Irish language

Cad é a chiallaíonn Lá Idirnáisiúnta na mBan do scríbneoirí Gaeilge?

AIFRIC MAC AODHA: Beidh an file ag glacadh páirte san oíche iontach atá eagraithe ag Réaltán Ní Leannáin le Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh

Réaltán Ní Leannáin, scríbhneoir as Béal Feirste

NÍ RAIBH a fhios agam go raibh a leithéid ann agus Lá Idirnáisiúnta na mBan go dtí go raibh mé sna fichidí. Ní raibh iomrá air i mBéal Feirste an t-am sin. Ní raibh iomrá air áit ar bith i nÉirinn.

Ní hamhlaidh atá ann inniu. Féile clúiteach atá ann, ag ceiliúradh cearta ban comhpháirtíocht iomlán a bheith acu in achan ghné den saol. 

Thuig mé gurbh é mo lá-sa é a luaithe is a fuair mé amach faoi. 

Agus nuair a d’iarr ArdMhéara Bhaile Átha Cliath i 2016, Críona Ní Dhálaigh, nuair a d’iarr sí orm ócáid a chur sa tsiúl ar an lá sin chun scríbhneoirí Gaeilge a chur chun cinn, cha raibh an dara suí ann ach an dúshlán sin a fhreagairt.

Agus seo muid anois in 2018. An tríú bliain go bhfuil mná á gceiliúradh i ndomhan na Gaeilge. 

I mbliana, tá fearadh na fáilte

curtha romhainn ag an ArdMhéara reatha, Mícheál MacDonncha, fear a bhfuil bá aige le cás na Gaeilge agus le cás na mban araon.

Ní mór a lua go bhfuil Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge fial lena gcuid tacaíochta don fhéile, agus go bhfuil IMRAM ag tacú linn i mbliana.  

 

Cvetka Bevc, file, scríbhneoir ón Slóivéin

Bhí mé le mo chuid daltaí lá, sa gynasium, roinnt blianta ó shin. 

“Is mná sibh,” a dúirt mé leo, mar thús le mo chaint ar fhreagracht agus ar smacht.

Rinne roinnt acu gáire agus lean siad ag comhrá le chéile. Roinnt eile, d’iompaigh siad na súile. Agus stán cuid acu orm le hiontas.

“Bliain i ndiaidh bliana,” a lean mé, “déanaimid Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh. 

“I m’óige, bhronn muid coróinigh dhearga dár múinteoirí. Ní gá daoibhse bláthanna a thabhairt domsa, áfach. 

“Díreach, cuimhnígí ar rud amháin. Bhí lá ann nár rud cinnte é go mbeadh cead ag mná óga dul ar scoil. 

“Anois, is cuid den saol é – daoibhse. Nuair atá sibh ar scoil, mar sin, cuimhnígí ar na mná a throid ar bhur son agus ar son bhur gcearta.”

Chuimhnigh mé ar mo mháthair a shiúil dhá uair a’ chloig gach lá chun na scoile.  Agus chinn mé é sin a lua leo. Ní raibh gíog ná míog astu.  Bhí a súile sáite ionam.

“Ní ar a son féin a shiúil sí gach lá, ach ar son gach duine againn...”

Níl a fhios agam an mar gheall ar an scéal sin a bhfuil an smacht sa seomra ranga feabhsuithe, ach tá mé cinnte go bhfuil an ceiliúradh seo, Lá Idirnáisiúnta na mBan, mar chuid den ród chun na todhchaí dúinn ar fad. 

 

Lara Sunday, file agus scríbhneoir as Béal Feirste

Domsa, is lá gníomhaíochta é Lá Idirnáisiúnta na mBan. Mar bhean, mar mháthair, mar neach daonna, seasaim taobh le mná eile, ag díriú airde ar an éagothromas. Trí ghníomhú agus trí ealaíon, déanaimid an stádas seo a mhalartú ina cheiliúradh - ar a bhfuil bainte amach againn agus a bhfuil le baint amach go fóill.

Is rud tábhachtach é páirt a ghlacadh, in onóir na mban sin nach bhfuil an rogha sin acu. 

Bím comhpháirteach i ngníomh domhanda nach féidir a shéanadh sna meáin na ag dreamanna polaitiúla.

Tá an ceiliúradh seo ar mhná i ndiaidh spréadh amach chuig laethe eile i rith na bliana. Bunaítear cairdis agus deiseanna nua tríd an lá seo, bíonn seans ag mná tacú lena chéile. 

Sampla de seo is ea mo bhallraíocht in Women’s Aloud NI, agus dán a léigh mé ag ócáid anuraidh in Ionad na Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath do Lá Idirnáisiúnta na mBan. 

Sin an fáth go bhfuil mé i dTeach an ArdMhéara i mbliana. 

Déanaimis teagmháil, bunaímis cumarsáid, brisimis síos na ballaí a choinníonn srianta orainn.

 

Aifric Mac Aodha, file as Baile Átha Cliath

Nuair a thitim isteach le feiminigh mo linnese, leis an ‘treise leat’ a chodail amuigh le ‘maith thú féin’ an idirlín, díol fónta filleadh uirthi, ar chara mná liom, bean nár dhúiche namhad aici an léann ná an fhaiche shúgartha.

Ag tús an ranga, bhreacadh An tOllamh Pádraigín Ní Cheallaigh blúirí Sean-Ghaeilge ar an gclár dubh, línte a bhí de ghlanmheabhair aici féin. Bhíodh na píosaí sin le haistriú ar an toirt againn, gan dul i dtuilleamaí aon leabhair ná foinse ach é ina chomórtas i measc na mac léinn. B’shin an focal molta nach dtuillteá gan dua; an tuiscint a thagadh diaidh ar ndiaidh chugat agus an sásamh crosfhoclach úd nach gcaithfeá uait, ar feadh do shaoil go léir.

Chuirfeadh ‘Lá Idirnáisiúnta na mBan’ fonn múisce ar mhórán gach bean leathnormálta ar m’aithne, ach sa mhéid is go bhfuil chuile ghuirseach ag cuimhneamh ar a chéile le míonna anuas (agus gan an dara dul suas aici), b’fhéidir go bhféadfainn an lá seo [gan iarraidh] a chur chun tairbhe éigin agus buíochas a ghabháil le feimineach faoi leith as ucht na seanlaethanta, i seomra B201, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Ar na céadta líne a bhreac sí ar an gclár dubh fadó, bhí an rann cáiliúil seo a leanas:

ro-cúala/ní tabair eochu ar dúana;

do beir a n-í as dúthaig dó, /bó.

Is é an tabhartas mór atá ag dul don Ollamh thuas agus dá cuid comh-bhan ar fud an domhain.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: