Irish language

Smaointe fánacha ar imeachtaí polaitiúla na seachtaine seo

YOU HAVING A LAUGH?: Arlene Foster a chuir deireadh leis an idirbheartaíocht le Sinn Féin an tseachtain seo, cé gur dhúirt Uachtarán Shinn Féin go raibh comhréiteach ar na gaobhair agus go raibh an “tuigbheáil” céanna ag an Taoiseach Leo Varadkar agus Simon Coveney
Robert McMillen

NÍ RAIBH mé chomh dóchasach faoin Ghaeilge agus atá mé faoi láthair agus is dócha go gcuirfeadh sé sin iontas ort agus an tóin tite as na cainteanna polaitiúla idir an DUP agus Sinn Féin agus an aidhm acu Feidhmeannas a athbhunú ag Stormont.

Ba é Acht na Gaeilge an chnámh spairne ba mhó a bhí eatarthu agus níor chuir ceannaire an DUP fiacail ann agus a leagan féin de “Never. Never. Never” de chuid Ian Paisley nó “Out. Out. Out.” de chuid Margaret Thatcher á fhógairt aici nuair a dúirt sí nach mbeadh Acht neamhspleách Gaeilge ann, nach mbeadh Gaeilge éigeantach sna scoileanna, nach mbeadh  cuótaí de Ghaeilgeoirí sa Státseirbhís agus nach mbeadh comharthaí dátheangacha ar na bóithre.

Anois, ba mhaith liom cúpla gné a phlé, mura miste libh. 

GREGORY CAMPBELL

Tugadh drocham do Gregory sna meáin an tseachtain seo – ar Evening Extra, ar Newsnight agus ar The View – agus é ag maíomh nach raibh “tuigbheáil” nó “comhshocrú” nó “comhréiteach sealadach” nó cibé ainm ar mhaith leat a thabhair air déanta idir an DUP agus Sinn Féin.

Shíl mé féin gurbh é an rud ba shuimiúla dár dhúirt sé nach raibh sé páirteach sna cainteanna ar feadh coicíse.

Ar The View, dúirt Campbell le Mark Carruthers go raibh sé tinn ar feadh na tréimhse sin nó cuid den tréimhse sin.

Rith sé liom gurbh olc an mhaise don DUP fear a bhí tinn le coicíse anuas a chur os comhair na gceamairí teilifíse ach ansin bhuail cloigín i m’intinn.

Arbh fhéidir gur cuireadh feisire East Londonderry chun cinn cionn is go dtiocfadh leis a shéanadh gur tháinig an DUP ar chomhshocrú le Sinn Féin agus, dá dtiocfadh sé amach go raibh comhshocrú ann i ndeireadh na dála, go dtiocfadh leis a rá nach raibh an t-eolas iomlán aige cionn is go raibh sé tinn?

Séanadh craicneach (plausible deniability) a thugtar air seo.

Ar The View chomh maith, luaigh Campbell Gerry Adams cúpla uair agus is léir go bhfuil Adams ina bête noir i measc Aontachtach, Reductio ad Gerry Adamsium más mian leat, ina bhfeiceann siad gach bun gach oilc i gcarachtar Mhic Ádhaimh.

Creidim féin, i ndiaidh an ghangaid atá Aontachtaithe á caitheamh ar Adams, nach dtiocfadh leo, mar a dúirt, Campbell, “bronntanas” i bhfoirm Achta Gaeilge a thabhairt do Mhac Ádhaimh agus é ag dul amach ar scor.

An raibh baint ag an chomh-thráthúlacht (synchronicity) le cinneadh an DUP deireadh a chur leis na cainteanna agus ArdFheis Shinn Féin ar bun an deireadh seachtaine seo caite?

Ní nach ionadh go gcuirfeadh sé eagla a gcraicinn orthu dá bhfógrófaí ag ArdFheis Shinn Féin go raibh an DUP ag geillstean ar cheist Acht Gaeilge.

NA MEÁIN

Cá háit a dtosaíonn tú? Tá an oiread sin aineolais á léiriú sna meáin maidir le stair na Gaeilge le míle bliain anuas agus ó cuireadh bonn faoin chríochdheighilt ach go háirithe.

Is beag duine sa BBC atá in ann Máirtín Ó Muilleoir nó Niall Ó Donnghaile a fhuaimniú mar is ceart.

Tugtar guth don aineolas sin ach go háirithe ar The Nolan Show, ar an raidió agus ar an teilifís.

Deja vu a bhí ann an tseachtain seo ar chlár theilifíse an Nuallánaigh.

Bhí Statler and Waldorf an chláir, Jim Allister agus Nelson McCausland ar an chlár agus Jamie Bryson sa lucht éisteachta, triúr atá diongbháilte in éadan na Gaeilge.

Bhí Padaí Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge sa lucht féachana agus a lámh in airde ach níor tugadh deis do labhairt.

Bhí Linda Ervine ó Turas ansin fosta ach níor tugadh deis di-se labhairt. 

Bhí Feargal Mac Ionnrachtaigh ar an phainéal cainte le labhairt ar son Ghaeilgeoirí agus Naomi Long le cuma na measarthachta a chur ar rudaí ach ba léir go raibh agenda frith-Ghaeilge ag an chlár.

Ach is é an Belfast News Letter an Curaidh Frith-Ghaeilge Domhanda.

Bhainfeadh cuid de na tuairimí atá le fáil ann an anáil díot agus ní tuairisceoireacht atá ar bun acu ach bolscaireacht. 

Feiceann an nuachtán – a bhíodh mar chuid de –  mar ghníomhaithe in éadan na Gaeilge, tá an oiread sin d’altanna, de litreacha, de thráchtaireacht ag déanamh beag is fiú den Ghaeilge gur féidir feachtas a thabhairt air.

Ar na haltanna ba mheasa, bhí “agallamh leis an staraí dílseach Conall Parr, inar iarradh air ceangal a dhéanamh idir an Ghaeilge agus Leabhar Glas an IRA.

Ní thuigeann foireann an News Letter a stair féin.

Bhíodh sé mar chuid de radachas Bhéal Feirste aimsir na nÉireannach Aontaithe ag deireadh an 18ú hAois agus deir sé go bhfuil sé ag tabhairt tacaíochta d’Albanais Uladh ó foilsiodh an nuachtán den chéad uair i 1737 – cé go nglactar leis an téarma Ulster Scot go dtí an go mall sna 19ú haois.    

Agus sin gan an Guardian a lua. Bhí eagarfhocal acu sin a bhí chomh binbeach, bréagach le rud ar bith a léifeá ón News Letter 

ALBANAIS ULADH  

Creidim go n-aithníonn aontachtaithe anois gur meancóg a bhí ann cothromas a iarraidh idir Albanais Uladh agus an Ghaeilge.

Bhí an t-am ann nuair a bhain siad úsáid as an chanúint le drogall a chur ar dhul chun cinn na Gaeilge agus d’oibir an straitéis ar fónamh ar feadh i bhfad ó d’fháisc sé as an Ulster Society a bunaíodh sna 1980í mar “a cutural front in the war against Republicanism.”

Ar na trí Bhille a bhí á moladh le linn na gcainteanna,  ofráladh Bille Albanaise Uladh agus Bille Gaeilge (chomh maith le Bille Comhurraim) ach is dócha nach dtiocfadh leis an DUP a rá lena lucht tacaíochta gur ghlac siad le Bille Gaeilge agus Bille Albanaise Uladh mar chúiteamh.

Bhí sé mar a bheadh jeraboam champagne buaite ag Gaeilgeoirí agus pionta Harp (Pure Here) buaite ag Aontachtaithe. Níorbh fhéidir sin a dhíol le duine ar bith.

Measaim go bhfuil an bhéim a chuir an DUP ach go háirithe ar Albanais Uladh anois ina ualach orthu. 

Tá an coibhéiseacht bhréagach (false equivalence) a rinneadh idir í agus an Ghaeilge nochtaithe ach ní thig le hAontachtaithe éalú ón seafóid a chruthaigh siad féin.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: