Irish-Language

Oíche cheiliúrtha ar bhean atá cruthaitheach i nGaeilge agus i mBéarla

<strong>&Eacute;ILIS N&Iacute; DHUIBHNE:</strong> T&aacute; blasanna den bh&eacute;aloideas le moth&uacute; i sc&eacute;alta &Eacute;ilise ach t&aacute; a cuid scr&iacute;bhneoireachta i nGaeilge agus i mB&eacute;arla chomh nua-aoiseach le rud ar bith at&aacute; &aacute; scr&iacute;obh faoi l&aacute;thair
ÉILIS NÍ DHUIBHNE: Tá blasanna den bhéaloideas le mothú i scéalta Éilise ach tá a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge agus i mBéarla chomh nua-aoiseach le rud ar bith at& ÉILIS NÍ DHUIBHNE: Tá blasanna den bhéaloideas le mothú i scéalta Éilise ach tá a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge agus i mBéarla chomh nua-aoiseach le rud ar bith atá á scríobh faoi láthair

Tá sé d’ádh orainn go bhfuil scríbhneoir chomh cumasach cruthaitheach le hÉilís Ní Dhuibhne againn, bean a bhaineann ardchaighdeáin amach i nGaeilge agus i mBéarla agus oíche Sathairn, tiocfaidh aos litríochta na Gaeilge le chéile le í féin agus a saothar a cheiliúradh.Tá ceithre leabhar Béarla scríofa ag Éilís, sé cinn i nGaeilge (Dúnmharú sa Daingean (2001), Cailíní Beaga Ghleann na mBláth (2003), Hurlamaboc (2005), Dún an Airgid (2007), Dordán (2011) agus Aisling Nó Iníon A (2015) chomh maith le sé bhailiúchán dá saothar agus seacht leabhar do pháistí.Léiríodh trí dhráma dá chuid fosta, beirt acu i nGaeilge.Bhí Cathal Póirtéir mar fhear a tí ar an oíche aitheantais agus ní ar mhaithe lena cuid scríbhneoireachta amháin a bhfuil meas aige uirthi.“Nuair a bhí mé mar léiritheoir in RTÉ Raidió 1 d'iarr mé ar Éilís uair nó dhó scripteanna Gaeilge a scríobh dom - dráma raidió agus gearrscéal raidió - agus ní raibh aon mhoill uirthi glacadh leis na tairiscintí agus rinne sí beart de réir a briathar agus bhí na lámhscríbhinní agam in am agus in eagar. Ní féidir sin a rá faoi gach scríbhneoir - creid uaim é!” ar sé.Ach níor leor é an phoncúlacht agus an phoncaíocht do scríbhneoir ar bith. Tá meas as cuimse as Cathal ar ghéarchúis scríbhneoireachta Éilis.“Bhí dúil mhór agam féin i gcónaí ina cuid gearrscéalta agus ar an léargas tuisceanach a thugann sí dúinn ar na mná agus na fir a chruthaíonn sí agus ar an saol ina maireann siad.“Tá daonnacht agus sochreidteacht ag baint leis na daoine seo go léir. Uaireanta braithim go bhfuil aithne agam féin ar chuid acu agus is mór an rud é sin le rá faoi chumas agus faoi cheardaíocht scríbhneora ar bith,” ar sé."Tá sé breis agus fiche bliain ó chonaic mé an léiriú a rinne Amharclann de hÍde ar Dún na mBan trí Thine in amharclann na Péacóige agus is cuimhin liom go fóill an tsamhlaíocht agus an fuinneamh a bhí ina cuid scríbhneoireachta. Tá Selected Stories Eilíse díreach críochnaithe agam agus tá na scéalta níos ciúine na mar a bhí scór bliain ó shin ach tá níos cumhachtaí anois. Tá daonnacht go smior iontu agus na tuiscintí breise a thagann le haois,” arsa Cathal.Agus tá Éilís thar barr ag aithris a chuid scéalta chom maith, dar leis an amhránaí, Lillis Ó Laoire.“Tháinig Eilís go Gaillimh anuraidh agus léigh sí as a húrscéal Aisling do na mic léinn,” a mhínigh sé.“Roghnaigh sí sliocht a rinne cur síos ar bhanlaoch óg an scéil ag dul amach ag ceannach seaicéad leathair i gceann de na siopaí éadaigh athláimhe sa chathair.“Chuaigh an sliocht seo I bhfeidhm go mór orm. Bhí idir ghreann agus ghéarchúis sa chur síos sa dóigh is gur éirigh leis an sliocht an t-éisteoir a mhealladh isteach i ndomhan an scéil, isteach in intinn an charachtair.”Measann Lillis gur scríbhneoir géarchúiseach í Eilís Ní Dhuibhne a thuigeann sí an bealach le scéal a inse de thairbhe an staidéir atá déanta aici ar na seanscéalta. .“Dar liom go bhfeictear tionchar an Bhéaloidis go láidir ar scríbhneoireacht Ní Dhuibhne, ní nach ionadh ó tharla gur scoláire béaloidis í.“Tuigeann sí an claochlú a chaithfear a chur ar uachtar an scéil, culaith an scéil agus go bhfanann na cnámha mar a chéile.“Tá éacht déanta aici lena bhfuil scríofa aici agus níl cuma air gur thráigh an tobar go fóill. Go maire sí buan ina cruthaitheacht ghéarchúiseach agus go bhfeice muid neart eile óna peann,” arsa Lillis.Beidh agallamh Chathail Póirtéir le hÉilis Ní Dhuibhne in Comhar na míosa seo.Don oíche aitheantais oíche Shathairn, bhí idir fhilí, úrscéalaithe, chriticeoirí agus cheoltóirí ag ceiliúradh Éilis Ní Dhuibhne - Nuala Ní Dhomhnaill, Lillis Ó Laoire, Éilis Ní Anluain, Áine Moynihan, Fergal Mac Amhlaoibh, Anne McCabe, Peter Browne agus Maighréad agus Tríona Ni Dhomhnaill ina measc.