Irish-Language

Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ag beartú scoth na foghlama agus an cheoil

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">R&Eacute;ALTA AN TSAMHRAIDH: </b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">Beidh scoth an cheoil le cluinstin o&iacute;cheanta samhraidh ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, Liam &Oacute; Maonla&iacute; (</span><i style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">thuas</i><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">) a bheidh ag ceol amhr&aacute;n Davie Bowie san &aacute;ireamh</span>
RÉALTA AN TSAMHRAIDH: Beidh scoth an cheoil le cluinstin oícheanta samhraidh ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, Liam & RÉALTA AN TSAMHRAIDH: Beidh scoth an cheoil le cluinstin oícheanta samhraidh ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, Liam Ó Maonlaí (thuas) a bheidh ag ceol amhrán Davie Bowie san áireamh

NÍ CHUIRFIDH mé geall ach seans mór go mbeidh an ghrian amuigh arís ag deireadh na míosa seo chugainn mar is iondúil go mbíonn an aimsir go breá le linn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, an fhéile Ghaeilge is mó in Éirinn taobh amuigh d’Oireachtas na Samhna.

Ní amháin go n-amharcann an aimsir go cineálta ar an fhéile spleodrach seo i dtuaisceart Bhéal Feirste ach meallann idir ranganna agus shiamsaíocht daoine as gach cearn den tír agus as an choigríoch chomh maith.

Feabhas an teagaisc an rud is mó a mheallann daoine, dar leis an stiúrthóir, Ferdia Carson.

“Bhéal, bíonn éagsúlacht mhór i gcónaí ag baint le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain,” ar sé.

“Bíonn coirmeacha ceoil de gach cineál againn, bíonn campaí againn do dhaoine óga, bíonn siúlóidí againn ach is iad na ranganna an ghné is tábhachtaí linn.

“Gach bliain, déanann muid ár seacht ndícheall na múinteoirí is fearr sa tír a aimsiú do na ranganna agus anuraidh, bhí corradh le 250 duine de gach leibhéal páirteach in ocht rang ar fad,” ar sé.

Gach bliain, anuas ar mhuintir Bhéal Feirste bíonn daoine as Albain, as Sasana agus as Meiriceá féin ag freastal ar na ranganna.

Tagann siad ar mhaithe leis an Ghaeilge a fhoghlaim ach bliain i ndiaidh bliana, bíonn A-liosta na gceoltóirí ag seinm in Áras Mhic Reachtain nuair atá an fhoghlaim uilig déanta agus ceol agus craic de dhíobháil ar na rannpháirtithe.

Tá sé amhlaidh arís i mbliana.

Oíche Luain, cuirfear fáilte arís roimh John Spillane, fear a chuir lucht éisteachta na scoile samhraidh an oiread sin faoi dhraíochta anuraidh gurbh éigean cuireadh a chur ar theacht ar ais agus daoine a chur faoi gheasa arís eile.

Beidh John ar an ardán ar an Luan, 24 Iúil agus ar an oíche chéanna, seolfaidh Shane Hennessy a albam úr Marrakech.

“Bhí an oiread sin daoine míshásta anuraidh cionn is nach bhfuair siad ticéid do choirm John go molfainn go gcuirfeadh siad in áirithe a luaithe agus is féidir,” arsa Ferdia.

An oíche dar gcionn, beidh  Inni-K – Eithne Ní Chatháin – agus an t-amhránaí, giotáraí agus cumadóir amhrán as Tamhlacht, Enda Reilly, i mbun ceoil.

Tá an-ráchairt ar an bheirt seo ata ag cruthú fuaimrianta úra do lucht na Gaeilge (agus an Bhéarla.

Tá siad ann a déarfadh go mbeidh buaicphointe na scoile samhraidh o thaobh an cheoil de ar siúl oíche Chéadaoin nuair a bheidh ceann de Thionscadail iontacha IMRAM á léiriú ar ardán agus nach spleodrach an rud e go mbeidh Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra agus iad ag ceol amhrán de chuid David Bowie!

Ní féidir na Tionscadail seo a mholadh ard go leor, ó thaobh atmaisféar, caighdeán an cheoil agus na hamhránaíochta agus rannpháirtíocht an lucht éisteachta. Bígí ann!

Beidh Réaltneach/Starman ar siúl ar an Chéadaoin 26 Iúil.

Agus mar léiriú ar sholúbthacht an cheoil Ghaeilge, beidh an nouveau vague de bhuíonta i láthair ar an Déardaoin (26ú Iúil) – IMLÉ, Las agus Dysania.

Scoth oíche don aos óg agus daoibhse atá fiosrach faoi chúrsaí ceoil.

Ach ní sheachnaíonn Scoil Samhraidh Mhic Reachtain an traidisiún ach oiread agus tá clú agus cáil ar na hoícheanta Gaeltachta a bhíonn á reáchtáil gach bliain.

An iarraidh seo, beidh Caitlín Ní Chualáin, Noeleen Ní Cholla agus aíonna speisialta ag athchruthú na Gaeltachta i dtuaisceart Bhéal Feirste.

An lá dár gcionn - beidh siúlóid ar Bheann Mhadagain i gcuideachta Chormaic Uí Adhmaill, saineolaí ar an chnoc stairiúil.

Agus le deireadh a chur le Scoil Samhraidh Mhic Reachtain, beidh triúr laoch de chuid an cheoil ar fail le fuinneamh a chur sna matáin arís mar Dónal Lunny, Róisín Elsafty agus Máirtín O’Connor.

Phew - agus níl anseo ach cuid de na himeachtaí atá beartaithe.

Beidh an scoil samhraidh ar siúl idir an 24-29 Iúil.

Is féidir gach eolas a fháil ó mhicreachtain.com agus ticéid a chur in áirithe ag bit.ly/2siykZa