Irish-Language

An mórtas cine a spreag Seán Ó Mainnín á léiriú i scannán iontach, Rocky Ros Muc

<b>SE&Aacute;N &Oacute; MAINN&Iacute;N:</b> Bh&iacute; an dorn&aacute;la&iacute; ina laoch ina bhaile d&uacute;chais, Ros Muc i nGaeltacht Chonamara, agus ag an t&iacute;r ar fad nuair a bh&iacute; s&eacute; ag dornala&iacute;ocht &oacute; 1978 go dt&iacute; 1993. Ach n&iacute;l ansin ach craiceann an sc&eacute;il at&aacute; &aacute; inse i <i>Rocky Ros Muc,</i>&nbsp;scann&aacute;n de chuid Below the Radar &nbsp;
SEÁN Ó MAINNÍN: Bhí an dornálaí ina laoch ina bhaile dúchais, Ros Muc i nGaeltacht Chonamara, agus ag an tír ar fad nuair a bhí sé ag dornalaíocht ó 1978 go dt&iacu SEÁN Ó MAINNÍN: Bhí an dornálaí ina laoch ina bhaile dúchais, Ros Muc i nGaeltacht Chonamara, agus ag an tír ar fad nuair a bhí sé ag dornalaíocht ó 1978 go dtí 1993. Ach níl ansin ach craiceann an scéil atá á inse i Rocky Ros Muc, scannán de chuid Below the Radar  

IS IOMAÍ gné a thagann le chéile i Rocky Ros Muc, scannán iontach a insíonn scéal an dornálaí Seán Ó Mainní. Is scannám é a chothóidh mothúcháin éagsúla i gcroí an tírghráthóra Éireannaigh - mar ab éigean do na sluaite de mhuintir na tíre dul ar an imirce, mar a choinnigh siad an daimh le hÉirinn, mar a choinnigh siad an Ghaeilge beo ar an taobh eile den Atlantach.

Ar an taobh eile, bhí taobh ghránna le cuid de na hÉireannaigh a chuaigh go cathracha móra Mheiriceá, iad go domhan sa choiriúlacht, ag cruthú mafia i Nua Eabhrac, i mBostún, i Philadelphia agus i Chicago.   

D’éirigh le Sean Ó Mainnín bheith chomh cliste céanna ag seachaint na taoibhe dorcha sin agus a bhí sé sa chró dornálaíochta. Níor leagadh go talamh é sa 57 troid a bhí aige.

Agus ar na rudaí is mó a spreag Seán bhí an mórtas cine, é dílis dá thír, dá theanga agus dá áit dhúchais, Ros Muc i nGaeltacht Chonamara. 

Áit ar leith í Ros Muc. 

Thit Pádraig Mac Piarais faoina dhraíocht an oiread sin, an tírdhreach agus cultúr láidir na ndaoine, gur thóg sé teachín ann.

Ar na daoine a thóg an teachín sin, bhí Máirtín Labhráis Ó Niadh agus a dheartháir Tom Labhráis Ó Niadh agus ba é Bairtle Ó Mainnín a rinne an obair adhmad ar theach saoire an Phiarsaigh.

(Ní den chéad uair a raibh ceangal idir muintir Uí Niadh agus muintir Uí Mhainnín – mar a fheicfidh muid níos maille).

Bhí Seán ar na leaids óga a throid sa chumann dornálaíochta a bhunaigh Mike Flaherty i Ros Muc agus ba léir ón tús gur trodaí iontach a bhí ann é i dtólamh ag cur ceisteanna faoin cheird.

Bhain an Mainníneach bonn uile Éireann sular bhog sé go Bostún Theas agus ba ansin a chuir sé barr feabhais ar a scileanna.

Bunaithe ar an leabhar le Rónán Mac an Iomaire, is scannán iontach é Rocky Ros Muc ar féidir sult a bhaint as ag leibhéil éagsúla.

Mar bheathaisnéis, tá sé thar barr. 

Léiríonn sé an codarsnacht idir an fear cúthail ciúin seo agus an trodaí fíochmhar sa chró.

Feiceann muid fear a bhí diongbháilte ag seasamh an fhóid dá chultúr dúchais.

Nuair a bhí sé le troid in éadan Mike McCollum i mbabhta ceannais an WBA, an babhta is mó ina shaol, dh’obair do gan dul ar aghaidh mar chuala sé go mbeadh amhrán náisiúnta na hÉireann le ceol i mBéarla agus ní i nGaeilge.

Roimh an troid chéanna, hofráladh $5,000 do dá gcaithfeadh sé an branda Wear-Hard ar a bhristí.

Dhiúltaigh sé cionn is gur Ros Muc i gcónaí a chaitheadh sé thart ar a chom.

Méadaíodh an tsuim suas go dtí $25,000 – an t-airgead céanna is a bhí sé á fhail don troid – ach dhiúltaigh sé.

Ar mhilliún dollar, ní dhéanfadh sé feall ar Ros Muc, a dúirt sé.

Bhíodh traenálaí i gcónaí leis sa chúinne leis sna troideanna, ar ndóigh, ach bhí dheartháir Paddy i gcónaí ansin fosta le Seán le Gaeilge a labhairt leis.

Cé gur dornálaí gairmiúil a bhí ann, ba chuma le Sean faoi chúrsaí airgid ar bhealach – sna troideanna ina raibh sé, fuair a bhainisteoir leathchuid den airgead duaise – ach ba thábhachtaí leis a chuid prionsabal agus a mórtas cine.

Is dócha go mbíodh sé ag cuimhneamh ar na hoícheanta sin a mbíodh sé ag “boxáil” le gasúir eile Ros Muc, nó ag súgradh sna páirceanna.

Bhí fear eile i mBostún Theas ag an am arbh as Ros Muc dó, Pat Nee (Ó Niadh mar a luaíodh níos luaithe) a bhain barr a cheirde féin amach - mar dhrongadóir (mobster).

Ag an gym a raibh Sean Ó Mainnín ag traenáil ann, bhí daoine eile a bhí ina mbaill de dhrong Whitey Bulger, duine de na coirpigh Éireannacha is mó clú i Meiriceá.

Bhíodh Pat Nee ina bhall de dhrong eile. Le linn aighnis éigin maraíodh a dheartháir Peter. 

Sa scannán cuireann sé síos ar an am ar scaoil sé duine cúig huaire mar dhíoltas.

“Scaoil mé é os cionn an chroí, faoin chroí, scaoil mé sa scamhóg é agus dhá uair sa bholg.

“Ansin, chiceáil mé a chuid fiacail isteach agus chaith mé sileog air.

“D’amharc mé air agus dúirt mé, ‘tá sé marbh’.

“Bhí cara liom ag fanacht liom agus d’imigh mé chun an bhaile go dtí go bhfuair mé scairt ghuthán ag inse dom gur tháinig sé slán,” arsa Nee.

Ina dhiaidh sin, d’éirigh comhoibriú idir lucht Nee, the Mullens Gang, agus lucht Whitey Bulger agus iad i mbun úsaireachta (loan sharks), caimiléireacht gheallghlacadóireachta agus coireanna eile. 

(Níos faide anonn, bhíodh Nee ag cur airm chuig an IRA ach sin ábhar ailt eile!)

Sin taobh eile de Southie mar a tugadh ar Bhostún Theas. Mar a deir fear amháin i Rocky Ros Muc, bhí rogha ag fir óga Southie, dul isteach sa mafia nó dul isteach sa dornálaíocht.

Do gach John “Red” Shea a chaith 12 bhliain i bpríosún mar mhangaire drugaí, bhí Marty Walsh, atá ina mhéara ar Bhostún inniu, fear eile as Conamara).

I dtaca le Seán Ó Mainnín, chuaigh sé an bealach ar fad a fhad leis an bhabhta ceannais domhanda ag meánmheáchan éadrom cé go raibh daoine ag rá go raibh sé ag ól barraíocht in áit a bheith ag traenáil.

Séanann sé sin go láidir.

“Bhí mé ag uimhir a haon ar domhan ar feadh sé mhí; bhí mé ag uimhir a dó ar feadh trí bliana, bhí mé sa deichniúr is fearr ar feadh cúig bliana agus chaith mé 10 mbliana i measc an 20 dornálaí is fearr.” ar sé.

Is scannán iontach é Rocky Ros Muc, atá déanta ag an chomhlacht léiriúcháin Feirsteach Below the Radar, agus ní nach ionadh go bhfuil sé san iomaíocht do na Academy Awards 2018, an chéad scannán fada faisnéise Gaeilge riamh le bheith san iomaíocht do na Oscars.

Beidh an scannán á thaispeáint ag QFT ón Aoine bheag seo ag 6.40pm, agus an oíche sin glacfaidh an stiúrthóir Michael Fanning agus Rónán Mac Con Iomaire ceisteanna ón lucht féachana.

Ar an Domhnach, taispeánfar leagan Gaeilge den scannán ag 6.10pm sa QFT. Tá ticeid ar fáil ó queensfilmtheatre.com/Whats-on/Rocky-Ros-Muc