Irish-Language

Gach cineál siamsaíochta agus spóirt á chur ar fáil arís ag Gael Linn i mbliana

<b>ARDCHAIGHDE&Aacute;IN: </b>Laethanta saoire sa Ghaeltacht an ch&eacute;ad rud a smaoin&iacute;onn daoine orthu nuair a luaitear Gael Linn ach t&aacute; r&eacute;imse iontach de chom&oacute;rtais agus de chaitheamh aimsire &aacute; &eacute;agr&uacute; acu bliain i ndiaidh bliana a mb&iacute;onn na m&iacute;lte duine &oacute;g p&aacute;irteach iontu fosta
ARDCHAIGHDEÁIN: Laethanta saoire sa Ghaeltacht an chéad rud a smaoiníonn daoine orthu nuair a luaitear Gael Linn ach tá réimse iontach de chomórtais agus de chaitheamh aimsire á éagrú a ARDCHAIGHDEÁIN: Laethanta saoire sa Ghaeltacht an chéad rud a smaoiníonn daoine orthu nuair a luaitear Gael Linn ach tá réimse iontach de chomórtais agus de chaitheamh aimsire á éagrú acu bliain i ndiaidh bliana a mbíonn na mílte duine óg páirteach iontu fosta

AGUS BLIAIN úr  acadúil buailte linn, beidh Gael Linn ag cur scéimeanna, comórtais agus áiseanna ar fáil arís chun tacú leis an obair iontach atá á dhéanamh ag múinteoirí Gaeilge ar fud na tíre.

Beidh deis ag lucht bunscoile, meánscoile agus lucht tríú leibhéil páirt a ghlacadh sna scéimeanna éagsúla do dhaoine óga  idir cheol, dhíospóireachtaí agus chaint phoiblí, seónna scoile agus tallainne, a bhformhór urraithe ag Foras na Gaeilge.

Tá iarratais á nglacadh faoi láthair do na comórtais díospóireachta, Comórtas Uí Chadhain, do iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge 

(spriocdháta 18 Meán Fómhair 2017), agus do Chomórtas an Phiarsaigh, d’iar-bhunscoileanna nach bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc iontu (spriocdháta 25 Meán Fómhair 2017  agus cuirfear tús le babhtaí go luath i mí Dheireadh Fómhair. 

Is comórtas tallainne é Scléip ina gcuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha agus atá dírithe go sonrach ar na hiar?bhunscoileanna lán-Ghaeilge.  

Tugtar deis do dhaltaí ceol, amhráin, cóiréagrafaíocht agus sceitsí a chur ar stáitse in amharclanna ó cheann na tíre, os comhair moltóirí proifisiúnta.  

Áirítear Siansa Gael Linn anois ar cheann de phríomhchomórtais ceoil/amhránaíochta na tíre do dhéagóirí, agus bíonn an craobhchomórtas ar siúl gach bliain sa Cheoláras Náisiúnta. 

Bíonn fáilte roimh iontrálacha ó scoileanna, ó eagrais agus clubanna ceoil, nó fiú is féidir le cairde teacht le chéile mar ghrúpa.  

I gCúige Uladh, beidh Tráth na gCeist Gael Linn, sraith de imeachtaí spraíúla ag rogha ionad éagsúla, ar siúl i rith mhí Deireadh Fómhair. Cuirfear tús ansin freisin le babhtaí Abair,  comórtas cainte poiblí, agus taithí i labhairt na Gaeilge do scoláirí an sprioc.                                                                    

Beidh sraith de fhéilte Coirm ar siúl in ocht amharclann ar fud na tíre le linn mhíonna Feabhra agus Márta.  

Beidh fáilte roimh scoileanna seó (fiche nóiméad ar fhaid) i nGaeilge ar ardán a léiríonn na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile.  

Níl comórtas i gceist le Coirm, ach tugtar aitheantas i bhfoirm gradaim do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán ag na féilte.  

Anuas air sin, eagraíonn Gael Linn sraith de Fhéilte Peile ag deireadh na scoilbhliana, dhá cheann i gCúige Mumhan 

agus ceann amháin i ngach cúige eile, chun deis a thabhairt do dhaltaí ó Ghaelscoileanna agus ó bhunscoileanna Gaeltachta bualadh le chéile ar ócáidí ina mbíonn an Ghaeilge in uachtar mar theanga labhartha.

Is scéim tacaíochta í Gaelbhratach (www.gaelbhratach.ie) do scoileanna de gach saghas ar fud na hÉireann. 

Díríonn Gaelbhratach ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhonn struchtúrtha, pleanáilte agus taitneamhach sna bunscoileanna agus sna hiar-bhunscoileanna.

Eagraíonn Gael Linn coláistí samhraidh sa Ghaeltacht i gCorcaigh agus i nDún na nGall gach samhradh, chomh maith le cúrsaí do dhaoine óga i mBaile Átha Cliath.

Do lucht tríú leibhéal, beidh comórtas díospóireachta do mhic léinn a reáchtáil ar an Satharn 4 Samhain,  le linn Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne.  

Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times agus duaiseanna airgid ar na buaiteoirí.

Beidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn,  atá éagsdírithe ar mhic léinn atá ag déanamh staidéar ar an dlí, ar siúl i ar an Aoine, 10 Samhain 2017 sna Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath. 

Anuas air sin, foilsíonn Gael Linn sraith de théacsleabhair a mbíonn an-tóir orthu ag ranganna a bhíonn ag gabháil don Ardteistiméireacht agus don Teastas Sóisearach. Foilsítear Dréimire agus Staighre i sé chaibidil i rith na scoilbhliana. 

Foilsítear Splanc, atá dírithe ar an Idirbhliain, i 3 chaibidil, ceann in aghaidh an téarma agus bíonn an t-ábhar i gcónaí suas chun dáta. 

Agus tá Gael Linn i mbun dáileadh ar An Fáinne, idir óir agus airgid.

Is féidir clárú d’imeachtaí agus tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh idirlín Gael Linn (www.gael-linn.ie) nó ó 00 353 1 675 1200.