Irish-Language

Deir an Choimisiún Eorpach gurb é a thuairim "gur leor an dul chun cinn atá déanta" sa chéad bhabhta Breatimeachta

<strong><span style="color: rgb(68, 68, 68); font-family: Verdana, Arial, Helvetica, sans-serif; font-size: 12.100000381469727px;">DEARCADH AN RIALTAIS:</span></strong><span style="color: rgb(68, 68, 68); font-family: Verdana, Arial, Helvetica, sans-serif; font-size: 12.100000381469727px;"> An Taoiseach, Leo Varadkar (sa l&aacute;r) an Tanaiste Simon Coveney (ar dheis) agus an tAire Ghnotha&iacute; Eorpacha, Helen McEntee agus iad ag caint i mBaile &Aacute;tha Cliath i ndiaidh do Choimisi&uacute;n na hEorpa a r&aacute; gur leor an dul chun cinn a bh&iacute; d&eacute;anta sa chead thr&eacute;imhse de chainteanna Breatimeachta.</span>
DEARCADH AN RIALTAIS:DEARCADH AN RIALTAIS: An Taoiseach, Leo Varadkar (sa lár) an Tanaiste Simon Coveney (ar dheis) agus an tAire Ghnothaí Eorpacha, Helen McEntee agus iad ag caint i mBaile Átha Cliath i ndiaidh do Choimisiún na hEorpa a rá gur leor an dul chun cinn a bhí déanta sa chead thréimhse de chainteanna Breatimeachta.

Tá preasráiteas curtha amach i nGaeilge ag an Aontas Eorpach faoin tsocrú is déanaí maidir leis an Bhreatimeacht.

Deir sé:

"Is é an chomhairle atá curtha ag an gCoimisiún Eorpach ar an gComhairle Eorpach (Airteagal 50) inniu gur cheart a chinneadh gur leor an dul chun cinn atá déanta sa chéad chéim den idirbheartaíocht faoi Airteagal 50 leis an Ríocht Aontaithe.


Is faoin gComhairle Eorpach (Airteagal 50), a thionólfar an 15 Nollaig 2017, atá sé anois a chinneadh an leor an dul chun cinn atá déanta, agus an féidir leis an idirbheartaíocht bogadh ar aghaidh go dtí an dara céim den phróiseas.

Tá léirmheas an Choimisiúin bunaithe ar Thuarascáil Chomhpháirteach a d'aontaigh foirne idirbheartaíochta an Choimisiúin agus Rialtas na Ríochta Aontaithe agus a d'fhormhuinigh an Príomh-Aire Theresa May inniu le linn cruinniú leis an Uachtarán Jean-Claude Juncker.

Tá an Coimisiún sásta gur leor an dul chun cinn atá déanta maidir le gach aon cheann de na trí réimse tosaíochta, mar atá cearta na saoránach, an plé faoi Éirinn / Tuaisceart Éireann, agus an socrú airgeadais, mar atá leagtha amach sna Treoirlínte ón gComhairle Eorpach an 29 Aibreán 2017.

Tá sé deimhnithe ag idirbheartaí an Choimisiúin go gcosnófar na roghanna saoil atá déanta ag saoránaigh den Aontas Eorpach a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe. Tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas a fhágáil, ní thiocfaidh aon athrú ar na cearta atá ag saoránaigh den Aontas a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe ná na cearta atá ag saoránaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil cónaí orthu sna 27 mBallstát.

Tá sé deimhnithe, freisin, ag an gCoimisiún nach mbeidh aon chostas mór, ná aon chastacht mhór, ag baint le haon nósanna imeachta riaracháin a bheadh le comhlíonadh ag saoránaigh den Aontas Eorpach atá sa Ríocht Aontaithe.

Maidir leis an socrú airgeadais, tá glactha ag an Ríocht Aontaithe leis go seasfaidh na 28 mBallstát, an Ríocht Aontaithe san áireamh, le gach gealltanas airgeadais a thug na 28 mBallstát.

Maidir leis an teorainn idir Éire agus Tuaisceart Éireann, aithníonn an Ríocht Aontaithe an cás ar leith atá ann ar oileán na hÉireann agus tá gealltanais shuntasacha tugtha aici go seachnófar teorainn chrua.

Tá sonraí iomlána léirmheas an Choimisiúin le fáil sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Dul Chun Cinn ar an Idirbheartaíocht leis an Ríocht Aontaithe.

Seo a bhí le rá ag Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh: 

"Idirbheartaíocht chasta atá ann ach tá an chéad dul chun cinn tábhachtach déanta againn anois. Táim sásta leis an margadh cothrom atá déanta againn leis an Ríocht Aontaithe. Ar choinníoll go bhfuil na 27 mBallstát ar aon fhocal linn faoin léirmheas atá déanta againn, tá an Coimisiún agus ár bPríomhidirbheartaí Michel Barnier ullamh chun tús a chur láithreach leis an obair ar an dara céim den idirbheartaíocht. 

Cinnteoidh mé, mar a rinne mé go dtí seo, go mbeidh dlúthbhaint ag Parlaimint na hEorpa leis an bpróiseas trí chéile, óir is í Parlaimint na hEorpa a chaithfidh an Comhaontú deiridh um Tharraingt Siar a dhaingniú."

Seo mar a labhair Michel Barnier, Príomhidirbheartaí an Choimisiúin Eorpaigh: 

"Tá léirmheas an Choimisiúin bunaithe ar fhíordhul chun cinn a rinneadh i ngach aon cheann de na trí réimse tosaíochta a bhí againn. Trí chomhaontú a fháil ar na ceisteanna sin, agus trí theacht ar shocrú faoin méid atá taobh thiar dúinn, is féidir linn bogadh ar aghaidh anois agus plé oscailte muiníneach a dhéanamh faoin gcaidreamh a bheidh againn sa todhchaí."

Na chéad chéimeanna eile: Má mheasann an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) gur leor an dul chun cinn atá déanta, cuirfidh foirne idirbheartaíochta an Choimisiúin Eorpaigh agus Rialtas na Ríochta Aontaithe tús le dréachtú Comhaontaithe um Tharraingt Siar de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach bunaithe ar an Tuarascáil Chomhpháirteach agus ar an toradh a bhí ar an idirbheartaíocht faoi cheisteanna eile a bhaineann leis an tarraingt siar. I gcomhréir leis na Treoirlínte an 29 Aibreán 2017, agus a luaithe a bheidh na Ballstáit ar aon fhocal leis an gCoimisiún faoin léirmheas a rinne sé, beidh an Coimisiún ullamh chun tús a chur láithreach le haon socruithe idirthréimhseacha a bhféadfadh gá a bheith leo agus le plé turgnaimh faoin gcaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Cúlra

An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 50 den CAE. An 29 Aibreán 2017, ghlac an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) sraith Treoirlínte Polaitiúla. An 22 Bealtaine 2017, thug an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta (Airteagal 50) cead don Choimisiún Eorpach tús a chur leis an idirbheartaíocht leis an Ríocht Aontaithe agus ghlac sí treoracha don phróiseas idirbheartaíochta sin (na treoracha caibidlíochta).

Ba cheart an idirbheartaíocht a bheith thart faoi fhómhar na bliana 2018 le go mbeidh a dóthain ama ag an gComhairle, tar éis di aontú Pharlaimint na hEorpa a fháil, chun an Comhaontú um Tharraingt Siar a thabhairt i gcrích, agus ag an Ríocht Aontaithe chun é a fhormheas faoin 29 Márta 2019 i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá aici chuige sin.