Irish-Language

An raibh a fhios agat go bhfuil boladh milis miotalach sa spás?

<b>NICOLE STOTT:</b> T&aacute; an Meirice&aacute;nach mn&aacute; ina hAmbasad&oacute;ir don Kennedy Space Center Visitor Complex at&aacute; lonnaithe in Florida agus is ann a dtig leat f&aacute;il amach cad &eacute; an cine&aacute;l traen&aacute;la a dt&eacute;ann &aacute;bhair sp&aacute;siair&iacute; fr&iacute;d sula dt&eacute;ann siad isteach sa sp&aacute;s&nbsp;
NICOLE STOTT: Tá an Meiriceánach mná ina hAmbasadóir don Kennedy Space Center Visitor Complex atá lonnaithe in Florida agus is ann a dtig leat fáil amach cad é an cineál traenála a dt&e NICOLE STOTT: Tá an Meiriceánach mná ina hAmbasadóir don Kennedy Space Center Visitor Complex atá lonnaithe in Florida agus is ann a dtig leat fáil amach cad é an cineál traenála a dtéann ábhair spásiairí fríd sula dtéann siad isteach sa spás 

TÁ SÉ chóir a bheith seacht mbliana ó chuaigh Nicole Stott chun an spáis ach líonann a súile le hiontas agus í ag smaoineamh siar air.

“Is iad “iontach” agus “os-réalaíoch” na focail is mó a thagann chun cinn i m’intinn as a bhaineann sí úsáid astu agus mé ar bhóithrín na smaointe faon am chaith mé sa spás,” arsa Stott, a rinne dhá thuras agus í ag obair do NASA - ar an Discovery STS-128 in 2009, ar thréimhse trí mhí agus í ag obair ar an Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis sular tháinig sí chun talaimh ar an spástointeálaí (Space shuttle) Atlantis space agus arís in 2011 mar chuid de mhisean deireanach an Spástointeálaí Discovery.

Níl ann ach céatadán bídeach de dhaoine atá ábalta a rá go ndeachaigh siad chun an spáis agus is lú líon na mban a chuaigh ann.

Faoi mhí na Samhna 2013, thaistil 536 duine as 38 dtír go dtí an spás agus shiúil 12 acu ar an ghealach. 

As an líon sin, bhí 59 bean ina measc agus tá a fhios ag an Meiriceánach mná Stott, atá 55 bliana d’aois faoi láthair, gur pribhléid mhór a bhí ann.

Ag an am céanna, tá sí paiseanta maidir le saothar agus le hoidhreacht chlár an Stáisiúin Idirnáisiúnta Spáis ó d’éirigh sí as a cuid oibre le NASA in 2015 agus tá sí anois ar mhisean eile le daoine óga an lae inniu a spreagadh faoi na heolaíochta agus faoin spás.

“Cuireann daoine ceist orm go minic cad é na rudaí ar cheart daoibh a dhéanamh más mian leo bheith ina spásaire. Ach ní mar sin a oibríonn sé – is féidir le daoine as gach cúlra bheith ainmnithe do thraenáil mar spásaire, ” ar sí.

Ach tá Nicole anois ag iarraidh samhlaíocht agus muinín daoine óga a spreagadh le go mbeidh siad in ann an saol ar mian leo a chaitheamh a bhaint amach ach tá an tsamhlaíocht agus an muinín sin riachtanach agus sin an fáth go bhfuil sí ag baint suilt as a ról úr, mar Ambasadóir don Kennedy Space Center Visitor Complex atá lonnaithe in Florida.

“D’oibir mé i Lárionad Spás Uí Chinnéide  ar feadh 10 mbliana sular bhog mé go Houston, agus an rud is ansa liom faoin ait seo ná go ligeann de do dhaoine a lámha a chur ar chrua-earraí an spáis agus taithí a fháil ar cad é atá i gceist nuair atá tú ag traenáil le dul isteach sa spás.

Tá Atlantis le feiceáil anseo fosta - tá sé go hiontach go dtig le daoine theacht anseo leis sin uilig a dhéanamh,” arsa Nicole.

Thig le cuairteoirí eispéireas a roghanna as “Astronaut Training Experiences” ag an Lárionad, iad idir 30 bomaite go dtí cúpla uair a chloig nó thig le grúpaí páirt a ghlacadh i gcampaí cúig lá le fail amach faoin oiliúint a fhaigheann gach ábhar spásaire.

Ar na buaicphointí eile, tá an Rocket Garden, Shuttle Launch Experience agus an deis a fháil lón a bheith agat le spásaire.

Ach cad é faoi Nicole Stott? Cad é na cuimhní atá aici sin faoina dturasanna chun an spáis? 

1. Tá an éirí de thalamh i bhfad níos iontaí na mar a chreidfeá. 

Chuir sé a sáith iontais ar Stott cé go bhfaca sí go minic roimhe é.

“Tugtar cic duit ar an cheap lainseála (the launch pad) agus go tobann tá tú ar crith mar a bheadh jelly ionat agus cuireann tú ceist ort féin “an raibh mé riamh ar an cheap lainseála” mar tá tú ag taistil chomh gasta sin (cúig míle sa soicind nó ó Shráid an Chaisleáin i mBéal Feirste go dtí Ollscoil na Ríona cúig uaire in aon soicind amháin!) 

Bíonn tú sa spás agus ag dul thart ar an domhan in ocht mbomaite go leith. Tá sé sin go hiontach.

2. Cruthaíonn an Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis go dtig le daoine as tíortha éagsúla bheith ag obair do dlúth lena cheile.

Tá sé sin ar na ceachtanna is tábhachtaí a d’fhoghlaim Stott agus í sa spás.

“Bhí sé go hálainn mar a d’oibir daoine as 15 náisiún le cheile ar thograí thar a bheith casta.

“Silim gur sin leagáid chláir an Stáisiúin Idirnáisiúnta Spáis dúinne agus do na tíortha eile agus ní amháin na daoine sin a bhí sa spás, ach na mílte duine a bhí ag obair ar thalamh na cruinne chomh maith.

3. Tá sé ar dóigh bheith ar foluain (floating)

“Bhí a fhios agam go beadh sé ar dóigh bheith ar foluain ach bhí sé níb fhearr na mar a thuar mé.

Tugann sé saoirse grástúil  duit agus ní gá duit fórsa a úsáid, ní thuigeann tú cad is thuas ann nó cad is thíos ann agus bogann tú i dtrí thoise - agus tuigeann an intinn agus an corp cad é tá ag dul ar aghaidh!

4. Tá a bholadh féin ag an spás. 

“Chuir sé suim mhór sa bholadh aisteach a bhíonn sa spás,” sais Stott. 

“Ar ndóigh, ní thig leat dul taobh amuigh den Stáisiún Spáis agus an boladh a fháil ach tiocfaidh baill foirne isteach i ndiaidh a bheith ag siúl sa spás, nó nuair a nascfadh árthach úr leis an Stáisiún, bheadh teacht agat ar an haiste a bhí rite ar an spás, gheofá an boladh milis miotalach seo nár inis aon duine dom faoi.

Níl a fhios agam cad é tá taobh thiar do ach tá boladh ar gach rud.

5. Is fiú go mór an oiliúint a fhaigheann spásairí.

Tá an oiliúint do ábhair spásairí thar a bheith dian ach bíonn toradh ar an obair maslach mar, ag an deireadh, bíonn muinín iomlán agat as do chomhghleacaithe go dtig leat féin agus leosan déileáil le gach géarchéim a thiocfadh i do threo. 

“Bhí cúpla bliain curtha isteach againn ar an talamh ag obair mar fhoireann mar sin de, nuair atá tú sa spás agus cluin tú aláram i lár na hoíche, beidh a fhios ag gach duine an rud a bhfuil siad oilte fána choinne agus bhí sin ar bhuaicphointí mo thuras chun an spáis.