Irish-Language

Níl muid linn féin san Eoraip agus pobail sa tóir ar a gcearta teanga

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">GN&Iacute;OMHAITHE TEANGA: </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">Bh&iacute; l&oacute;n machnaimh &aacute; dh&aacute;ileadh amach ag na cainteoir&iacute; ag an Chomhdh&aacute;il ar Ghn&eacute;ithe d&rsquo;Athbheochn Teanga i gCol&aacute;iste Mhuire D&eacute; C&eacute;adaoin (o chl&eacute; go deas): Tore Cebeddu, Marc Guevara, Paul Bilbao-Serria, Davyth Hicks agus Nodlaig N&iacute; Bhrollaigh&nbsp;</span>&nbsp;
GNÍOMHAITHE TEANGA: Bhí lón machnaimh á dháileadh amach ag na cainteoirí ag an Chomhdháil ar Ghné GNÍOMHAITHE TEANGA: Bhí lón machnaimh á dháileadh amach ag na cainteoirí ag an Chomhdháil ar Ghnéithe d’Athbheochn Teanga i gColáiste Mhuire Dé Céadaoin (o chlé go deas): Tore Cebeddu, Marc Guevara, Paul Bilbao-Serria, Davyth Hicks agus Nodlaig Ní Bhrollaigh  

MÁS RUD É go raibh tú éiginnte faoin ghá atá le hAcht Gaeilge, sciobfadh na cainteanna a chuala lucht mór féachana i gColáiste Mhuire Dé Céadaoin amhras ar bith a bheadh ort.

Ba é Conradh na Gaeilge a reáchtáil an seimineár a raibh Gnéithe dAthbheochan Teanga: Ceachtanna Áitiúla agus Idirnáisiúnta mar theideal air agus níor baisteadh as a ainm é.

Bhí cainteoirí ó Chorn na Breataine, ó Thír na mBascach, ón tSairdín, ón Chatalóin - agus ó Dhún Geimhin i láthair agus bhí lón machnaimh ag an uile dhuine acu, mar a bhí ag cathaoirleach an tSeimineáir, Gráinne Ní Ghilín.

Ba é Davyth Hicks a chuir tús leis na cainteanna. Tá Davyth  ina ArdRúnaí ar Ghréasán Comhionannais na dTeangacha Eorpacha (ELEN) agus ina stiúrthóir ar Eurolang mar sin tá ról lárnach aige ag leibhéal Eorpach i bhforbairt polasaithe teanga atá dírithe ar chosaint agus ar chur chun cinn teangacha neamhfhorleathana.

Tá corradh le 60 mionteanga san Eoraip, a labhraíonn 55 milliún duine agus tá mionteanga i ngach tír san Eoraip – seachas san Íoslainn. 

Bíonn ELEN ag obair le heagraíochta pobail agus feiceann siad iad féin mar idirghabhálaithe idir iad agus rialtais áitiúla agus náisiúnta.

“Soláthraíonn reachtaíocht teanga bunús dlíthiúil faoi choinne nithe éagsúla - forbairt oideachasúil, soláthar seirbhísí poiblí, soláthar na meán cumarsáide agus an ceart ar úsáid a bhaint as an teanga i gcomhthéacsanna.

“Is í an bhunaidhm atá le reachtaíocht teanga an teanga neamhfhorleathan a normalú ionas gur féidir le lucht a labhartha gach gné sa saol a chur isteach sa teanga sin,” arsa Davyth.

Tá conarthaí idirnáisiúnta ann ach ní thugann siad cearta duit, dar leis, níl iontu ach meicníochtaí tacaíochta do reachtaíocht náisiúnta.

Sa Bhreatain Bheag, tá gné úr i ndiaidh theacht chun cinn -  measúnacht tionchair teanga (language impact assessment).

Mar shampla, má tá eastát úr tithíochta le tógáil, caithfear measúnacht tionchair teanga a dhéanamh le hoibriú amach cén tionchar, maith nó olc, a bheadh aige ar lucht labhartha na Breatnaise sa cheantar. 

“Tá na forbairtí seo i ndiaidh teacht chun cinn mar gheall ar Acht na Breatnaise ach ina dhiaidh sin, tháinig Acht Leasú an Oideachais a dhaingnigh an Bhreatnais i scoileanna agus ina dhiaidh sin, tháinig an tAcht Craoltóireachta isteach a réitigh an bealach do S4C.

“Mar sin, d’fhás na forbairtí seo ar bhonn orgánach, mar sin, is rud ar choir daoibhse, Gaeil an tuaiscirt, a bheith ag meabhrú air,” arsa Davyth.

I réigiúin éagsúla an Eoraip, tugadh achtanna teanga isteach agus ina dhiaidh sin, tháinig achtanna eile a “normalaigh” an teanga i réimsí éagsúla.

Tá sé níos deacra in áiteanna eile, an Fhrainc mar shampla, ait a bhfuil an Bhriotáinis agus Occitan á labhairt agus cé go bhfuil pobail labhartha na dteangacha sin eagraithe go maith, níl reachtaíocht ann leis na teangacha a chosaint.

Thiocfadh dó go dtiocfadh rialtas den eite dheas sa Fhrainc a dhéanfadh a ndícheall na teangacha sin a ídiú, scoileanna Briotáinise a dhruidim, mar shampla.

Sin an fáth go bhfuil reachtaíocht de dhíth, dar le Davyth.

“Is cearta daonna iad cearta teanga,” ar sé.

“Deir Comhairle na hEorpa gurb ionann leatrom teanga agus ciníochas, díreach agus mí dhíreach.

“Ma dhéanann duine ionsaí ort mar gheall ar an teanga a labhraíonn tú, tá siad ag déanamh ionsaí ort mar dhuine. Bheadh sé amhlaidh fosta dá ndéanfaí ionsaí ar dhuine mar gheall ar dhath a chraicinn.”

Dúirt sé ar deireadh go dtógann teangacha droichid idir daoine agus cuireann sé leis an comhtháthú sóisialta.

:: Leaschathaoirleach ELEN atá in Paul Bilboa-Serria, arb as Tír na mBascach é agus chuir seisean síos ar “Na ceithre colún atá de dhíth má tá teanga le hathbheoú.

“Bíonn meafar in úsáid againne san eagras Kontseilua leis an smaoineamh seo a mhíniú. 

“Tá athneartú teanga sa chás ina bhfuil mionlú déanta ar an teanga sin mar a bheadh foirgneamh ann atá tógtha ar ceithre cholún.

“Tá gach ceann de na colúin sin riachtanach - is iad an reachtaíocht, pleanáil, acmhainní agus diongbháilteacht an phobail,” ar sé.

Tá reachtaíocht teanga riachtanach dar leis le cothromaíocht cheart a bheith ag gach saoránach sa tír nó sa réigiún.

“Sin an daonlathas ceart,” ar sé.

“Sa Fhrainc, tá leisce ar dhaoine an Bhascais a labhairt cionn is nach bhfuil an reachtaíocht ann. Tá sé níos éascaí Bascais a labhairt i Réigiún féinrialaitheach Thír na mBascach an teanga a labhairt mar tá an reachtaíocht ann,” a deir Paul.

Deir sé nach mian le lucht labhartha na Bascaise bheith dofheicthe níos mó agus an dóigh amháin leis sin a leigheas, na reachtaíocht teanga bheith i bhfeidhm.

Tá difir idir cearta a bheith agat agus sin a bheith greanta i reachtaíocht.

Tá a fhios againn uilig go bhfuil ceart ag na mná vótáil ach ní bhfuair mná an cead vótála 100 bliain ó shin go raibh reachtaíocht ann. Sin an rud a thugann an dlí duit.

“Agus maidir leis an airgead a luaitear i gcónaí le hachtanna teanga, níl muid ag iarraidh airgid - tá muid ag iarraidh infheistíochta - infheistíocht le sochaí úr ceart agus coir a bhunú,” arsa Paul.

Ansin, labhair Marc Guevara ar an tumoideachas agus an Chatalóinis agus Tore Cebeddu ar an chraoltóireacht sa tSairdín - uair a chlog sa seachtain - sular thug Nodlaig Brolly cur síos ar chúis eile go bhfuil Acht Teanga riachtanach agus í ag caint ar bhunú Ghaelcholáiste Dhoire i nDún Geimhin.

“Tá an Ghaelcholáiste i ndiaidh teach fríd thréimhse bhunaithe thar a bheith dian,” arsa Nodlaig.

“Ce go bhfuil oibleagáid reachtúil an-soiléir ann maidir le cur chun cinn an Ghaeloideachais, cuireadh cuid mhór constaicí sa bhealach ach ní raibh muid ag iarraidh go silfeadh tuismitheoirí go raibh an scoil faoi bhagairt.”

Dúirt sí go raibh an reachtaíocht ó thuaidh maidir leis an Ghaeloideachas láidir go maith ach go raibh fadhbanna leis agus sin an fáth “nach bhfaca muid an dul chun cinn a ba choir.”

Tá díobháil tuigse ar raison d’être na Gaelscolaíochta, tá díobháil tuigse ar cad é a leagann an reachtaíocht síos.

“Mura mbeidh éifeacht ag cibé reachtaíocht a thabharfar isteach, d’fheadfadh na leabhair dlí bheith ina luí i “carnán trodán faoi ualach deannaigh”  mar a dúirt Máirtín Ó Direáin.

“Rud amháin an dlí bheith ann ach caitheann na húdaráis meas a bheith acu ar an dlí agus feidhmiú dá réir.”

Luaigh Nodlaig cas thar a bheith tábhachtach ansin, nuair a dhiúltaigh an tAire Oideachais bus a cheadú do dhaltaí Choláiste Feirste a bhí ina gcónaí taobh amuigh den cheantar.

B’éigean do Bhord na nGobharnóirí athbhreithniú breithiúnach a iarraidh leis an rud a chur ina cheart ach Deir Nodlaig nach mbeadh an rogha acu an Bhord an t-athbhreithniú breithiúnach mura raibh an oibleagáid reachtúil ann cheana.

“Bhí sé soiléir sa bhreithiúnas gur dualgas a bhí san oibleagáid reachtúil agus ní rud roghnach.”

D’fhéadfadh an t-alt seo leanstan ar aghaidh ach ní féidir ceal spáis ach thig leat an seimineár a fheiceáil ina iomláine ar facebook ag bit.ly/2HCc98s