Irish-Language

Léiríonn buaiteoirí an Q-Mharc an luach breise atá sa dátheangachas

<b>M&Aacute;IRE CAMPBELL: </b>Bh&iacute; M&aacute;ire ar na daoine a thug l&eacute;i Q-Mharc Fhoras na Gaeilge ag &oacute;c&aacute;id i bP&aacute;irc an Chr&oacute;caigh an tseachtain seo caite i guideachta Tony and Pauline Bell &oacute; Solas Nua agus Sonia Nic Giolla Easbaig agus Peter Jones &oacute; L&eacute;iri&uacute;ch&aacute;in Ligid&nbsp; &nbsp;
MÁIRE CAMPBELL: Bhí Máire ar na daoine a thug léi Q-Mharc Fhoras na Gaeilge ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite i guideachta Tony and Pauline Bell ó Solas Nua agus So MÁIRE CAMPBELL: Bhí Máire ar na daoine a thug léi Q-Mharc Fhoras na Gaeilge ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite i guideachta Tony and Pauline Bell ó Solas Nua agus Sonia Nic Giolla Easbaig agus Peter Jones ó Léiriúcháin Ligid   

BHÍ CONALL Ó Móráin i gClár Clainne Mhuiris ar na mallaibh agus é ag siúl chuig cruinniú nuair a bhuail sé le stócach a bhí ag garraíodóireacht.

Bhí comhlacht ag an leaid óg agus cara leis agus is é an rud a dhéanann siad ná go mbailíonn iad leitíseanna agus glasraí eile ó dhaoine atá á bhfás, cuireann siad i mboscaí iad agus díolann siad thar lear iad.

Tá cúig mhíle custaiméara acu i Sasana a bhuíochas, i measc rudaí eile, don suíomh idirlín a chuir siad sa tsúil agus an uimhir ghutháin air.

Ach bhí fadhbanna acu an mhargadh a fhás agus custaiméirí úra a fháil sa Fhrainc agus sa Ghearmáin.    

Chuir Conall ceist ar an fhear óg an raibh leathanach Fraincise agus leathanach Gearmáinise ar an suíomh aige. Ní raibh.

Labhair Conall ansin le duine i gClár Clainne Mhuiris a bhí in ann aistritheoir a chur ar fáil ar €160 agus anois tá fáil ag an chomhlacht sin ar mhargaidh na Fraince agus na Gearmáine.

Ba é an rud a bhí i gceist ag Conall ná go bhfuil teangacha thar a bheith tábhachtach mar uirlis mhargaíochta - agus go bhfuil sé sin fíor faoin Ghaeilge a oiread le teanga ar bith eile.

Tá sé sin aitheanta ag comhlachtaí idir ollmhór agus bheag fud fad na hÉireann.

Níl le déanamh agat ach siúl isteach i Sainsbury’s nó i gceann ar bith de na hollmhargaidh in iarthar Bhéal Feirste le haithint go measann lucht na n-ollchomhlachtaí miondíola seo go bhfuil luach breise á chur ar fáil dá gcustaiméirí acu agus an Ghaeilge go soiléir sa chomharthaíocht acu.

Anois, tá Foras na Gaeilge i ndiaidh córas gradaim uile-oileáin darb ainm Q-Mharc Gnó le Gaeilge a bhunú a thabharfaidh aitheantas d’eagraíochtaí gnó a chuireann an Ghaeilge nó an dátheangachas chun cinn mar uirlis bhreise ghnó agus mhargaíochta, áit ar bith ar fud na hÉireann. 

Bronnadh gradaim ar ghnólachtaí a ghlac páirt i scéim phíolótach Q-Mharc Gnó le Gaeilge ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh Déardaoin seo caite agus tá sé anois oscailte d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide ar fud na tíre. 

Mar chuid den ócáid bhronnta, labhair an tOllamh Finbarr Ó Brolcháin ar an “luach breise” atá sa Ghaeilge.

Is iomaí leabhar atá scríofa ag Finbarr ar an cheist agus bhí sé thar a bheith suimiúil an méid a bhí le rá aige.

Dúirt sé gur thug sé faoi deara treocht úr ar an saol, go raibh paraidím úr seo ag fás i measc lucht gnó, athrú nach bhfuil aitheanta ag lucht déanta polasaí sa tír go fóill, dar leis, ach atá aitheanta ag an Q-Mharc.

“Agus an saol ag éirí níos domhandaithe le daoine agus le teicneolaíocht ag bogadh ar lánluais – tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir tíortha in amanna – tá tábhacht ar leith anois leis an fhéiniúlacht, leis an “dúchas” mar a thugann muid air sa Ghaeilge,” a mhínigh Finbarr.

“Mar dhuine a chaith bunús mo shaoil ag teagasc airgeadais agus ag plé le figiúir bheachta agus leis an mhargadh, mothaím anois go bhfuil an dara saol ag teacht chun cinn. Sa tseanaimsir, bhain an geilleagair le stuif a chruthú do thomhaltóirí, cineál meaisín a bhí sa gheilleagair,” ar sé.

Measann Finbarr gur dóigh fireann le breathnú ar an saol atá ann, modh fearúil smaointeoireachta sa mhéid is gurb é aidhm mhór na comhlachta airgead a dhéanamh agus seans mór go mbeidh an Q-Mharc ina chuidiú chuige sin. Níl sé in éadan an airgid agus deir sé gur féidir airgead a dhéanamh sa paradím úr fosta.

“Saol tionsclaíoch a bhí sa chéad saol seo, an ghné fhisiciúil níos tábhachtaí ná gné na mothúchán agus tá sé sin go láidir sa tír seo ach níl sé chomh láidir i dtíortha ar nós na Fionlainne agus na hOstaire.

“An dara saol seo atá ag teacht,” arsa Finbarr, “tá sé níos banúla, dar liom, mar baineann sé leis an sprid, leis an anam, le ciall agus le cuspóirí,” ar sé.

Dar le Finbarr go bhfuil an domhan i dtrioblóid mar

gheall ar an dóigh a ndeachaigh muid i mbun an chaipitleachais le dhá chéad bliain anuas ach feiceann sé sa staidéar atá sé á dhéanamh ar an inmharthanacht go bhfuil cur chuige úr ag teacht chun cinn agus an bhéim ar na mothúcháin, ar an dearcadh atá ag an duine air/uirthi féin.

Tá mana ag Finbarr maidir lena saol san oideachas ina ndeir sé: “It’s not to help you make a living, it’s to help you make a life.”

Tá an coincheap sin anois go láidir i saol an ghnó agus tá caidreamh níos doimhne ag daoine leis na rudaí a cheannaíonn siad ná mar a bhíodh, go hairithe i gcúrsaí bia, i gcúrsaí ceardaíochta agus i gcúrsaí faisin, dar leis.

Na rudaí is mó atá de dhíth ar mo chuid mac léinn ná ciall (meaning) agus cuspóir (purpose) agus beidh tionchar aige sin ar na hearraí a cheannaíonn siad agus ar an saol a mhaireann siad.

:: IS CUIMHIN liom bheith ag stopadh i dTeach Campbell ar an Bhun Bheag i nGaeltacht Thír Chonaill blianta ó shin. 

Is cuimhin liom ach go háirithe dhá rud a thaitin go mór liom.

Bhí bean a tí, Máire Campbell, ag iompar clainne ag an am, b’fhéidir ocht mí go leith de réir cosúlachta, ach ag am bricfeasta, agus í ag rith thart ag freastal ar dhaoine, rinne sí leithscéal linn nach raibh na muisiriúin cocáilte mar ba cheart. Anois, sin seirbhís as an ghnáth!

An dara rud a thug mé faoi deara na a réidhe is a labhair bean a tí Gaeilge. 

(Dála an scéil, bhí an leanbh a bhí i mbroinn Mháire 30 bliain d’aois anois!)

Bhí áthas an domhain orm mar sin agus mé i bPáirc a Chrócaigh do bhronnadh an Q-Mharc Gnó le Gaeilge, go raibh Teach Campbell ar na gnóluchtaí a thug leo an gradam.

úr a chruthaigh Foras na Gaeilge i gcomhair le grúpaí eile a thugann aitheantas do ghnónna a chuireann an dátheangachas ar aghaidh ina gcuid obair laethúil agus ina gcuid margaíochta.

Agus bhí dea-scéal d’Ultaigh eile anuas ar Mháire.

Thug Tony agus Pauline Bell an gradam leo dá chomhlacht ealaín ghrafach, Solas Nua, atá lonnaithe i mBéal Feirste agus tugadh aitheantas don chomhlacht scannánaíochta Léiriúcháin LIGID a bhunaigh Sonia Nic Giolla Easpaig agus, ag fanacht le Tír Chonaill, bhí Comhar Creidmheasa Ghaoth Dobhair ar na curaithe.

Ar na gnónna eile ar tugadh aitheantas dóibh, bhí Acmhainní Teoranta as Baile Átha Troim, Co. na Mí; Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne, An Daingean,

Co. Chiarraí agus Mac Domhnaill Dental, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Comhghairdeas ó chroí leo uilig.