Irish-Language

Tá lucht na Gaeilge ag tabhairt freagra don tseafóid dhiúltach

<b>N&Iacute;L S&Eacute; CEART GO LEOR:</b> Agus 13-15.000 mile duine amuigh ar na sr&aacute;ideanna i mB&eacute;al Feirste i mbliana, is l&eacute;ir nach bhfuil lucht labhartha na Gaeilge s&aacute;sta cur suas le seaf&oacute;id &oacute; lucht an Bh&eacute;arla n&iacute;os m&oacute;&nbsp;
NÍL SÉ CEART GO LEOR: Agus 13-15.000 mile duine amuigh ar na sráideanna i mBéal Feirste i mbliana, is léir nach bhfuil lucht labhartha na Gaeilge sásta cur suas le seafóid ó lucht an Bhé NÍL SÉ CEART GO LEOR: Agus 13-15.000 mile duine amuigh ar na sráideanna i mBéal Feirste i mbliana, is léir nach bhfuil lucht labhartha na Gaeilge sásta cur suas le seafóid ó lucht an Bhéarla níos mó 

Cad chuige a bhfuil tú ag dul don Ghaeilge? Nár cheart duit bheith ag déanamh staidéir ar rud éigin úsáideach?”

Smaoinigh ar na focail seo agus mé i jacuzzi in óstán cúig réalta sa Téalainn. Nó ag ithe béile den scoth i St Gallen san Eilbheis. Nó ag amharc ar bhallóg Carthage sa Túinéis.

Bhí mé ábalta na rudaí seo a dhéanamh mar gheall ar an phost tá agam mar iriseoir agus ní bhfaighinn an post in mura mbeadh Gaeilge agam.

Bhí mé ag obair sa Leabharlann Láir i mBéal Feirste nuair a dúirt cara liom go raibh an Irish News ag iarraidh ar dhaoine altanna a scríobh i nGaeilge do cholún úr a bhí beartaithe acu.

Scríobh seisean alt ar an mhí meala a chaith sé a Ghréig.

Chuir siad i gcló é agus thug siad airgead do ar a shon. Seo 1984.

Arsa mise liom féin, “thiocfadh liomsa an rud céanna a dhéanamh” rud a rinne.

Scríobh mé alt ar stair na Nollag agus chuir an Irish News i gcló é. Agus thug siad íocaíocht dom.

“Níl caill ar bith ar seo,” a dúirt mé liom féin, mar sin, scríobh mé alt eile.

Cuireadh i gcló é. Fuair mé airgead póca an deireadh seachtaine sin.

Bhí mé i gcónaí maith ag aimsiú scéalta suimiúla mar tá an saol seo thar a bheith suimiúil, éagsúil, spreagúil agus ina chrá croí chomh maith. Bíonn i gcónaí rud éigin le bheith ag scríobh faoi.

Níorbh fhada gur scríobh mé alt don nuachtán seachtainiúla a bhí ann ag an am sin, Anois.

Go gearr ina dhiaidh sin, d’iarr Raidió na Gaeltachta orm tráchtaireacht a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta ó thuaidh. Seo tús na 1990idí.

Dhéanfainn píosaí i nGaeilge don BBC fosta. De réir a chéile bhí an méid iriseoireachta a bhí mé á dhéanamh ag dul i méid agus bhí orm cinneadh a dhéanamh - fanacht ag obair sa leabharlann nó triail a bhaint as an iriseoireacht lán-aimseartha.

Bhí mé ag déanamh cúpla lá sa seachtain ag an Andersonstown News chomh maith mar sin, chinn mé ar dhul sa seans agus clárú le cruas lán-aimseartha iriseoireachta. 

Bhí go maith agus ní raibh go holc.

Bhí colún seachtainiúil anois agam ar an Irish News, bhí mé ag déanamh píosaí rialta don Beeb agus do Raidió na Gaeltachta, corr-phíosa ar an teilifís agus an saothar seo uilig i nGaeilge.

“Cad chuige a bhfuil tú ag dul don Ghaeilge? Nár cheart duit bheith ag déanamh staidéir ar rud éigin úsáideach?”

Sa deireadh, fuair mé post buan ag an Irish News. Anois, go hindíreach a fuair mé an post mar gheall ar an Ghaeilge. Bhí an colún seachtainiúil agam agus an-ráchairt air agus cionn is go raibh an taithí sin agam ag scríobh ar an iliomad ábhar, ón cheol go dtí an pholaitíocht, fuair mé an post buan sin.

Agus mé ag obair leis an Irish News, bhí deiseanna agam labhairt le Tom Hanks, Leonardo di Caprio, Angelina Jolie, Steven Spielberg agus Reg Holdsworth ó Coronation Street!

Leis an nuachtán seo, chuaigh mé ar thursanna go dtí an Iosrael, chun na Fraince, chun na hIodáile, go Téalainn, go dtí an Spáinn, chun na Túinéise agus go dtí áiteanna eile.

Agus cé go raibh na heispéiris seo go hiontach, bhí craic ar dóigh agam ag dul go Port Rois agus, go háirithe, go Sligeach mar chuid de mo chuid oibre.

Agus mé ag scríobh an cholúin, The Bluffer’s Guide to Irish, tá “sásamh as post” iontach agam. 

Shuigh lánúin síos liom agus mé sa Chultúrlann i nDoire uair a amháin agus nuair a fuair siad amach cé mé féin, dúirt siad liom go suíonn siad síos lena mhac a bhí ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge ar scoil, agus léadh siad an colún.

Rudaí beaga mar sin a thógann mo chroí, ag meabhrú ar an teaghlach sin ag baint suilt agus tairbhe as mo shaothar.

Is iomaí scéal mar sin a dtiocfadh liom inse daoibh as an sásamh sin a fhaighim agus mé ag bualadh le lucht foghlamtha na Gaeilge.

Tá sé deacair teanga a fhoghlaim. Caitheann tú cuid mhór dúthrachta agus ama a chur ann.

Caitheann tú dul i ngleic le ceisteanna casta gramadaí ach nuair a éiríonn leat caighdeán éigin cumais amach, faigheann tú luach do shaothair.

Tá an jab is fearr ar domhan (beagnach) agam mar gheall ar an Ghaeilge.

Sin an fáth go ndéanaim gaire nuair a smaoiním siar ar “Cad chuige a bhfuil tú ag dul don Ghaeilge? Nár cheart duit bheith ag déanamh staidéir ar rud éigin úsáideach?”

Agus tá na mílte sampla den dearcadh diúltach sin le feiceáil ar twitter. Tá solas an aoir á dhíriú orthu fríd an haischlub #nílsécgl

Chuala mé féin go leor den chaint áiféiseach a bhfuiltear ag magadh faoi ag an haischlib ina gcuirtear teanga choimhthíoch in áit na Gaeilge:

“Could you just gimme your name in English there or does it have to be in Polish?”; “I hate when I go to France and all the road signs are in French. I can’t read them, so I really think it puts the children in danger.”

Leoga.