Irish-Language

Cad é an teolas atá agat ar Ultais agus an ionann í agus an Ghaeilge?

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">L&Aacute;MH GHORM ULADH: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">T&aacute; &eacute;acht d&eacute;anta ag Nelson McCausland ag cur na hUltaise chun cinn agus t&aacute; lucht taca&iacute;ochta aige, is cos&uacute;il, in Stephen Nolan agus (</span><i style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">th&iacute;os ar dheis)</i><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; "> daoine &oacute;ga ag foghlaim faoi nu&aacute;laithe a bhfuil baint aici le Albainis-Uladh</span>&nbsp;
LÁMH GHORM ULADH: Tá éacht déanta ag Nelson McCausland ag cur na hUltaise chun cinn agus tá lucht LÁMH GHORM ULADH: Tá éacht déanta ag Nelson McCausland ag cur na hUltaise chun cinn agus tá lucht tacaíochta aige, is cosúil, in Stephen Nolan agus (thíos ar dheis) daoine óga ag foghlaim faoi nuálaithe a bhfuil baint aici le Albainis-Uladh 

BA É an pus a bhí ar aghaidh Stephen Nolan an rud is mó a chuir iontas orm agus a tháinig aniar aduaidh orm.

Bhí mé ag amharc ar an chéad chlár sa tsraith do fogies óga, The Top Table (don uair dheireanach), nuair a chaith Nolan, ní ceist ach achasán faoina fiacail, i dtreo Mháirtín Uí Mhuilleoir faoin Ultais.

Rud éigin cosúil le “ní thabharfadh sibh cothrom na Féinne don Ultais,” ar sé agus déistin ar a aghaidh go raibh Sinn Féin ag seasamh an fhóid ar mhaithe le reachtaíocht neamhspleách don Ghaeilge amháin agus ní  an tAcht uileghabhálach Cultúir a bhí á lorg, mar dhea, ag aontachtaithe.

Ba léir nach dtuigeann Nolan a dhath ar bith faoi chúrsaí teanga agus bhain sé geit agam chomh binbeach is a bhí an craoltóir maidir leis an Ultais.

Rith cúpla ceist fríd mo chloigeann a chuirfinn air agus roimh i bhfad an an iliomad ceist agam a léireodh a bhfreagraí na cúiseanna nár choir go mbeadh an Ultais ar comhchéim leis an Ghaeilge.

Shamhlaigh mé Nolan (nó Nelson McCausland) i suíochán Mastermind agus iad ag freagairt ceisteanna ar an Ultais.

Agus mé féin sa tsuíochan, away linn, starting now ..

Cá háit a dtig leat Ultais a fhoghlaim?

Áit ar bith. Níl oiread agus rang nó ceardlann amháin luaite ar shuíomh an Boord of Ulstèr Scotch agus ní raibh le cúpla bliain, má bhí ceann riamh ann.

Arbh fhéidir macasamhail leagan Ultaise den scéim Líofa a chur ar bun le líon áirithe de chainteoirí Ultaise a bhaint amach?

Ní dócha. Mura bhfuil daoine ag iarraidh an Ultais a fhoghlaim, cad é an mhaith é dul ina cheann.

Níl leagan Ultaise den fhocal líofa le fáil i stór focal an Ulster Scots Academy.   

Cá mhéad den teanga atá intuigthe ag daoine nach bhfuil Ultais acu?

Chóir a bheith an t-iomlán, seachas corrfhocal.

An bhfuil corpas ársa litríochta san Ultais?

Bhuel, tá litríocht ag dul siar na céadta bliain in Albanais ach ó tharla nár tháinig Albanais go hÉireann go dtí an 17ú céad, ní bheadh litríocht ársa in Ultais.

Cá mhéad scoil lán-Ultaise a cuireadh ar bun mar gheall ar éileamh ó thuismitheoirí?

Ceann ar bith.

An féidir an Ultais a dhéanamh ag A-Leibhéal? An ndéantar staidéar uirthi in ollscoil ar bith, in Éirinn nó thar lear?

Ní féidir. Pas.

An ndéantar staidéar ar an Ultais thar lear?

Go bhfios dom, ní dhéantar.

Ar tharla ollchruinnithe nó mórshiúlta a léirigh tacaíocht don Ultais, d’Acht Ultaise nó le go mbeadh sé mar chuid d”acht Chultúir?

Níor tharla.

Cad é an ról atá imeartha ag an Ultais le 50 bliain anuas i bhforbairt tuaithe/cathrach/pobail?

Ról ar bith go bhfios dom.

Cá mhéad post atá cruthaithe mar thoradh ar an bhorradh atá faoin Ultais?

Pas. Tá a fhios agam gur cruthaíodh poist ach níl a fhios agam cá mhéad.

An bhfuil ceol rap ann in Ultais? An féidir cultúr na hUltaise a nascadh le cultúir dhomhanda eile?

Níl IMLÉ, nó Jiggy nó Grioguir Labhraidh ar bith in Ultais. Seans mór gur féidir.

Cá mhéad clár atá déanta ag an Ciste Craoltóireachta na hUltaise in Ultais amháin agus fotheidil de dhíth?

Go bhfios dom, ceann ar bith.

Cad é mar atá an Ultais á cur chun cinn sna healaíona?

Níl a fhios agam

Cad chuige a bhfuil A Kist o’ Wurds ar Raidió Uladh i mBéarla caighdeánach?

Níl a fhios agam ach déarfainn cionn is nach bhfuil go leor cainteoirí líofa Ultaise ann nó go mbeadh daoine míchompordach á labhairt.

Cad é a deir saineolaithe idirnáisiúnta maidir le reachtaíocht neamhspleách teanga?

Deir siad nár cheart teangacha difriúla a mheascadh in aon phíosa reachtaíochta amháin.

Tá riachtanais éagsúla ag gach teanga agus go mbeadh sé le haimhleas gach teanga í bheith caite isteach i mála mór le teangacha eile.

An bhfuil polaiteoirí ina n-urlabhraithe do lucht labhartha na hUltaise nó a mhalairt?

Tá siad ann a déarfadh go bhfuil polaiteoirí ag brú na hUltaise chun cinn mar uirlis chun srian a choinneáil ar an Ghaeilge agus gur éirigh go maith leo go dtí seo.

An dtig leat na píosaí reachtaíochta a chuir an Ultais faoi chois a ainmniú?

Ní thig.

Cá bhfuil an t–éileamh do sheirbhísí Ultaise ag leibhéal an rialtais áitiúla?

Pas.

An bhfuil grúpaí Ultaise pobal-bhunaithe ann?

Caithfidh go bhfuil i bhfianaise na ndeontas a thug Paul Givan amach agus é ag iarraidh deireadh a chur le sparánachtaí Líofa.

Níl eolas ar bith agam ar cheann ar bith acu.

Anois, measaim go dtugann freagraí s’agamsa – agus aithním go bhféadfainn bheith contráilte i gcuid de na cásanna – le fios go mbeadh sé amaideach Ultais a chur ar chomhchéim leis an Ghaeilge agus nár cheart go mbeadh siad caite le cheile in aon phíosa reachtaíochta amháin.

Agus deirim sin mar dhuine a bhfuil an-dúil aige i ndánta in Ultais.

Ach is foirne sacair iad  Ballinamallard agus Carrick Rangers agus cumainn bhreátha gan aon agó ach ní féidir leo imirt i Sraith na gCuradh cionn is gur foirne peile iad ar nós Barcelona nó Bayern München iad.

Má dhéanann siad an oiread sin forbartha le go mbeadh siad i dteideal imirt sa Bernabéu nó sa Nou Camp, bheadh sin ar dóigh ach caitheann muid am a tabhairt dóibh leis an leibhéal sin a bhaint amach.

Tá sé mar a gcéanna leis an Ghaeilge agus leis an Ultais. Níl siad inchurtha lena chéile.

Dála an scéil, má tá freagraí níos beaichte agaibhse, cuir chugam ar rphost iad.