Irish-Language

Scannán a thugann a luach do Sheosamh Ó hÉanaí agus don sean-nós

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">SEOSAMH &Oacute; H&Eacute;ANA&Iacute;:</b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; "> L&eacute;ir&iacute;onn an picti&uacute;r seo thuas chomh m&iacute;chompordach is a bh&iacute; an f&iacute;or-Joe i measc daoine. T&aacute; Colm Seoighe i r&oacute;l Joe &oacute;ig, Miche&aacute;l &Oacute; Chonfhaola mar Joe n&iacute;os sine agus Macdara &Oacute; F&aacute;tharta i scann&aacute;n iontach Pat Collins, </span><i style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">Song of Granite</i><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">&nbsp; &nbsp;</span>&nbsp;
SEOSAMH Ó HÉANAÍ: Léiríonn an pictiúr seo thuas chomh míchompordach is a bhí an fíor-Joe SEOSAMH Ó HÉANAÍ: Léiríonn an pictiúr seo thuas chomh míchompordach is a bhí an fíor-Joe i measc daoine. Tá Colm Seoighe i ról Joe óig, Micheál Ó Chonfhaola mar Joe níos sine agus Macdara Ó Fátharta i scannán iontach Pat Collins, Song of Granite    

Sárshaothar.

Níl leisc ar bith orm an focal a úsáid agus mé ag cur síos ar Song of Granite, scannán meabhrach Pat Collins a insíonn scéal Joe Éinniú, an t-amhránaí sean-nóis is fearr dá raibh riamh ann dar lena lán.

Ach ar ndóigh, baineann an scannán faisnéise lena bhfad níos mó ná sin. Ar na gnéithe móra, baineann sé lena bhfuil caillte den chultúr Gaelach againn idir theanga, scéalta, cheol agus amhránaíocht; baineann sé leis an imirce, cailliúint de chineál eile; déanann sé iniúchadh ar an nasc atá againn leis an timpeallacht agus na tírdhreacha thart orainn; baineann sé leis an tsaol.

Ar na ceisteanna a eascraíonn as saol Joe Heaney é féin, cuireann Song of Granite muid ag smaoineamh faoi ról an amhránaí mar chaomhnóir chultúir atá i dul i léig agus léiríonn sé an brú a chuirtear ar ealaíontóirí géillstin do nósanna a linne in áit a bheith dílis don dúchas.

Ach ag an am céanna, tá Song of Granite, ar cheann de na scannáin is áille dá bhfaca mé riamh. Scannánaithe i monacróm, nochtann sé, domsa ar scor ar bith, an dépholachas atá forleathan sa tsícé Éireannach - an lúcháir agus an ghruaim, an Chríostaíocht agus an Phágántacht, an ríl agus an fonn mall, Guinness féin,  lena chúr éadrom bánbhuí agus an searbhas tromchúiseach dubh thíos faoi.

Agus thiocfadh le Joe Éinniú bheith mar a gceanna - amhráin ghreannmhara á gceol aige nó é meidhreach i gcuideachta áirithe, bunús an ama ba léir gur chreid sé go raibh sé féin go pearsanta ag iompar ualach a dhúchais ar a dhroim, ualach dofhulaingthe in amanna, ach ualach nár mhian leis caitheamh uaidh.

Rugadh Seosamh Ó hÉanaí ar an Aird Thuaidh, Carna i nGaeltacht Chonamara i 1919. Amhránaí breá a bhí ina athair, Pádraig agus scéalaí cumasach a bhí ina mháthair, Béib Ní Mhaoilchiaráin nó Béib Sheáin Mhichíl Shéamuis.

Tosaíonn an scannán agus máthair Joe á bhreith oíche dhorcha agus na fir amuigh ar na bádaí ag iascaireacht gliomach, beag beann ar an uafás a tháinig chun deiridh an bhliain roimhe.

Níos maille, feiceann muid Joe ina ghasúir óg, é ina luí sa leaba, ag ceol Cúnnla i nglór nach bhfuil briste go fóill.

Is léir go raibh an amhránaíocht mar chuid thábhachtach dá shaol fiú an t-am sin.

Ba ghasúir é Joe Óg a chaith cuid mhór ama leis féin agus dúirt sé féin gur “caora dhubh” na clainne a bhí ann ach ba léir go raibh cion ag a athair air, agus iad ag iascaireacht gliomach nó ag baint móna nó ag feadaíl lena cheile.

Chonaic muid dlús an teaghlaigh ina suí cois tine, an t-athair ag ceol amhrán, seanleaid ag aithris scéalta, scéal Suibhne Gealt ar cheann acu, faoin fhear a chuaigh ar mire ar pháirc an áir agus a d’imigh leis mar bheadh éan ann, ó chraobh go craobh.

Cuireann Joe é féin i gcomparáid le Suibhne ag deireadh an scannáin ach sna radharcanna tosaigh seo, feiceann muid an leaid óg meabhrach ag súgradh cois srutháin, sean-amhráin na bhfilí ag luascadh thart ina chloigeann.

Óna athair a fuair sé iad agus tháinig siad anuas o na sean-fhilí a bhíodh sa cheantar, a mhíníonn Joe Óg le bailitheoir amhrán atá i gCarna le Pádraig Éinniú a thaifeadadh a dhéanamh. Fiú agus é óg, thuig Joe go raibh sé mar chuid de thraidisiún seanbhunaithe.

Tá an tírdhreach agus tuilleamaí na ndaoine air mar obair ealaíne, fíochmhar in amanna, suaimhneach síochánta in amanna eile.

Feiceann muid Joe arís agus é ag déanamh réidh le dul go Glaschú.

Faoin am seo, 1947, bhí athair Joe marbh, agus bhí seal caite aige i gColáiste ullmhúcháin Éinde go dtí gur caitheadh amach é. 

Bhain sé duaiseanna Oireachtais Deirtear gur thug sé iarraidh post a fháil ag dul thart ar scoileanna ag teagasc scileanna sean-nóis ach ba bheag suim a léirigh an Roinn Oideachais ann.

Is anseo a athraíonn Song of Granite agus feiceann muid scannán faisnéise de shaol n-oibrithe nÉireannach in Albain agus i Sasana an sonas agus an brón in aice a chéile agus ceol fidle á gcomóradh.

In Albain dó, phós Joe bean as Conamara, Mary Ní Chonghaile agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu ach cluin muid mac Joe ag rá go n-imeodh a athair leis ar feadh sealanna fada agus gan a fhios ag Mary cá raibh sé.

Nuair a chuala Joe Éinniú go bhfuair a bhean Mary bás i 1966 agus go raibh mac dá chuid ag éirí dall mar gheall ar an diaibéiteas, ní dheachaigh sé le iad a fheiceáil.

Mar a scríobh an bailitheoir amhrán, Tom Munnelly, i léirmheas ar CD Joe Heaney, “It is an unfortunate fact that many great artists were and are unlovely people.”

Tá míreanna iontacha síos fríd an scannán ach nuair a thosaíonn an amhránaíocht, is doiligh a shárú.

Ceolann Damien Dempsey The Rocky Road to Dublin; tugann Lisa O’Neill leagan iontach de The Galway Shawl agus ansin, buaicphointe an scannáin domsa, ceolann Micheál An Tiarna Randall, é ráite níos paiseanta ná amhrán sean-nós ar bith a chuala mé roimhe.

Is fiú breathnú air fosta mar tá greim an fhir bháite ar Shéamus Begley ar lámh Mhicheál agus é faoin gheasa ceanna is a bhí orm féin.

Sa deireadh, bhog Joe go Meiriceá, go Seattle, áit a bhfuair sé jab mar doirseoir ar bhloc mórluachach árasán, na sean-amhráin i nGaeilge agus i mBéarla, a gceol ina chloigeann aige i dtimpeallacht choimhthíoch.

Ach is é an bua a bhí ag Seosamh Ó hÉanaí an rud is chumhachtaí a thagann fríd Song of Granite.

Tá Colm Seoighe mar Joe Óg thar a bheith éifeachtach sa ról, mar amhránaí agus mar dhaimhseoir.

Bhí mé faoi dhraíocht ag glór Mhichíl Uí Chonghaile fosta mar Joe 2.

Léiríonn MacDara Ó Fátharta na gnéithe contrártha a bhí in Joe Heaney, an dea-ghiúmar agus an chantal, agus uaigneas an imircigh atá ina strainséara thar lear agus ina strainséara a bhaile.

Thuig sé an tábhacht a bhí leis an chultúr Gaelach a chaomhnú ach ní raibh sé sásta bheith ina showman le é a chur chun cinn, 

D’éag sé Lá Bealtaine 1984 agus tá sé curtha i reilig Mhaírois ina cheantar dúchais.

Tá Song of Granite le feiceáil in QFT ón 8 - 14 Nollaig. Gabh chuig bit.ly/2nwWfaa