Tá uisce faoi thalamh ar bun ag an BBC – ach an gheolaíocht atá faoi chaibidil acu agus sraith úr teilifíse ag toiseacht ar an Luan.
Ulaidh Faoi Thalamh is teideal don tsraith trí chlár ina dtabharfaidh Cormac Ó hÁdhmaill muid ar na spásanna mistéireacha faoinár gcosa.
Is breá linn uile an tírdhreach a bhronn an nádúr orainn ach cad e faoin méid atá dofheicthe ag an mhórchuid againn: na spásanna atá faoi thalamh, ó uaimheanna (crypts), uaimheanna ársa talún (ancient souterrains) agus pluaiseanna go tolláin thréigthe iarnróid agus buncair núicléacha, tá siad lán miotais, iontais agus scéalta.
I ngach ceann de na trí chlár, rachaidh Cormac ar fud na cúige agus e ag teacht ar na tairbhí agus na hásáideanna a bhaintear as na spásanna seo faoi thalamh agus léiríonn sé an dóigh ar forbraíodh iad i gcaitheamh aimsire.
Ina measc, tá pluaiseanna mistéireacha i gContae Fhear Manach, dúin straitéiseacha ón Dara Cogadh Domhanda i dTír Chonaill agus séaraigh dhorcha Bhéal Feirste.
Sa chead chlár, tosaíonn Cormac ar a astair agus e ag taiscéalaíocht i bpluais ársa Pholl na gColm i bhFear Manach, uaimh thalún ón Iarannaois gar do Latharna agus pluaiseanna i gContae Aontroma a mbíodh daoine ina gcónaí iontu.
Tugann sé cuairt fosta ar Chaisleán Dhún Libhse agus an phluais faoi thalamh a dtiocfadh le harm fanacht ann agus tugann sé turas báid go hOileann Reachrainn, le cuairt a thabhairt ar Bruce’s Cave.
De réir an fhinscéil, i ndiaidh e cath a chailleadh agus i ndiaidh a ruaigthe ó Albain i 1306, d’éalaigh an Rí Robert I (nó Robert the Bruce mar is fearr aithne air) ina bhád agus fuair foscadh in uaimh in Oileán Reachrainn, sular phill sé ar Albain le hiarracht a dhéanamh a ríocht a fhail ar ais.
Sa dara clár, fiosraíonn Cormac mar a d’imir an tionsclaíocht tionchar ar na struchtúir faoi thalamh agus é ag iniúchadh tolláin thréigthe dhamba hidrileictreach (an abandoned hydroelectric dam tunnel); siúlann sé in abhann na Fearsaide faoi Bhéal Feirste agus tagann sé ar an scéal taobh thiar de thollán iarnróid in aice leis an Iúr i gContae an Dúin.
Sa chlár deireanach na sraithe, fiosraíonn Cormac an dóigh ar baineadh úsáid as struchtúir faoi thalamh le dídean agus tearmann a thabhairt do dhaoine in aimsir na cogaíochta agus na coimhlinte le linn do bheith ag inse scéalta faoi dhún scoite ar an chósta, uaimh i dteach pobail a thug dídean do dhaoine le linn Blitz Bhéal Feirste agus buncar tréigthe núicléach.
Arsa Cormac: “Tá mo shaol caite agam amuigh faoin aer, i spásanna oscailte. Níl tost nó dorchadas inchurtha leis an tost agus an dorchadas a fhaigheann tú faoi thalamh. Tá an díth chéadfach go hiontach.”
Beidh Ulaidh Faoi Thalamn le feiceáil, a rinneadh le cabhair ón Chiste Craoltoireachta Gaeilge, ar BBC 2 TÉ oíche Luain ar a 10pm.