Irish-Language

Beidh fuinneamh agus acmhainn grinn de dhíth ort ag Féile Charn Tóchair

<b>ALTAN: </b>Tr&iacute;ocha bliain ag f&aacute;s agus ag d&eacute;anamh ceoil den scoth, beidh Altan i mbun ceoil le linn Fh&eacute;ile Charn T&oacute;chair gar do Mhachaire R&aacute;tha i l&aacute;r Chontae Dhoire an mh&iacute; seo ach t&aacute; cuid mh&oacute;r imeachta&iacute; eile beartaithe don uile ghl&uacute;in &oacute;n rith ar An Charn go dt&iacute; an com&oacute;rtas poc fada, camp&aacute;il thar o&iacute;che don teaghlach ar fad agus c&aacute; bhfios eile!&nbsp; &nbsp;
ALTAN: Tríocha bliain ag fás agus ag déanamh ceoil den scoth, beidh Altan i mbun ceoil le linn Fhéile Charn Tóchair gar do Mhachaire Rátha i lár Chontae Dhoire an mhí seo ach tá cuid mh ALTAN: Tríocha bliain ag fás agus ag déanamh ceoil den scoth, beidh Altan i mbun ceoil le linn Fhéile Charn Tóchair gar do Mhachaire Rátha i lár Chontae Dhoire an mhí seo ach tá cuid mhór imeachtaí eile beartaithe don uile ghlúin ón rith ar An Charn go dtí an comórtas poc fada, campáil thar oíche don teaghlach ar fad agus cá bhfios eile!   

CÉ GO mbíonn obair mhaslach de dhíth le pobal a fhorbairt, is éigean go mbeadh spraoi ann chomh maith.

Mar sin de, beidh Spraoi an tSamhraidh ag mealladh daoine ó lár Dhoire le linn Fhéile Charn Tóchair a bheidh ar siúl idir an 1-15 Iúil.

Ní hionann sin is a rá nach mbeidh aon obair le déanamh ag cuairteoirí - beidh dianchúrsa Gaeilge Aon Lae ar siúl Dé Sathairn an Satharn seo romhainn (8 Iúil). 

Ba dheis iontach é an cúrsa lae seo, le snas a chur ar do chuid Gaeilge nó blaisín a thabhairt ar an Ghaeilge má tá tú a foghlaim don chéad uair. Clúdófar na ranganna giota de scríbhneoireacht, léitheoireacht agus éisteacht na Gaeilge le béim ar leith ar an Ghaeilge labhartha. 

Is féidir le rannpháirtí bheith ag dúil le craic agus spraoi sna ranganna le foireann d’oidí den chéad scoth a bhfuil taithí fhada acu as ranganna do dhaoine fásta a theagasc. 

Beidh rannpháirtíthe ábalta roghnú as cúig leibhéal: Bunrang, Meánrang (íochtarach), Meánrang (uachtarach), Ardrang agus Rang Cruinnis. 

Beidh na ranganna ar siúl ó 10am go 3pm agus costas £15 ar an lá le lón agus sólaistí san áireamh. Ní mór áiteanna a chur in áirithe ancarn.yapsody.com  028 79549978

Tá An Carn suite i gceann de na ceantracha is áille sa tuaisceart agus cad é a bheadh níos fearr ná Campáil Fhiáin Teaghlaigh i nDroim nDamh.

Le linn na Féile i mbliana, beidh oíche campála i dTearmann Dúlra Pobail Dhroim nDamh. Beidh fáilte roimh theaghlaigh a bpubaill a chur suas agus sult a bhaint as an nádúr i dtimpeallacht álainn san oíche. 

Do na teaghlaigh siúd nach raibh ag campáil riamh, beidh cuidiú ar fáil le puball a chur in airde. 

Beidh craic ann don teaghlach ar fad le hamhráin, le scéalaíocht agus le ceol cois tine, spraoi agus cluichí do pháistí chomh maith le siúlóid oíche agus faire ar na réaltaí. 

Beidh an rogha ag teaghlaigh (ar costas breise) nuair a chuireann siad áit in áirithe le Bearbaiciú agus bricfeasta a ordú, a bheas curtha ar fáil le Arbutus Catering. 

Ticéid: Campáil amháin: Daoine fásta: £10 Páistí: £5 Ráta Teaghlaigh: £30

Roghnach: BBQ: Daoine Fásta: £6 páistí: £3 Bricfeasta: £4 Páistí: £2.50

Tuilleadh eolais agus áirithintí: ancarn.yapsody.com

Beidh imeachtaí eile ag titim amach le linn na féile, ina measc Aifreann Gaeilge ag Carraig Aifrinn Ghreanacháin, Bóthar Mhuine Searbháin, Baile an tSuatrigh ar 7.30pm, Dé Máirt 4 Iúil. 

Díreach i ndiaidh an Dianchúrsa, Dé Sathairn, beidh Siúlóid Staire Treoraithe (dátheangach) le Déaglán Ó Doibhlin ar Shuí Fionn. 

Beidh rannpháirtí ag foghlaim faoi stair Shuí Fionn mar a raibh cathaoir Fhinn Mhic Cumhaill de réir an tseanchais.  

Baileoidh lucht an turais ag An Charn ar 4pm. Costas: £3 (sólaistí beaga  ina dhiaidh). 

Dé Domhnaigh 9 Iúil beidh Siúlóid Foráiste Threoraithe (trí Bhéarla) le Glenn White tríd Thearmann Dúlra Dhroim nDamh ó 10am -12pm. 

Beidh rannpháirtíthe ag foghlaim ar an dóigh le plandaí inite, plandaí leighis agus plandaí úsáideacha eile atá ag fás thart ort a aithint. Beidh próiseáil, cócaráil agus caomhnú na bplandaí á bplé chomh maith leis an bhéaloideas a bhaineann leo. Fáilte roimh dheonacháin. 

Mar is gnáth, beidh an 12 Iúil lán spraoi, ag toiseacht leis an rith bliantúil sléibhe 5km, Rith an Chairn ar maidin. 

Is féidir áirithintí a dhéanamh roimh ré ar ancarn.yapsody.com. Tá costas £10 ar an rás, Barbaiciú agus T-léine san áireamh.  

Agus do lucht an dá rotha, beidh Dúshlán Rothar Sléibhe 10km arna chur i láthair ag Carn Wheelers, clárú ó 10am-11.30am agus an rás ag toiseacht ar 12 meánlae. Costas: £10 nó is féidir áirithint roimh ré ar ancarn.yapsody.com

I ndiaidh na n-imeachtaí ar fad ar an sliabh Dé Céadaoin 12 Iúil, is féidir le daoine a scíth a ligint ag Lá Spraoi Teaghlaigh agus Barbaiciú ar ais ag An Carn. 

Má tá fuinneamh ar bith fágtha, beidh Ceol Beo, Galf Mire, Peil Cháis, Caisleáin Spraoi, Eco Mantella – Zú is Tú, Balla Dreapadóireachta, Zón ‘Tiomáin Leat’ do pháistí. Saor cead isteach chuig an Lá Spraoi. Costas: Barbaiciú Daoine fásta: £6 Páistí: £3. 

Dé Sathairn 15 Iúil beidh Turas Staire Treoraithe trí Ghaeilge le Pádraig Ó Mianáin, ag tabhairt cuairte ar na láithreacha stairiúla sa cheantar: Teach Allais Thír Chiana, Cromleac Thír an Omhna, Ráth Thulaigh Chaorthainn agus Eaglais Phéindlíthe Ghreanacháin. Beidh ar dhaoine an turas a dhéanamh ina gcarr féin nó i gcarr roinnte. Bailigh ag An Carn 10am – 12.30pm Costas: Saor Sólaistí ina dhiaidh. 

Le Féile Charn Tóchair a thabhairt chun críche beidh Ceolchoirm le Altan ar a dTuras ag Comóradh 30 Bliain le chéile. Cead isteach le Ticéad amháin. Ticéid: £20. Do dhaoine Faoi 16 £10 ancarn.yapsody.com Beidh áiseanna Beáir ar fáil.

Deireadh spleodreach!