Irish language

Mar a fuair Aontachtaigh a móramh ó thuaidh agus cad é a tharlóidh anois?

SIR JAMES CRAIG: Ba é James Craig (Lord Craigavon) an duine ba mhó a chinn nár chóir ach sé chontae as naonúr Chúige Uladh a ghlacadh mar chuid de stát úr Thuaisceart Eireann le go mbeadh móramh buan ag Aontachaithe
Robert McMillen

Ag fás aníos an chéad seo caite, rud iontach simplí  a bhí in athaontú na tíre. Ruaigeadh na nGall as Éirinn agus síocháin a chothú idir comh-Éireannaigh ar an oileán.

Ar ndóigh, ní raibh sé riamh chomh simplí sin.

Bhí daoine ann a chreid go raibh an troid le déanamh in éadan rialtas Briotanacha agus bhí daoine eile a chreid gur chóir caidrimh a thoiseacht le hAontachtaithe ar tús. Mura mbeifeá in ann cur ina luí ar Phrotastúnaigh gur lena leas a bheadh Éire Aontaithe, cad é is fiú cinneadh ar bith ó Rialtas Westminster?

Bhí Páirtí Aontachtach Uladh i réim sna Sé Chontae le leathchéad bliain agus gan aonduine ag cur ina gcoinne gur thosaigh Cumann Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann i lár na 1960i.

B’shin a chuir an lasair sa bharrach. Bhí daoine riamh ann a dúirt nárbh éigean úsáid a bhaint as an lámh láidir cionn is go dtitfeadh an stát tuaisceart as a chéile cionn is go raibh sé bunaithe ar an tseicteachas agus ar an fhorlámhas.

Bhí sé sin le feiceáil nuair a thosaigh an feachtas ar son cearta sibhialta, fear amháin, vóta amháin.

Ni raibh rialtas aontachtach Stormont in ann déileáil leis ach tríd an lámh láidir, an RUC i gcomhpháirtíocht le grúpaí antoisceacha dílseacha.

Rud eile ar a raibh an stát bunaithe ba é an tromlachas (majoritarianism) ach den chéad uair riamh, i mbliana, chaill aontachtaithe a móramh i dtoghcháin don Tionóil agus do Westminster.

An gciallaíonn sé sin go bhfuil Éire aontaithe ar na bacáin agus móramh náisiúnaíoch sa tuaisceart? 50%+1?

Ag plé na ceiste sin ag chaint thar a bheith suimiúil i rith na seachtaine seo, bhí an staraí, an Dr Eamon Phoenix; iarbhall den pháirtí dílseach an PUP, agus an tráchtaire ar chúrsaí polaitíochta, Chris Donnelly.

Ag oscailt an tseisiúin, dúirt an cathaoireach, Andrée Murphy, gur thug an dá thoghchán in 2017, pictiúir éagsúla, difríochtaí móra idir na torthaí faoin ionadaíocht chionmhar agus faoin chóras “first past the post.” 

Níl toghchán foirfe mar léargais ar bhá an phobail go minic.

Leis an chúlra a thabhairt ar an dóigh ar chruthaigh aontachtaithe móramh buan dóibh féin, dar leo, mhínigh an Dr Phoenix cúlra na críochdheighilte agus an dóigh ar fágadh trí chontae Ultacha ar lár sa ín úr.

“Rinne Andrew Bonar Law, feall ar Sir Edward Carson,” ar sé.

Mhol Carson go bhfágfaí naoi gcontae Chúige Uladh as an áireamh agus an Bille Rialtas Dúchais isteach á phlé ar an chéad lá de 1913, le tacaíocht ó Bonar Law.

Ach rinne Law athmhachnamh agus thug a thacaíocht do stát sé chontae (moladh stát ceithre chontae roimhe sin).

Chaill Carson stádas agus d’éirigh James Craig níos cumhachtaí. Bhí Craig go dubh in éadan plean na naoi gcontae.

Nuair a chuaigh an tAire Oideachas, Herbert Fisher, a fhad le Craig le fáil amach cad é an dearcadh a bhí aige maidir leis na hidirbheartaíochtaí a bhí ag dul ar aghaidh, dúirt Craig leis nach raibh sé i bhfách le socrú ina bhfágfaí naoi gcontae faoi chúram na nAontachtach agus gurbh fhearr sé chontae. 

Thuairiscigh Fisher gur dhúirt Craig leis gur chreid sé go mbeadh naoi gcontae do-rialaithe.

Is é an rud is suimiúla ná go bhfuil na figiúirí inniu maidir le Caitlicigh agus Protastúnaigh mar a bhí siad sna blianta roimh an chríochdheighilt.

An bhfuil “Tuaisceart Éireann” mar a aithníonn muid anois “do-rialaithe”?

Tá cuid mhór cainte ag dul ar aghaidh faoi pobalbhreith ar cheist na teorann.
An é seo an t-am ceart le sin a bhrú chun cinn nó arbh fhearr fanacht go dtí go bhfuil cinnteacht ann go n-éireodh leis? An gcaithfear fanacht le dea-thoil na nAontachtach? Nach rachadh aontachtaithe i mbun an fhoréigin le hÉirinn Aontaithe a stopadh, beag beann ar dhreasachtaí eacnamaíochta a d’eascródh as an tír bheith aontaithe?
B’fhiú go mór éisteacht le Sophie Long le dearcadh mná dílsigh a fháil ar an cheist seo.

D’aontaigh sí gur cruthaíodh an stát o thuaidh cionn is go ndeachaigh an UVF in éadan rialtas Westminster.

“Chuaigh siad chun ceannairce in éadan na Breataine le curtha gur Briotanaigh iad agus tugadh stát dóibh le smacht a bheith acu air,” ar sí ach dúirt sí gur rud maith agus drochrud é go raibh an móramh caillte ag aontachtaithe.

“Inniu, is maith go bhfuil an móramh sin imithe cionn is go raibh sé éagórach sa chéad dul síos.

“Ní raibh sé de cheart ag Aontachtaithe stát a chruthú ina raibh pribhléidí ag an chultúr Aontachtach agus Oráisteach ach a chaith leis an Éireannachas faoina luach,” ar sí. 

“Is drochrud é fosta mar, má chreideann tú sa pholaitíocht atá bunaithe ar leas an aicme oibre, nó i bpolaitíocht an fheimineachais, má fheiceann tú an poblachtachas ag fás, is ábhar imní é sin.

“Daoine a thug vóta don PUP i mí an Mhárta, chaith siad vóta ar son an DUP i mí an Mheithimh, cé gur dhúirt cuid acu liomsa go raibh siad i bhfách leis an ghinmhilleadh, don phósadh aerach agus nach raibh siad seicteach agus go raibh fuath acu ar an DUP - ach b’éigean dóibh vótáil ar son an DUP mar gheall ar an vóta a fuair Sinn Féin i mí an Mhárta.”

Níor chuir sé aon iontas uirthi gur tháinig náisiúntóirí óga amach ina sluaite mar fhreagair ar “cultúr an dímheasa” i measc aontaithe ag na toghcháin áitiúla ach ní raibh duine ar bith sa phobal aontachtach a chreid go gcaillfeadh siad 10 suíochán sa Tionól.

Dúirt Sophie gur amharc aontachtaithe ar an chothromaíocht mar chailliúint mar tá siad ag bogadh ó fhorlámhas go dtí stádas cothrom.

Níor chreid sí i “meon an léigir” go dtí i mbliana agus feiceann sí aontachtaithe/dílseoirí, agus go bhfeiceann dílseoirí iad féin mar phlandálaithe, imeallaithe ag  dreamanna eile atá naimhdeach nó neamhiontaofa.”

Dúirt Chris Donnelly go bhfeiceann seo go mbeadh “Tuaisceart Éireann” ann fiú taobh istigh d’Éirinn Aontaithe le go mothódh “aontachtaithe” más sin an téarma cuí le húsáid, compordach in Éirinn úr a bheadh oscailte do gach duine

Enjoy reading the Irish News?

Become a subscriber and get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: