Irish-Language

Inspioráid na Bliana le fáil arís ag féile Imbolc i mBaile Bhúirne

<b>FIACH B&Aacute;N:</b> N&iacute;l a fhios agam an mbeidh White Raven ag tiom&aacute;int go Baile Bh&uacute;irne ach beidh lucht m&oacute;r &eacute;isteachta ag fanacht leo agus iad ag glacadh p&aacute;irte in Imbolc 2019 i gcuideachta Ailbhe U&iacute; Gharbhuigh agus Diarmuid Johnson &nbsp;
FIACH BÁN: Níl a fhios agam an mbeidh White Raven ag tiomáint go Baile Bhúirne ach beidh lucht mór éisteachta ag fanacht leo agus iad ag glacadh páirte in Imbolc 2019 i gcuideachta Ailbhe Uí G FIACH BÁN: Níl a fhios agam an mbeidh White Raven ag tiomáint go Baile Bhúirne ach beidh lucht mór éisteachta ag fanacht leo agus iad ag glacadh páirte in Imbolc 2019 i gcuideachta Ailbhe Uí Gharbhuigh agus Diarmuid Johnson  

Teanga atá fóirsteanach d’iascairí agus d’fheirmeoirí amháin an dearcadh a bhí/tá ag daoine ar an Ghaeilge - nó b’fhéidir “a bhíodh” an aimsir cheart le cur síos ar an diúltachas áirithe sin mar tá lucht a labhartha ag taispeáint don tsaol mhór go bhfuil siad chomh cliste agus chomh cruthaitheach le dream nó le teanga ar bith eile agus go bhfuil an Ghaeilge inchurtha le teanga ar bith eile ar domhan.   

Beidh á chruthú sin le fáil le linn Imbolc 2018, comhdháil inspioráideach na Gaeilge, a bheidh ar siúl ar an Satharn 10 Feabhra 2018 san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí. 

Is tionól aon lá amháin é Imbolc agus beidh Gaeilgeoirí iontacha, suimiúla agus spreagúla ag caint ann, daoine a bhfuil obair agus taighde ceannródaíoch ar bun acu ó gach aon earnáil den saol - gnó, na healaíona, cúrsaí sóisialta agus eile. 

Ní nach ionadh go bhfuil ríméad ar lucht a eagraithe, go bhfuil cainteoirí den chéad scoth acu arís i mbliana, le saothar agus scéalta fíor-spéisiúla ag gach duine acu. 

NA CAINTEOIRÍ

Maebh Ní Fhallúin - Tá seacht mbliana caite ag Maebh ag déanamh staidéir agus ag obair i réimse na sláinte poiblí i Londain agus i mBaile Átha Cliath. 

Bhain sí máistreacht amach i Scoil Sláinteachais & Leigheas Trópaicigh Londain agus ó shin i leith tá sí ag soláthar comhairle polasaí don earnáil phoiblí agus charthanais ar réimse ábhar idir murtall, alcól, tobac, cúrsaí míchumais agus an córas sláinte.

Diarmuid Johnson -  File, ceoltóir, scríbhneoir agus scoláire é Diarmuid Johnson. Tá leabhra go leor scríofa aige i nGaeilge, Béarla, agus Breatnais. Ina measc sin tá Pen and Plough – Poets and Bards of 20th Century Ceredigion (Wales), saothar taighde faoi stair na tuaithe, Y Gwyddel, beathaisnéis i mBreatnais faoina óige i nGaillimh, agus Conaire Mór, athinseacht ar Togail Bruidne Da Derga, an leabhar a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin 2017.

Kathleen Ní Duinnín - Is stiúrthóir bunaidh í Kathleen de White Raven, grúpa a phléann le ceol meánaoiseach agus amhránaíocht traidisiúnta na hÉireann, dhá spéis faoi leith atá ag Kathleen féin. 

Thosnaigh Kathleen ag casadh amhrán traidisiúnta le linn a hóige ina háit dhúchais, Co. Chorcaí, agus tá an ceol agus an teanga Gaelach ina mór-inspioráidí di ó shin. 

Beidh Kathlenn agus a grúpa, White Raven, i mbun ceolchoirme san Ionad Cultúrtha Aoine 9 Feabhra, oíche roimh chomhdháil Imbolc féin.

Caomhán Mac Con Iomaire - Is ealaíontóir é Caomhán Mac Con Iomaire atá mar bhall den fhoireann oideachais i nGallearaí Náisúinta na hÉireann. 

Le cupla bliain anuas, tá sé ag obair mar oifigeach rochtana agus éascaithe. 

Sa phost seo, eagraíonn sé imeachtaí ar leith do chuairteoirí a bhfuil riachtanais bhreise acu, éascaíonn sé ceardlanna ealaíne agus cuireann sé eachtraí trí ghaeilge ar fáil sa Ghallearaí.

Maitiú Ó Coimín - Is é Maitiú Ó Coimín bunaitheoir an chomórtais idirGhaeltachta Aonach Tailteann, comórtas a fhéachann leis an spórt agus na dána a chur chun cinn i gceantair Ghaeltachta. Reáchtáladh an comórtas den chéad in 2017 agus tá imeachtaí na bliana seo le tosú i mí Feabhra. 

Eagraíonn Maitiú imeachtaí i gConamara don chomórtas ach bíonn sé ag plé le ceantair eile freisin.

Is é eagarthóir úr na hirise ar-line Nós é.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh - Ciarraíoch í Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bhhuil a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. 

Bhuaigh a dán Deireadh na Feide Corn Uí Néill i 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán Uachtarántacht an Aontais Eorpaigh i 2013. 

Bhain an dán céanna áit amach ar ghearrliosta RTÉ, A Poem for Ireland. 

D’fhoilsigh Coiscéim a céad chnuasach filíochta, Péacadh, in 2008 agus Tost agus Allagar in 2016. 

The Coast Road an teideal atá ar chnuasach dátheangach atá díreach foilsithe ag an Gallery Press mar a bhfuil aistriúcháin le filí aitheanta an Bhéarla.

Rónán Ó Dálaigh - Is bunaitheoir é Rónán de SEDCo - Social Enterprise Development Company. 

Cruthaíonn agus tacaíonn SEDCo le gnóthaí sóisialta in Éirinn agus sa Bhreatain. 

Bunaíodh é in 2014 agus go dtí seo, tá 14 gnó sóisialta curtha ar bun aige. 

I measc na n-éachtaí pearsanta atá bainte amach ag Rónán, tá chéad duais Gaisce, a bronnadh air as obair maidir le páirtíocht phobail agus forbairt phearsanta.

Tosaíonn clárú don lucht féachana ag 9:30r.n. 

Ach ní stopfaidh an cur ná an cúiteamh ansin, mar tá cuireadh oscailte do gach duine teacht go dtí Óstán an Muilinn ina dhiaidh!

Tá cainteanna na mblianta seo thart ar fáil saor in aisce ar an suíomh www.imbolc.ie, agus go dtí seo féachadh orthu breis agus 4,500 uair.

Beidh Kathleen Ní Dhuinnín agus White Raven i mbun ceoil an oíche roimh ré chomh maith (Aoine 9 Feabhra), le ceolchoirm speisialta san Ionad Cultúrtha i gcomhpháirtíocht le hImbolc.

Meascán de chainteanna ar ghnéithe difriúla den saol comhaimseartha atá in Imbolc, bíodh siad faoin cheol, faoin fhealsúnacht, faoin dearadh, faoin teicneolaíocht nó faoi ábhar ar bith faoin spéir – a fhad is go bhfuil siad suimiúil!

Iad siúd a bheidh ag freastal ar Imbolc, beidh deis acu sult a bhaint as Baile Bhúirne, cuid de Ghaeltacht Mhúscraí agus é suite deich míle ó Maigh Chromtha.

Tá Coláiste samhraidh Bhaile Bhúirne de chuid Ghael Linn lonnaithe i gColáiste Ghobnatan.

Má tá eolas breise de dhíth ort, is féidir féachaint ar www.imbolc.ie nó dul i dteagmháil le Tomás féin. 

Is féidir clárú leis an fhéile ar www.imbolc.ie nó tríd an Ionad Cultúrtha ag (00 353 26 45733.