Irish-Language

Déanann Róisín ceiliúradh ar Louise Gavan Duffy, an bhean a bhunaigh an chéad Ghaelscoil in Éirinn

<b>LOUISE GAVAN DUFFY:</b> Bean spreag&uacute;il fadradharcach a bh&iacute; mar dhroichead idir an Ghaeilge agus cult&uacute;&iacute;r na hEorpa nuair a bhunaigh s&iacute; Scoil Bhr&iacute;de i mBaile Atha Cliath in 1917. Fuiar s&iacute; b&aacute;s i 1969.&nbsp;
LOUISE GAVAN DUFFY: Bean spreagúil fadradharcach a bhí mar dhroichead idir an Ghaeilge agus cultúír na hEorpa nuair a bhunaigh sí Scoil Bhríde i mBaile Atha Cliath in 1917. Fuiar sí bás i 1969 LOUISE GAVAN DUFFY: Bean spreagúil fadradharcach a bhí mar dhroichead idir an Ghaeilge agus cultúír na hEorpa nuair a bhunaigh sí Scoil Bhríde i mBaile Atha Cliath in 1917. Fuiar sí bás i 1969. 

OSCLAÍODH an chéad scoil taobh amuigh den Ghaeltacht a theagasc ábhair trí mheán na Gaeilge amháin, céad bliain ó shin i mbliana. 

Agus chun comóradh a dhéanamh ar an éacht sin, craolfaidh BBC Gaeilge Scoil Bhríde – 100 Bliain d’Aois, clár raidió ina bpléifear stair na scoile chomh maith le tionchar agus le saol a comhbhunaitheora, Luíse Gabhánach Ní Dhufaigh, díograiseoir Gaeilge, sufragóir agus gníomhaí spreagúil polaitíochta a rugadh sa Fhrainc.

Is in uimhir a 70, Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath a bhí scoil Ní Dhufaigh ar dtús ach tá sí suite anois i Raghnallach. 

Is anseo sa scoil úr a tháinig iardhaltaí clúiteacha le chéile lena gcuimhní cinn a roinnt. 

Ina measc, tá Éilís Ní Dhuibhne, an scríbhneoir agus drámadóir i nGaeilge agus i mBéarla ar ball d’Aosdána í agus iardhalta Scoil Bhríde.

Ina teannta, beidh baill den bhanna Bevel Jenny agus Liam Ó Maonlaí ó na Hothouse Flowers.

Rugadh Louise Gavan Duffy in 1884, iníon leis an iriseoir, file agus polaiteoir Gael-Astrálach Sir Charles Gavan Duffy, ar bronnadh ridireacht air as a chuid seirbhísí mar an 8ú Príomh-Aire ar stát Victoria na hAstráile.

Ar dhul ar scor dó in 1880, bhog sé chun na Fraince, phós den tríú huair agus bhí ceathrar clainne aige agus é sna 70í.

D’fhás Louise agus a triúr deartháireacha aníos i Nice na Fraince, an teaghlach breá saibhir agus an cultúr á chothú go bríomhar agus smaointe polaitiúla á bplé ag bunadh an tí ach spreagadh a suim in Éirinn agus sa Ghaeilge nuair a tháinig sí ar ghraiméar Gaeilge i leabharlann a hathar.

Cé nach raibh Gaeilge aige féin, ba náisiúnach go smior é Sir Charles (a rugadh i Muineachán) agus é gníomhach i ngluaiseacht Éire Óg i lár an 19ú haois.

Níor thug Louise a céad chuairt ar Éirinn go dtí 1903 nuair a d’fhreastail sí ar adhlacadh a hathar i Reilig Ghlas Naíon.

B’ansin a chuala sí an Ghaeilge á labhairt den chéad uair agus thit sí i ngrá leis an teanga láithreach bonn. Uaidh sin, chinn sí ar dul a chónaí i mBaile Átha Cliath agus líofacht a bhaint amach sa Ghaeilge. 

Faoi 1907, agus í 23 bliain d’aois, bhí an Ghaeilge ar a toil aici agus í ag teagasc i Scoil Íde, an scoil do chailíní a bhunaigh Pádraig Mac Piarais.

In 1917, in éineacht le Anne McHugh (a phós an polaiteoir Ernest Blythe) bhunaigh sí Scoil Bhríde, meánscoil lán-Ghaelige agus cailíní amháin a bhíodh ar an scoil ar dtús.

Ba í seo an chéad scoil in Éirinn ar éirigh léi córas lán-tumoideachais (gach ábhar a theagasc trí mheán na Gaeilge agus gach cumarsáid idir an fhoireann agus na daltaí i nGaeilge fosta) a thabhairt isteach agus ba í an eiseamláir í don iomad Gaelscoil a bunaíodh ó shin i leith.

Céad bliain níos moille, tá oidhreacht Louise Gavan Duffy ag bláthú, ar ndóigh, agus tá breis agus 55,000 dalta ag freastal ar ghaelscoileanna sa lá atá inniu ann.

Ar Scoil Bhríde – 100 Bliain d’Aois fosta, cluinfear Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUiginn, agus é ag cur i gcuimhne dúinn faoi na naisc a bhí ag bunaitheoir na scoile leis an chéad uachtarán, Dubhghlas de hÍde agus an dua beagnach dodhéanta a chuir Louise Gavan Duffy uirthi féin leis an scoil a bhunú. 

I gcuideachta an uachtaráin, tá Niamh O’Daly, iardhalta 91 bliain d’aois a d’fhreastail ar an chéad scoil i bhFaiche Stiabhna go gearr i ndiaidh a hoscailte agus Celia De Fréine, file, drámadóir, scríbhneoir scripte agus beathaisnéisí Louise Gavan Duffy. 

Faigheann léiritheoir an chláir, Róisín Ní Chéileachair – a d’fhreastail ar Scoil Bhríde í féin – amach fosta go bhfuil múinteoir i mbunscoil i mBéal Feirste a choinníonn cóip de leabhar faoi Louise Gavan Duffy ar chúl an chláir bháin s’aici chun í a spreagadh!

“Mo sheanaintín (an bhean 91 bliain d’aois atá sa chlár), arbh as an Iúr ó dhúchas di, téann sí siar bóithrín na smaointe gach Nollaig ag caint ar a spreagúla a bhí Louise Gavan Duffy mar mhúinteoir,” arsa Róisín.

 “Ise a spreag mise le taighde a dhéanamh ar stair cheannródaíoch na scoile agus mar a tháinig sí chun cinn le linn ré an-suimiúil i stair an oileáin.”

In 2910, scríobh beirt chailín ón scoil úr, Saoirse Nic Aonghusa agus Clara Ní Dhónaill faoi chur chuige Louise:

“Bhain Luíse leas as a cúlra neamhghnách a bhí aici le cruth oscailte idirnáisiúnta a chur ar an scoil ón gcéad lá. Aigne oscailte agus fiosrach a chruthú, meas ar an gcúltúr Gaelach a fhorbairt agus féinmhuinín is féinmheas láidir a mhúscailt i measc na ndaltaí, na mór-chuspóirí oideachais a bhí aici. 

Tá na tréithe seo le brath ar an scoil i gcónaí.” 

Beidh Scoil Bhríde - 100 Bliain d’Aois ar BBC Raidió Uladh ar an Déardaoin, 14 Nollaig ar a 7pm.