Irish language

Léireoidh Úrscéalta na Gaeilge duit cad é tá tú a chailleadh

AOS LITRÍOCHTA: Brian Ó Conchubhair (ar clé) ag caint leis an Athair Breandán Ó Doibhlin ag seoladh As Tobar an Doibhlinigh. Tá Brian ar eagarthóirí an leabhair Úrscéalta na Gaeilge ina bhfuil aiste ar shaothar mhór an Doibhlinigh, Néal Maidne agus Tine Oíche 
Robert McMillen

Categories

BEATHA teanga í a labhairt, buanú teanga í a scríobh a deirtear ach an bhfuil sé sin fíor i gcás na Gaeilge nuair atá líon an lucht léitheoireachta chomh beag sin?

In Aibreán 2015, reáchtáladh seimineár lá go leith i dTeach Uí Chonaill de chuid Ollscoil Notre Dame i mBaile Átha Cliath le ceisteanna mar sin a chaibidil. 

Mar shampla, cad iad na húrscéalta is fearr nó is tábhachtaí sa Ghaeilge? 

Cad iad na húrscéalta Gaeilge ar chóir a bheith i mbéal an phobail agus i lár an aonaigh chultúrtha? 

Cé hiad na húrscéalaithe móra ar chóir dúinn iad a léamh agus cad í canóin liteartha na n-úrscéalta Gaeilge san fhichiú haois? 

Le linn an tseimineáir, labhair aoíchainteoirí ar leabhair a raibh meas acu orthu agus tá a gcainteanna sin uilig curtha le chéile i leabhar úr, Úrscéalta na Gaeilge, agus iad curtha in eagar ag Ronan Doherty, Brian Ó Conchubhair agus Philip Leary.

Seans go bhfuil an leabhar is ansa leat féin fágtha ar lár ach is leabhar tábhachtach é Úrscéalta na Gaeilge a chuirfidh go mór leis an phlé ar fhiúntas agus ar thairbhe na húrscéalaíochta i nGaeilge.

Is iomaí gnáthdhuine a chuala iomrá ar na leabhair atá faoi caibidil idir a chlúdaigh agus eolas éigin acu ar na húdair ach an bhfuil eolas domhain ag mórán taobh amuigh den aos acadúil ar shaothar na n-úrscéalaithe atá ag scríobh i nGaeilge?

Mura bhfuil, d’fhéadfadh siad toiseacht le Úrscéalta na Gaeilge le forléargas a fhail ar a bhfuil le rá ag scríbhneoirí Gaeilge faoin saol ina bhfuil muid beo.

Caithfidh mé a admháil gur mó na leabhair nach bhfuil léite agam ná leabhair a léigh mé ach anois tá mé anois spreagtha chun taiscéalaíocht a dhéanamh i dtír dhiamhair na húrscéalaíochta Gaeilge.

Seachas Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain agus Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna, cad é eile atá ar fáil a thabharfadh suáilce do ghnáthlucht léite?

Tá sé aitheanta gur thosaigh an úrscéalaíocht Ghaeilge le Séadna leis an Athair Peadar Ó Laoghaire in 1901, agus tugann Alan Titley faoi deá-thréithe an leabhair a chur faoinár mbráid.

Mar is nós leis, tosaíonn Titley le habairt a théann go croí an scéil.

“Is é Séadna le Peadar Ó Laoghaire an chead scéal a chuir an cac trasna orm riamh,” a scríobhann sé!

Bhí Alan ar an bhunscoil nuair a léigh an múinteoir an scéal do agus b’air a cuireadh eagla a chraicinn. 

Ach tá Séadna i bhfad níos mó ná uirlis le páistí a scanrú. Chruthaigh an Athair Ó Laoghaire prós úr “as fothrach folamh gan aird agus as caint bhaoth thuirse an lae?” dar le Titley agus scríobh sé i stíl nuálach a chuaigh go mór i bhfeidhm ar Sheán Ó Ríordáin. 

An leabhar deireanach a phléitear sa leabhair is ea An Dochtúir Áthas le Liam Mac Cóil, leabhar a foilsíodh sa chéad dul síos i 1995.

Tá sé suntasach go bhfuil an nuálaíocht agus briseadh múnlaí i gceist in An Dochtúir Áthas mar a bhí in Séadna a scríobhadh beagnach céad bliain roimhe.

Ar feadh i bhfad, bhí muid faoi dhraíocht nó faoi laincisí “chaint na ndaoine” uirlis nár oir do shaol an lae inniu bunús an ama.

Ina iniúchadh ar leabhar Mhic Chóil, deir Brian Ó Broin go bhfaigheann muid “Gaeilge theibí na síceolaíochta agus na síocanailíse.”

Go bunúsach, is achoimre criticiúil ar an Freudachas é An Dochtúir Áthas ach é scríofa i bhfoirm úrscéil.

Ó 1901 go 1995 agus ó shin i leith, tá úrscéalta á scríobh i nGaeilge a bheadh inchurtha le húrscéalta i dteanga ar bith eile.

I measc na leabhar eile atá á scrúdú in Úrscéalta na Gaeilge, tá An Béal Bocht de chuid Myles na Gopaleen ar ndóigh, údar a raibh sé de dhánacht ann aoir a dhéanamh ar na féinbheathaisnéisí morga a raibh na glúnta faoi gheasa acu gan beag is fiú a dhéanamh díobh.

Tá ceathrar Ultach eile ar an liosta - Seosamh Mac Grianna (Mo Bhealach Féin), Breandan Ó Doibhlin (Béal Maidne agus Tine Oíche), Seamus Mac Annaidh (Cuach mo Londubh Buí) agus Pádraig Ó Siadhail (Éagnairc) ach tá sé thar am dearmad a dhéanamh ar an Chúigeachas agus ar an chanúnachas agus léimnigh isteach i linn na litríochta, beag beann ar urú nó ar shéimhiú.

Leoga, cad é mar is féidir iomlán suilt a bhaint as ár litríocht Ghaeilge mura bhfuil muid sásta Gaolainn an Athar Peadar a shlogadh siar, nó pléisiúr a bhaint as Gaeilge Chonamara Phádraig Uí Chonaire nó as cornucopia Gaeilge Alan Titley?

Ag deireadh an leabhair, tá liosta de bhunús na n-úrscéalta a scríobhadh i nGaeilge le 100 blian anuas chomh maith le haiste le Darach Ó Scolaí a chuireann síos ar na conspóidí, idir throm agus éadrom, a bhain le roghnú na leabhar.

Bíodh an díospóireacht ann i gcónaí – ach sibh na leabhair a léamh!    

 

Tá Úrscéalta na Gaeilge, curtha in eagar ag Ronan Doherty, Brian Ó Conchúir agus Philip O’Leary foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe before January 31st to receive a FREE month of The Irish News Digital

Categories

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: