Irish-Language

Arán agus rósanna - agus damhsa - do na Gaeil óga atá ag iarraidh Acht Gaeilge

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">MOL AN &Oacute;IGE: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">Agus tiocfaidh s&eacute; a deir an seanfhocal agus deir ceann eile go molann an obair an fear (agus an bhean) agus t&aacute; an d&aacute; nath f&iacute;or faoi aos &oacute;g na Gaeilge &oacute; thuaidh agus &oacute; dheas at&aacute; ag obair ar shean an nd&iacute;cheall ar son a dteanga at&aacute; mar chuid l&aacute;rnach den todhcha&iacute; a fheiceann siad d&oacute;ibh f&eacute;in, todhcha&iacute; ina bhfuil an obair dhian chomh t&aacute;bhtachtach le pl&eacute;isi&uacute;ir an tsaoil</span><span class="Apple-converted-space" style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">&nbsp;</span>&nbsp;
MOL AN ÓIGE: Agus tiocfaidh sé a deir an seanfhocal agus deir ceann eile go molann an obair an fear (agus an bhean) ag MOL AN ÓIGE: Agus tiocfaidh sé a deir an seanfhocal agus deir ceann eile go molann an obair an fear (agus an bhean) agus tá an dá nath fíor faoi aos óg na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas atá ag obair ar shean an ndícheall ar son a dteanga atá mar chuid lárnach den todhchaí a fheiceann siad dóibh féin, todhchaí ina bhfuil an obair dhian chomh tábhtachtach le pléisiúir an tsaoil  

Tá céim (damhsa) eile le glacadh eile i dtreo an Achta Gaeilge an Satharn seo chugainn (5 Lúnasa) ag a mbeidh Gaeilgeoirí an tuaiscirt ag bopáil ar son na cúise.

Beidh an Dioscó Dearg ar siúl sa Devenish in iarthar Bhéal Feirste agus ní amháin go mbeidh spraoi agus spórt ann ach rachaidh an t-airgead uilig a thógtar ar an oíche chun sochair an Dreama Dheirg, an eagraíocht atá ag stocaireacht ar shon Acht Gaeilge o thuaidh.

Beidh scoth na gceoltóirí ar an ardán - an grúpa spleodrach as Ciarraí, Polca 4, an Conallach mná Emma Ní Fhíoruisce, an grúpa óg corraitheach Tonnta agus, laochra an reggae Gaeilge, Bréag.

Obair mhaslach atá sa réabhlóidíocht ach mar a dúirt an file agus ceardchumannaí, Rose Schneiderman, tá arán agus rósanna de dhíobháil ar dhaoine.

Ciallaíonn sé sin, dar liomsa, go bhfuil na rudaí bunúsacha a choinníonn beo muid riachtanach don uile dhuine ach tá siamsaíocht agus pléisiúir de dhíth sa tsaol seo chomh maith.

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, urlabhraí ar son an Dreama Dheirg, gurb é an dioscó seo an chéad chéim eile san fheachtas Acht Gaeilge a bhaint amach agus d’iarr sé orthu sin a thug tacaíocht don Lá Dearg, an lá iontach sin inar shiúil na mílte ón Chultúrlann go Halla Cathrach Bhéal Feirste, d’iarr sé orthu leanstan ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta don fheachtas.

“O bhí an Lá Dearg againn i mí na Bealtaine, ócáid ina bhfaca muid na sluaite daoine nach bhfaca muid a líon roimhe seo, amuigh ar shráideanna Bhéal Feirste, amuigh ar an sráideanna tá an feachtas ar son Acht Gaeilge go sonrach ar chláracha nuachta in Éirinn agus thar lear,” arsa Ciarán.

“Tá sé seo amhlaidh mar thoradh ar an tacaíocht ollmhór atá á thabhairt don fheachtas ó dhaoine as gach cúlra polaitiúil nó creidimh. “Chonaic muid pobal uaillmhianach muiníneach na Gaeilge an lá sin,” arsa Ciaran ach d’admhaigh sé fosta o raibh obair mhór roimh an uile dhuine den lucht tacaíochta sin Acht Gaeilge a bhaint amach.

“Ainneoin an dea-obair uilig go dtí seo, níl Acht Gaeilge againn,” ar sé.

“Fúinne atá sé leanstan ar aghaidh leis an stocaireacht, leis an ghníomhaíocht agus leis an spreagadh ar bhonn dearfach le go mbainfidh muid fíor-athruithe amach don phobal uile.

“Is e an Dioscó Dearg an chéad chéim nádúrtha eile, ní amháin le dlús a chur faoin fheachtas leanúnach s’againn arís eile, ach leis an rath iontach atá ar an Dream Dearg a cheiliúradh agus aitheantas a thabhairt d’athbheochan nua-aimseartha seo na Gaeilge.”

Ón uair a raibh Gaeilgeoirí fánacha scoite ar fud bhéal Feirste, léireoidh an An Dioscó Dearg seo go bhfuil pobal Gaeilge anois ann, pobal atá daingean diongbháilte go mbainfidh siad a gceart amach, cearta a bheidh le leas an uile dhuine.

Beidh an spiorad bródúil ceiliúrtha agus dearfachta sin le mothú ar an oíche agus  cuid de na grúpaí is bisiúla sa tír réidh le díon an Devenish a thógáil – go meafarach, ar ndóigh!

Mar sin, tá cuireadh á thabhairt ag an Dream Dearg duit féin agus do do chairde – bíodh Gaeilge acu nó ná bíodh – bheith i láthair ag ócáid stairiúil eile a bheidh ar bhuaicphointe na bliana seo. Dean damhsa ar son do chearta!

Tá an oíche á reáchtáil i gcomhair le Féile an Phobail, agus dar le stiúrthóir na féile, Kevin Gamble, ar Gaeilgeoir e féin.

‘Tá Féile an Phobail thar a bheith sásta bheith ag comhoibriú leis An Dream Dearg, a bhfuil a fheachtas ar son Acht Gaeilge aitheanta mar cheann de na feachtais is beoga agus is cumhachtaí atá feicthe ó thuaidh le fada an lá.” ar sé.

‘Seasann an Fhéile gualainn ar ghualainn le pobal na Gaeilge agus an troid ar son a gcearta, troid atá ag dul i bhfeidhm ar dhaoine ar fud na hÉireann.

“Tabharfaidh An Dioscó Dearg deis dúinn na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír a fheiceáil ar aon ardán amháin agus tabharfaidh sé cabhair agus cúnamh don fheachtas ceannródaíoch seo. Beidh fáilte roimh an uile dhuine, bígí linn,”  arsa Kevin.

Osclóidh na doirse don Dioscó Dearg ar a 8in agus caithfear cuimhneamh gur gá ticéad a bheith daoine le fáil isteach.

Rachaidh gach brabús chuig an Dream Dearg agus chuig an feachtas Acht Gaeilge a bhaint amach.