Irish-Language

Scéal “áit bhreithe na Poblachta” agus an chontúirt a bhfuil sí ann

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">SAOL CORRACH SHR&Aacute;ID U&Iacute; MH&Oacute;RDHA:</b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; "> Reisimint de chuid Arm na Breataine ag barr Shr&aacute;id U&iacute; Mh&oacute;rdha, &aacute;it a mbuaileann s&iacute; le Sr&aacute;id Parnell le linn an &Eacute;ir&iacute; Amach</span>&nbsp;
SAOL CORRACH SHRÁID UÍ MHÓRDHA: Reisimint de chuid Arm na Breataine ag barr Shráid Uí Mhórdha, áit a mb SAOL CORRACH SHRÁID UÍ MHÓRDHA: Reisimint de chuid Arm na Breataine ag barr Shráid Uí Mhórdha, áit a mbuaileann sí le Sráid Parnell le linn an Éirí Amach 

Cúpla bliain ó shin, chuaigh mé ar thuras treoraithe siúl ar na suímh a bhain le hÉirí Amach 1916 agus tá sé ar na rudaí is suimiúla dá ndearna mé riamh.

Chonaic muid an áit ina raibh Michael Collins ar a sheachnadh, cúpla céad slat ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, croílár riail na Sasanach in Éirinn. An fear is mó a raibh tóir air sa tír agus bhí sé os comhair a ndá shúl acu!

D’fhoghlaim muid faoi ról Choláiste na Tríonóide san Éirí Amach - bhí cadets Arm na Breataine lonnaithe ann - faoin bheirt naoscairí a bhí ag scaoileadh ar a chéile i rith an lae, Óglach agus naoscaire de chuid Arm na Breataine agus bhí sé uilig thar a bheith suimiúil.

Ach nuair a bhain muid ArdOifig an Phoist amach, ba é sin an t-am a dtáinig an stair chun beatha. Bhí sé mar a bheifeá féin i láthair an tréimhse chorrach sin le linn na Cásca, 1916.

Ba léir nach raibh ag éirí leis na hÓglaigh agus rinneadh an cinneadh go gcaithfeadh siad imeacht as ArdOifig an Phoist. Ach bhí Arm na Breataine timpeallaithe acu. Bhí muid i gcuideachta na bhfear agus iad ag iarraidh éalú fríd Shráid Uí Mhórdha, an tsaoirse nó an bás i ndán dóibh.

D’fhoghlaim muid faoi na tithe a ndeachaigh siad tríothú, ag déanamh poll (mouseholes) sna ballaí le go rachadh siad ó theach go teach.

Tháinig an stair seo uilig chun cuimhne nuair a léigh mé leabhar dátheangachThe Battle of Moore Street/Cath Shráid Uí Mhórdha le fear as Béal Feirste atá ina chónaí i mBaile Átha Cliath le fada an lá, Ray Bateson.

Leabhar dátheangach atá ann agus an buntéacs Béarla aistrithe ag Séamus Ó Maitiú agus tá sé ag cur thar maoil le pictiúir stairiúla, cuid acu nach bhfaca mé riamh roimhe.

Tá an t-údar ag obair Cois Life leis an Simon Community ó bhí 1972/3 ann ach thosaigh sé a chur suim mhór i reiligí tuairim’s ar 20 bliain ó shin agus é, aisteach go leor, san Ostair.

“Bhí suim riamh agam i reiligí mar, thugadh mo mháthair thart ar reiligí nuair a bheadh muid amuigh faon tuath thart ar an tír, ach rinne mé go leor taistil ar son an WHO agus bhí mé i Vien an séú huair i ndiaidh a chéile agus thug mé faoi deara go raibh reilig iontach sa chathair, an Zentralfriedhof.

I gcúinne bheag den reilig, tá Beethoven, Liszt, Schubert, agus triúr de mhuintir Strauss.

“Chuir mé ceist orm féin cad chuige nach bhfuil daoine ag fógairt an eolais seo don saol mór agus nuair a tháinig mé chun an bhaile go hÉirinn, chinn mé ar leabhar a scríobh ar reiligí na hÉireann.

“Anois, tá a fhios ag daoine cá bhfuil na laochra móra curtha, ach cad é faoi na gnáthdhaoine?”

Ó shin i leith, tá leabhair scríofa ag Ray ar na gnáthÓglaigh (They Died by Pearse’s Side), ar na póilíní (The Rising Dead: RIC & DMP)  ar reilig Ghráinseach an Déin agus Éirí Amach 1916 agus ar Shéadchomharthaí 1916 agus ar an dóigh seo d’éirigh sé gníomhach san fheachtas Sábháil Sráid Uí Mhórdha.

Is iad an dream díograiseach seo atá ag seasamh an fhóid in éadan a rialtais féin -  An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar íorónaí an tsaoil  - atá ag iarraidh na foirgnimh stairiúla seo in “áit bhreithe na Poblachta” mar a thug an Comhairleoir Nial Ring air - a shábháil ó forbróir réadmhaoine atá ag iarraidh siopaí a chur ina áit.

Agus léireoidh The Battle of Moore Street/Cath Shráid Uí Mhórdha na cúiseanna ar cheart go mbeadh an tsráid i seilbh an náisiúin.

Tá an leabhar curtha le chéile ag Ray agus é ag baint úsáid as focail na nÓglach. Iad féin cuid mhór atá ag inse an scéil faoi imeacht.

“Scríobh mé mionnscríbhinn don chéad chás cúirte agus chuir mé an t-eolas atá sa leabhar seo le chéile do thuairisc eile anuraidh agus bhí an-mhaith - ní mo mholadh féin atá mé mar cnuasach de na ráitis a rinne na hÓglaigh a bhí in 90% den tuairisc,” ar sé. 

Agus a leithéid de scéal a bhí le hinse acu. 

Bhí ar na poblachtaigh, ArdOifig an Phoist a thréigbheáil agus iarracht a dhéanamh ar éalú. Meastar go raibh corradh le 500 Óglach san fhoirgneamh ach bhí barracáidí ag Arm na Breataine ar gach taobh agus naoscairí ag scaoileadh anuas orthu. 

Rinne an Rathailleach iarracht bealach éalaithe a aimsiú go dtí monarcha Williams and Woods ar Shráid na Breataine Móire ach, mar atá a fhios againn, cailleadh leathchuid de na hÓglaigh a chuaigh leis agus gortaíodh an Rathailleach go dona, é ag fáil bháis i Lána Sackville ar thaobh Shráid Uí Mhórdha.

Cuireann an leabhar síos go corraitheach ar éalú na nÓglach eile.

“Scinn na hÓglaigh ó thaobhdhoras na hArdoifige go dtí Lána Anraí, na piléir ar nós cloichshneachta ag preabadh ar an tsráid. Ba mhíorúilt nár gortaíodh ach beagán.

“Iompraíodh Séamus Ó Conghaile trasna ar shínteán, buíon bheag díobh siúd a bhí gortaithe a leanacht faoi chúram triúr ban - Winne Ní Chearnaigh, Éilís Ní Fhearghaile agus Síle Ní Ghrianáin - na piléir ag bualadh an talaimh faoina gcosa.” 

Sa deireadh bhain ceannairí na nÓglach tithe i Sráid Uí Mhórdha amach agus ghlac seilbh ar thithe ann.

Agus an bhéim ar an rannpháirtithe, ní dhéanann an leabhar neamairt ar na sibhialtaigh a bhí ina gcónaí sna tithe agus iad as a gcrann cumhachta le heagla. Maraíodh cuid acu go tragóideach agus iad ag iarraidh éalú agus tá cur síos tochtmhar ar chuid de na daoine a maraíodh.

Seo an rud is mó a d’imir tionchar ar an Phiarsach, b’fhéidir, nuair a ghlac sé an cinneadh go ngéillfeadh na hÓglaigh le stad a chur leis an sléacht.

“... bhí an Pluincéadach socair, suaimhneach. Bhí deora i súile Mhic Dhiarmada, agus bhí freisin i súile Willy Pearse. D’fhéach an Conghaileach amach roimhe,” an cur síos atá ar an atmaisféar i Seomra na Ceanncheathrún.

Ba ag uimhir a 16 Sráid Uí Mhórdha a bhí ceanncheathrú Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann.

Tá rialtas na hÉireann ag iarraidh go ndéanfaí oifigí agus siopaí den bhloc ina bhfuil sé.

Is éigean an leabhar seo a leamh le fail amach cad chuige a bhfuil sé sin ina scannal náisiúnta.

The Battle of Moore Street/Cath Shráid Uí Mhórdha foilsithe ag Kilmainham Tales. Tá gach eolas ar fail ó http://www.kilmainhamtales.ie