí eile sin a tháinig chun cinn le smaointe.

Luaigh Seán an dóigh ar foilsigh an CCEA leabhar amháin. 

“Bhí Padaí de Bléine ar cuairt ar Iarsmalann Ann Frank in Amstardam agus mhothaigh sé go raibh scéal a beatha le fáil san iliomad teangacha ach nach raibh sé ar fáil i nGaeilge.

“Spreag sé sin comhrá i measc a chomhghleacaithe agus ó na comhráití sin, cinneadh ar Dialann Ann Frank a fhoilsiú i nGaeilge mar Dialann Chailín Óig agus é aistrithe ag Padaí féin.”

Is breá ann iad na haistriúcháin ach tá ceisteanna casta le sárú ar

tús – caighdeán na n-aistriúchán, leibhéal deacrachta na teanga agus araile – agus cé go dtuigeann Seán do dhaoine atá go dubh in éadan aistriúchán, daoine a deir gur fearr i gcónaí scéalta a scríobh i nGaeilge ar tús ach cuireann Seán an cheist, cad é an dóigh eile ina bhfaighidh muid stuif den chineál seo?

“Tá na mílte ceist le freagairt ach déanann muid ár ndícheall oiread bearnaí a líonadh agus is féidir agus oiread gnéithe éagsúla a chlúdach agus is féidir.

“Tá cuid mhór déanta againn ach tá go leor le déanamh fós,” arsa Seán.

Ar ndóigh, tá gné eile i gceist leis an oideachas – an páiste – mar sin chuir mé ceist ar Phadaí de Bléine atá ina Léachtóir Sinsearach le Gaeilge agus le Litríocht an Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire cad é an t-aischothú a bhí á fháil ó na daltaí, fríd a múinteoirí ar ndóigh.

“Cinnte, faigheann muid aischothú ó chuid de na scoileanna agus tá sé iontach dearfach, a bhuíochas le Dia,” ar sé.

“Tá Risteard Mac Daibhéid ag obair i nGaelscoil na gCrann ar an Ómaigh, agus deir seisean gur mó an sult a bhaineann na daltaí as an leagan Gaeilge ná as an leagan Béarla.

“Mothaím féin, má tá páiste ag iarraidh leabhar a léamh i rang a 6 nó a 7, cad chuige nach mbeadh an rogha ag an dalta i nGaelscoil Tora Tora mar shampla a léamh i nGaeilge agus gan an leagan Béarla a léamh ar chor ar bith. “

Ar ais chuig na ceisteanna damanta sin ach mar atá a fhios ag duine ar bith a chaill iad féin i leabhar, is rud

pléisiúrtha é an léitheoireacht mar atá a fhios ag Fionnuala Ní Mhealláin.

“Is breá liom na healaíona a chur chun cinn,” arsa an múinteoir a d’fhorbair Fonn le Filíocht le dánta a chur chun cinn sa seomra ranga. 

“Sa taighde a rinne mé, chonaic mé an nasc idir an fhilíocht agus sealbhú teanga sa Ghaeloideachas.

“Tá an fhilíocht thar a bheith idirghníomhach. Cuidíonn na gníomhaíochtaí agus eile le tuiscint an pháiste.

“Is cuimhin liom féin agus mé ar Bhunscoil Phobal Feirste gur fhoghlaim muid dánta de ghlanmheabhair ach níl an traidisiún sin i bhfeidhm a oiread is a bhíodh, agus ba deas sin a thabhairt ar ais.” ar sí.

Rinne Fionnuala an rud céanna le hamhráin in Canaimis agus deir sí go bhfuil an amhránaíocht ag éirí láidir arís.

:: Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar obair an CCEA ag http://ccea.org.uk/curriculum/gaeloideachas

 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: