Irish-Language

Pádhraig Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4, le dul ar luathscor san Earrach

<strong>LUATHSCOR:</strong> Agus beagnach ceathr&uacute; c&eacute;id caite aige le TG4, t&aacute; P&aacute;dhraig &Oacute; Ciardha ag &eacute;ir&iacute; as a phost mar Leaschannasa&iacute; an st&aacute;isi&uacute;n
LUATHSCOR: Agus beagnach ceathrú céid caite aige le TG4, tá Pádhraig Ó Ciardha ag éirí as a phost mar Leaschannasaí an stáisiún LUATHSCOR: Agus beagnach ceathrú céid caite aige le TG4, tá Pádhraig Ó Ciardha ag éirí as a phost mar Leaschannasaí an stáisiún

Beidh Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, ag dul ar luathscor i mí Feabhra 2018, i ndiaidh 23 bliain seirbhíse san eagras.

Is é Pádhraic an fostaí is faide seirbhís ag TG4 agus is le gnóthaí corparáideacha, caidreamh poiblí agus ionadaíocht ard-leibhéil is mó a bhain a chuid dualgais leis an gcainéal lena linn, ó 1995 i leith.

Bhí dlúthbhaint aige leis an réamh-ullmhúchán do Theilifís na Gaeilge, mar Chomhairleoir Craolacháin Gaeilge ag Máire Geoghegan-Quinn agus Micheál D Ó hUiginn, an bheirt Airí  a thug an togra chun cinn ag leibhéal Rialtais.  Sa ról sin bhí láimh an ghar don stiúir sna beartais pholasaí agus sna cinnidh Rialtais a glacadh chun go dtiocfadh ann don tseirbhís.  

Ina dhiaidh sin bhí sé ina Rúnaí ar Chomhairle Theilifís na Gaeilge ar feadh tréimhse an choiste sin agus ina dhiaidh sin mar Rúnaí do Bhord TG4 ó bunaíodh é mar chorparáid neamhspleách i 2007.    

Is é freisin a chum mana cáiliúil an chainéil súil eile. Chaith sé tréimhsí mar Chathaoirleach ar choistí éagsúla IBEC i réimsí na meán clos-amharc agus is é Cathaoirleach reatha Fhéile na Meán Ceilteach.

Sular thosaigh Pádhraic le TG4, bhí taithí fhairsing aige i réimse na hiriseoireachta chraolta i nGaeilge agus i mBéarla.

Ceapadh mar Chlár-Reachtaire Raidió na Gaeltachta i 1979 é, tráth ar bhunaigh an stáisiún óg sin oifig bhuan i mBaile Átha Cliath.  I ndiaidh cheithre bliana leis sin, ceapadh ina Eagarthóir é ar an mheitheal a bhunaigh an clár nuachta raidió Morning Ireland in RTÉ 1984. Ina dhiaidh sin bhí sé ina Chlár Eagarthóir ar Nuacht Ghaeilge RTÉ – raidió agus teilifís, go dtí 1992.

Thug Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, ardmholadh do shaothar agus d’oidhreacht Uí Chiardha: 

“Tá dlúthcheangal idir bhunú Theilifís na Gaeilge agus saol oibre Phádhraic,” a dúirt sé. 

“Mar Chomhairleoir ag na hAirí, b’é an droichead idir na feachtais phobail agus náisiúnta a bhí ag éileamh na seirbhíse agus an státchóras  a bhunaigh é.   I bpáirt le Cathal Goan agus Siún Ní Raghallaigh,  d’fhorbair sé an múnla faoinar saolaíodh TnaG.  Le trí bliana fichead, is é guth agus éadan TG4 agus ba mhinic muid ag brath ar a shaineolas iriseoireachta agus a bhreithiúnas eagarthóireachta nuair a bhí ceisteanna leochaileacha nuachta nó cúrsaí reatha faoi chaibidil inár gcláracha coimisiúnaithe. Bhí rian a láimhe go láidir ar luath-sholáthar spórt an chainéil freisin.

Mar ionadaí TG4 ar an iliomad eagras náisiúnta agus idirnáisiúnta agus mar chomhghleacaí stuama, geanúil, cronóidh muid go mór é agus beidh sé an-deacair an bhearna a fhágfaidh sé ina dhiaidh a líonadh.”