Irish-Language

Tá muid ag tarraingt ar bháire na fola is an teorainn fós ina chnámh spairne

<b>MICHEL BARNIER: </b>Bh&iacute; an t-idirghabh&aacute;la&iacute; do Choimisi&uacute;n na hEorpa ag caint sa Bhruis&eacute;il agus &eacute; ag cur s&iacute;os ar an dr&eacute;acht-chaip&eacute;is ina raibh tr&iacute; rogha a bhain le seachaint teorann chrua in &Eacute;irinn
MICHEL BARNIER: Bhí an t-idirghabhálaí do Choimisiún na hEorpa ag caint sa Bhruiséil agus é ag cur síos ar an dréacht-chaipéis ina raibh trí rogha a bhain le seachaint teorann ch MICHEL BARNIER: Bhí an t-idirghabhálaí do Choimisiún na hEorpa ag caint sa Bhruiséil agus é ag cur síos ar an dréacht-chaipéis ina raibh trí rogha a bhain le seachaint teorann chrua in Éirinn

Cad is Aontas Custaim ann?

Má’s comhlacht thú sa tSín nó sa tSeapáin agus ba mhaith leat do charranna nó do theilifíseáin a dhíol i gceann ar bith de bhallstáit an Aontais Eorpaigh, caitheann tú an cháin cheanna a íoc i ngach ceann de na tíortha sin.

Tugtar dleachtanna allmhairithe ar an cháin seo - import duties - agus ligeann siad do na tíortha san aontas saorthrádáil a bheith eatarthu.

Ní íocann tíortha an AE dleachtanna allmhairithe lena cheile, rud a éascaíonn go mór earraí ag bogadh ó thír go tír ach ní thig le tíortha aonaracha taobh istigh den Aontas trádáil le tíortha taobh amuigh de, an tSin agus an India mar shampla, cionn is go ndéan an AE sin mar aonad amháin.

Anois agus an Bhreatain ag fágáil an Aontais Eorpaigh, beidh siad in ann a ndleachtanna allmhairithe féin a réiteach le tír ar bith ar domhan.

Smaoineamh iontach dar le le lucht na Breatimeachta ach do dhaoine eile, tá sé cosúil le cosúil leis an RAC a fhágáil le socruithe de do chuid féin a dhéanamh le gach garáiste a mbíonn tú ag taisteal cóngarach dó.

Cad is Margadh Eorpach Aonair ann?

Tá an an Margadh Eorpach Aonair - the European Single Market - níos cuimsithí ná an tAontas Custaim mar ceadaíonn sé saorghluaiseacht earraí idir na ballstáit, ach saorghluaiseacht seirbhísí, caipitil agus daoine chomh maith.

Tá an Ríocht Aontaithe ag fágáil an Mhargaidh Aonair chomh maith.

Tá daoine buartha faoi seo óir mar shampla, pléann an Margadh Aonar le leithéidí pacáistiú, caighdeáin sábháilteachta agus le réimse ollmhór eile gnéithe dar saol laethúil.

Do lucht a mholta, measann siad go gcosnaíonn sé an tomhaltóir, go bhfuil a fhios

againn cad é tá muid ag ithe nó nach ndéanfaidh earra ar bith dochar dúinn. 

Anuraidh, bhí daoine ag rá go raibh imní orthu faoi chaighdeáin sábháilteachta bhia a thiocfadh ó Mheiriceá, sicín clóirínithe, ach go hairithe.

Deir lucht a chainte go mbeidh an Bhreatain níos fearr as má thig leo a gcaighdeáin sábháilteachta féin a chur i bhfeidhm gan an AE bheith ag cur a ladair isteach.

An tAontas Eorpach

An tseachtain seo, d’fhoilsigh an tAontas Eorpach dréacht-cháipéis a leagfadh bunús dleathach faoin tsocrú a rinne an Ríocht Aontaithe leis an AE i mí na Nollag seo caite agus i gcroílár na cáipéise, tá ceist na teorann in Éirinn.

Seo na smaointe atá ag an Aontas maidir le teorainn chrua a sheachaint in Éirinn murar féidir leis an Ríocht Aontaithe theacht ar réiteach a bheadh inghlactha acu féin agus ag Éirinn agus ballstáit eile an Aontais.

Molann siad go gcruthófaí “comhlimistéar rialála” - a  common regulatory area in Éirinn, “chun an comhoibriú thuaidh/theas, an geilleagar uile-Éireann - the all-Ireland economy agus Comhaontú 1998 a chosaint.

Má dhéantar seo, beidh an tuaisceart ceangailte le rialacha - agus le bunataistí - an Aontais Chustam agus an Mhargaidh Aonair.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur dréacht-shocrú atá anseo agus go bhfuil trí rogha ann maidir le teorainn chrua a sheachaint, a) socrú saorthrádála a bheadh chomh cuimsitheach sin is nach mbeadh seicphointí ar an teorainn de dhíth.

Seo an rogha is fearr le PríomhAire na Breataine, Theresa May, agus leis an Taoiseach, Leo Varadkar.

Tá rogha b) ann chomh maith, agus sin teicneolaíocht a bheadh chomh sofaisticiúil sin is nach mbeadh seicphointí de dhíth ach oiread.

Murar féidir leis an Ríocht Aontaithe teacht ar réiteach sásúil a) nó b) cuirfear rogha c) i bhfeidhm, is é sin an limistéar rialála a choinneodh an tuaisceart san Aontas Custaim.

Tá ráite ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Donald Tusk gurb é seo “an moladh is ciallmhaire fós le teorainn dhocht a sheachaint” cé go bhfuil sé ráite ag Theresa May agus ag an DUP nach nglacfaidh siad choíche leis.

An teorainn

Tá sé ag teacht mar a bheadh showdown i Western ar TG4 ach báire na fola polaitíochta – agus bunreachtúil – atá romhainn.

Tuigeann an tAontas Eorpach  gur vótáil móramh mhuintir na Sé Chontae ar son fanacht sa reifreann Breatimeachta in 2016.  

Tuigeann siad go bhfuil bunús na ndaoine ar dhá thaobh na teorann i bhfách leis an Aontas, cé nach bhfuil siad uilig ar aon ghuth.

Feiceann siad na buntáistí a bhaineann le ballraíocht sna tograí móra infreastruchtúir, sna tograí a bhain le síocháin ó thuaidh agus leis na buntáistí a bhaineann le bheith i do bhall de chlub.

Measann siad gur mhaith leis an Aontas geilleagar uile-Éireann a thógáil a bheadh le leas an uile dhuine ar an oileán.

(Is cuimhin linn an tarrtháil a rinneadh ar na bancanna ach sin ceist do lá eile!)

Is gnéithe iad seo uilig a mheallann daoine ar dhá thaobh na teorann – agus is gnéithe iad a chuireann eagla a gcraicinn ar aontachtaithe.

Is léir é sin ar aghaidheanna neirbhíseacha an DUP, fios acu go bhfuil tionchar as an ghnáth acu ar an rialtas Toraíoch ach gan muinín iomlán acu i Theresa May. 

Ní náisiúnaithe amháin a chreideann go ndéanfadh rialtas an Breataine feall orthu dá mbeadh leas na Sasanach agus Éire (náisiúnach nó aontachtach) iad idir dhá cheann na meá acu.

Is beag an seans go n-oibreoidh rogha a) nó b) mar sin, beidh muid fágtha le rogha c), rogha an Aontais Eorpaí.

Tá sé ráite ag Theresa May nach dtiocfadh le Príomhaire ar bith glacadh leis sin, go gcruthódh sé deighilt idir tíortha Chomhphobal na Ríochta Aontaithe ag  – cé gur ghlac sí leis mar rogha i mí na Nollag!

Cad é a dhéanfaidh an DUP ansin?

Beidh sé suimiúil a bheith ag éisteacht le aitheasc Theresa May inniu ach an dtiocfadh leis gurbh é Céadaoin na seachtaine seo, an lá ar cuireadh tús le hathaontú na hÉireann?  

Inseoidh an aimsir.