Ba dhoiligh liom a chreidbheáil go dtarlódh sléacht ar na sráideanna ar shiúil mé féin agus beirt chairde orthu mí ó shin.
Is breá liom cathair Barcelona - a háilleacht, a muintir, a stair.
Bhí mé ansin i mí Iúil agus an chéad rud a thug mé faoi deara ná chomh hilnáisiúnta is a bhí sé.
Bhí árasán againn ar an Diagonal i lár na cathrach agus ba le hÁisigh bunús na mbialanna agus na siopaí éadaí a bhí ar na gaobhair.
Tá mé cinnte go raibh iontas orthu go dtiocfadh le triúir Éireannach an oiread sin beorach a ól in aon seisiún amháin!
Cé go bhfuil feachtas ar bun sa Spáinn i gcoinne an oiread sin turasóirí bheith sa tír agus ar a hoileáin, bhí an uile dhuine thar a bheith cairdiúil agus forbhfáilteach, díreach mar a bhí siad i 1984 (agus an uile fhear ag caint ar Steve Archibald a bhog ó Spurs go Barça an bhliain sin); in 2006 nuair a chuaigh mé ann den dara huair le mo mhac agus in 2017 leis an chara a bhí liom 33 bhliain ó shin.
Gach uair, shiúil muid ar Les Rambles/Las Ramblas. Anois, mheabhraím ar na sluaite a bhíonn ann ag fáil dídine ón ghrian, teaghlaigh agus lánúnacha ag siopadóireacht sa mhargadh nó ag lí uachtar reoite go suaimhneach soineanta.
Agus a mhalairt – fear lán fuatha agus feirge ag marú daoine nach raibh aithne aige orthu, idir óg agus aosta, seandaoine agus babaithe i bpramanna.
Thig liom a sceimhle a shamhail, an callán, an caoineadh, an bhéicíl
Go bhfóire Dia ar na daoine a gortaíodh agus le gaolta na marbh.
Beidh taibhsí ag siúl ar La Ramblas go n-imeoidh an tráma a mhothóidh an chathair.
Beidh an bás ceangailte leis an cheantar sin go cionn i bhfad in áit na bpléisiúr simplí as a raibh sé clúiteach.
Tá áiteanna mar sin abhus, áiteanna inar tharla uafáis le 40 bliain anuas agus ar a bhfuil smál go fóill. Ní gá dom iad a ainmniú.
Agus tá áiteanna eile ann nach meabhrófá choíche gur tharla dúnmharú iontu, sráid chiúin chathrach nó lána uaigneach tuaithe. Tá na taibhsí ansin níos ciúine.
Mar a gcéanna le Cambrils, baile atá cóngarach do Salou, áit a dtéann cuid mhór Éireannach ar laethanta saoire.
Tá físeán ar an idirlíon a thaispeánann an cúigiú duine de na hionsaitheoirí á mharú.
Arís, is cosúil go bhfuil turasóirí ar na daoine a bhfuil lucht an fhoréigin ag díriú orthu, treocht atá ag éirí níos láidre.
Má mharaíonn tú daoine as tíortha éagsúla, is amhlaidh is mo an phoiblíocht a gheobhaidh tú agus is amhlaidh is mó a dhéanfaidh tú dochar do thionscal turasóireachta na tíre a bhfuil tú á hionsaí.
Tógann sé sin an cheist, ar cheart dúinn fanacht sa bhaile.
Cuireadh ceist orm an raibh mé céillí agus turas go Málaga beartaithe agam don mhí seo chugainn.
Nuair a thosaíonn smaointeoireacht mar sin, cuireann sé leis an dochar atá déanta ag na hionsaithe fuilteacha.
Bhí an tuaisceart anseo thíos go mór leis na trioblóidí. Ba bheag duine a thiocfadh le haithne cheart a chur ar dhaoine anseo.
Ná ligimis don rud céanna titim amach don Chatalóin.