Irish-Language

An t-uafás a bhí folaithe ag aoibh an gháire agus ag an ghúna seacaineach

<b>MARGOT ROBBIE: </b>T&aacute; an droch&iacute;de sa bhaile ar cheann de th&eacute;ama&iacute; coscracha at&aacute; &aacute; bpl&eacute; sa scann&aacute;n I Tonya a amharcann siar ar shaol an sc&aacute;t&aacute;la&iacute; oighir Tonya Harding, scann&aacute;n at&aacute; san ioma&iacute;ocht d&rsquo;Oscar agus Robbie ainmnaithe do ghradam mar an bhanaisteoir is fearr &nbsp;
MARGOT ROBBIE: Tá an drochíde sa bhaile ar cheann de théamaí coscracha atá á bplé sa scannán I Tonya a amharcann siar ar shaol an scátálaí oighir Tonya Harding, scann&aacu MARGOT ROBBIE: Tá an drochíde sa bhaile ar cheann de théamaí coscracha atá á bplé sa scannán I Tonya a amharcann siar ar shaol an scátálaí oighir Tonya Harding, scannán atá san iomaíocht d’Oscar agus Robbie ainmnaithe do ghradam mar an bhanaisteoir is fearr  

IS DÓCHA gur am foirfe é don scannán I Tonya teacht amach agus Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh díreach i ndiaidh críochnú.

Sibhse a bhí ag breathnú ar an churláil, ar an sciáil oighir agus/nó ar an léimneach sciála, thig leat dearmad a dhéanamh anois de na haoibheanna gáire ar na damhsóirí oighir fá na gúnaí seacaineacha (sequined dresses), tá sé deacair a chreidbheáil gur tharla ceann de na scannaill spóirt is mó riamh i saol na haclaíochta seo faoin reophointe.

I 1994, rinneadh ionsaí ar an scátálaí oighir, Nancy Kerrigan, i ndiaidh í bheith ag traenáil ag Comórtais Sciála Fhíorach na Stáit Aontaithe (the US Figure Skating Championships). 

Buaileadh í ar an ghlúin dheas le rud éigin maol in iarracht i a stopadh de bheith san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha i in Lillehammer san Iorua an bhliain sin.

Tharla sé go raibh an t-ionsaitheoir earcaithe ag iar-fhear céile duine de na hiomaitheoirí eile sa chomórtas, Tonya Harding.

Anois, tá an t-aisteoir Astrálach, Margot Robbie, i ról Harding i scannán úr, I Tonya, a insíonn scéal an ruaille buaille a bhí sna meáin i ndiaidh an ionsaithe ach ar an saol a bhí ag Harding sa bhaile, go hairithe an caidreamh a bhí aici lena máthair, LaVona, a bhfuil Allison Janney sa ról (agus í ar dóigh) agus lena fear céile, Jeff Gillooly, á imirt ag Sebastian Stan.

“Ta sé saoithiúil bheith i ról duine ata beo go fóill agus a fheicfidh an scannán,’ arsa Robbie, 27, nuair a chastar a a cheile sin i Londain. 

“Bhí a fhios agam go gcuirfeadh sé sin brú orm mar sin choinnigh mé an carachtar agus an fíor-Tony scartha óna cheile oiread agus ab fhéidir.

“D’aonturas, níor bhuail mé leis an fhíor-Tonya go dtí go gairid sular thosaigh an scannánú mar bhí sé de dhualgas orm plé léi mar a bheadh carachtar ficsineach ann.

“Sin ráite, bhí i bhfad níos ó eolais agam ar an charachtar ná mar is gnách.”

Tá an t-eolas in uilig le fail i gcuid mhór píosaí scannánaíochta nuachta, radharcanna ó na comórtais a raibh Harding páirteach iontu, agus cláracha faisnéise a rinneadh ó tharla an t-ionsaí, 34 bliain ó shin.

Bhain Harding an comórtas sin agus roghnaíodh í féin agus Kerrigan don fhoireann Oilimpeach.

Tháinig biseach chomh maith sin ar Kerrigan gur bhuaigh sí bonn airgid i Lillehammer.

Rud nach bhfuil le feiceáil sa scannánaíocht uilig a rinneadh, is e sin saol pearsanta Harding. Tá an ciapadh, mar dhea, a d’fhulaing í óna máthair agus óna hiarfhear céile mar chuid lárnach den scannán ach tá an dóigh a phléann an scannán le drochíde sa bhaile cainte ag daoine a deir go ndéan sé beag den fhoréigean sa bhaile.

Phléigh Robbie an cheist tó mion le stiúrthóir an scannáin Craig Gillespie, agus ní aontaíonn sí le lucht an chainte.

“Labhair muid ar an fhoréigean ar feadh tamaill fhada agus bhí muid ar shean  ár ndíchill ag iarraidh go mbeadh an ton ceart sa scannán. Bhí sé sin ar na rudaí is mó a chuir imní orainn.

Rinne muid cuid mhór cainte air agus bhí Craig diongbháilte nárbh fhéidir cúbadh siar uaidh, tá sé uafásach agus ba cheart go mbeadh daoine míchompordach ag breathnú air.

“Má laghdaíonn muid an t-uafás, tá muid ag déanamh beag-is-fiú de gach duine a d’fhulaing, ag ligin orainn féin nár tharla sé nó nach bhfuil sé chomh holc nó chomh nó go bhfuil sé furasta cur suas leis,

“Ach ag an am céanna, tá sé an-deacair cinntiú go bhfanfaidh an lucht féachana ag breathnú ar an scannán, tá an meascán sin doiligh cur i bhfeidhm.

“Smaoinigh Craig go dtiocfadh linn an “ceathrú balla” a bhriseadh na radharcanna sin le go bhfeicfeadh muid Tonya fál a chur idir a mothúcháin agus an rud fisiciúil a bhí ag titim amach di ag an am.

“Silim gur cur chuige an-fhírinneach a bhí ann agus sin an méid a dtig leat a dhéanamh sna healaíona, do dhícheall a dhéanamh dul i mbun rudaí chomh hionraice agus is féidir.

Is léir go ndeachaigh an cur chuige sin i bhfeidhm mar tá Robbie ainmnithe do ghradam Oscar agus do Bafta agus bhuaigh sí Gradam Rogha na gCriticeoirí (Critic’s Choice Award).

Ar ndóigh, tá an scannán sna pictiúrlanna tráth a bhfuil foréigean in éadan ban i mbéal an phobail - in Hollywood, i bpolaitíocht Mheiriceá agus ar fud na cruinne.

“Tá sé aisteach,” arsa Robbie, “go bpléann na téamaí a raibh muid ag iarraidh díriú

orthu sa scannán seo - aicme agus drochíde ar mhná i ndiaidh teacht chun cinn.

“Tá na ceisteanna seo thar a bheith tábhachtach agus caitheann comhráite dul ar aghaidh i measc pobal ach níor shil muid riamh go mbeadh an cheist i lár an aonaigh mar atá sé anois.

“Ni raibh Trump ina Uachtarán nuair a scríobh Steven Rogers an script ach thuig sé riamh anall go raibh deighilt ollmhór idir na haicmí i Meiriceá.

I Tonya le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann i láthair na huaire agus beidh na bronnadh na nOscar ar siúl oíche an 4ú Márta.