Irish-Language

Caomhnú na timpeallachta agus leas na ndaoine i ndeabhaidh i Ruanda

<b>IS GLAS IAD NA CNOIC: </b>T&aacute; goraill&iacute; mar an ceann seo th&iacute;os ina gc&oacute;na&iacute; sna cnoic agus i bp&aacute;irceanna n&aacute;isi&uacute;nta i Ruanda agus an-r&aacute;ch&aacute;irt agus ar fh&aacute;lr&oacute;id le iad a fheice&aacute;il (th&iacute;os) t&aacute; bean ag d&eacute;anamh r&eacute;idh eogairt i bpobal Kageyo taobh le P&aacute;irc N&aacute;isi&uacute;nta Akagera National Park
IS GLAS IAD NA CNOIC: Tá goraillí mar an ceann seo thíos ina gcónaí sna cnoic agus i bpáirceanna náisiúnta i Ruanda agus an-rácháirt agus ar fhálróid le iad a fheic IS GLAS IAD NA CNOIC: Tá goraillí mar an ceann seo thíos ina gcónaí sna cnoic agus i bpáirceanna náisiúnta i Ruanda agus an-rácháirt agus ar fhálróid le iad a fheiceáil (thíos) tá bean ag déanamh réidh eogairt i bpobal Kageyo taobh le Páirc Náisiúnta Akagera National Park

MAIDIN Dé Sathairn atá ann agus, rud iontach tá na sráideanna beagnach folamh i lár Kigali.

Níl carranna ag réabadh thart linn ar na bóithre cothroma tarmac agus níl ach cúpla duine ag bailiú sna páirceanna néata.

Agus rud eile a chur iontas orm, níl bruscar ar bith ar na sráideanna, níl malaí plaisteacha ar bith ag eitilt thart – mar bhí Ruanda ar na chéad tíortha le cosc a chur orthu, thiar in 2008 – agus níl goma coganta ar bith greamaithe don talamh mar a bheadh mozzarella leáite ann faoi do chosa.

Is iomaí droch-íomhá atá ag daoine nár leag cos ar mhór-roinn na hAfraice ach tá Ruanda lán iontas. 

Dalta thuaisceart na hÉireann, má luaitear an áit ní smaoiníonn daoine ach ar rud amháin – an choimhlint.

23 bliain i ndiaidh na cinedhíothaithe a chrá an tír agus inar maraíodh trian de mhuintir na tíre, tá an an náisiún in oirthear na hAfraice go hiomlán ar an fhorbairt inmharthana.

Tá ionad comhdhála galánta Radisson Blu ina shuí go compordach sa 21ú haois, an dearadh nua-aimseartha spreagtha ag fíodóireacht thraidisiúnta ciseán agus tá na chéad eitiltí díreacha ar fail anois o Londan go Kigali le RwandAir agus a loingeas d’eitleáin A330 ó bhí deireadh Bealtaine ann.

Taobh leis an forbairt ar an tionscal turasóireachta, tá an rialtas tiomanta do chaomhnú na timpeallachta agus an t-ord a cur ar ais arís in áit na hainrialach.

Umuganda an t-ainm atá ar ghlanadh míosúil éigeantach na sráideanna atá ag dul ar aghaidh os mo chomhair agus tá sé mar chuid den chur chuige úr seo.

Agus ar na hiontais is mó, chinn Bord Forbartha Ruanda go n-ardófaí an praghas a bheadh ar cheadúnas dul sa tóir ar ghoraillí méadaithe faoi dhó go dtí $1,500 Meiriceánach.

Saothraíonn Ruanda an chuid is mo den airgead a fhaigheann siad ón turasóireacht ó “gorilla treks” agus tá easaontas mór sa tír mar gheall ar an ardú praghais.

Tá na húdaráis ag iarraidh líon inmharthana cuairteoirí a choinneáil agus infheistíocht a dhéanamh sna pobail atá ina gcónaí taobh leis na páirceanna náisiúnta ach tá an chontúirt ann go mbogfaidh turasóirí go Uganda, áit ar féidir “ceadúnas goraille” ar leath an chostais.

Tá mé i ndiaidh theacht go Ruanda le fail amach cad chuige ar fiú cúpla punt breise a íoc agus theacht anseo.

I ndiaidh Kigali a fhágáil i mo dhiaidh, tiomnaíonn muid 100km soir go Páirc Náisiúnta Akagera ar an teorainn le Tanzania.

Osclaíodh go hoifigiúil í i 1934 agus is í an pháirc is sine in Ruanda ach mar gheall ar choimhlintí idir na pobail a bhí ag iarraidh go mbeadh a gcuid eallaigh ag innilt ar an talamh agus na hainmhithe a bhí ina gcónaí san áit chéanna,  tháinig meath ar an pháirc.

Seacht mbliana ó shin, chuir an rialtas cuireadh ar an eagraíocht African Parks theacht agus an pháirc a athnuachan.

Bogadh 18 srónbheannach dubh ón Afraic Theas go dtí an pháirc, rud a thuill stádas “Big Five” uirthi, is é sín áit ina bhfuil leoin, eilifintí, buabhaill, liopaird agus srónbheannaigh.

Tá lacáiste 30% ar an cheadúnas goraille má fhanann turasóirí trí oíche nó níos mó in Akagera - spreagadh dóibh níos mó ama a chaitheamh sa tír.

Agus cad chuige nach gcaithfeadh?

Agus tú ar mhullach cnoic, tá radharcanna thíos fút ar lochanna, ar mhachairí savannah, agus seascainn.

Feicfidh tú buabhaill ag iarraidh theacht ar an scáth faoi chrann acáise nó séabraí ag glacadh folcadáin dusta i gcré rua ar dhath luí na gréine agus saithe d’éanacha  mar a bheadh scamall ann sa spéir ghlé ghorm.

Sin ráite, tá líon na n-ainmhithe an-bheag (níl ach 19 leon san áit a mbíodh 300 acu ach ar dhíothaigh an  póitseáil iad) mar sin tá sé deacair na hainmhithe móra a fheiceáil.

Ach chonaic muid eilifint maorga agus muid ag iarraidh stánadh na ndobhareach a sheachaint agus muid ar bhád innill agus muid ag dul trasna Loch Hema.

Bunús na ndaoine a thagann go Ruanda, is mian leo na goraillí sléibhe a fheiceáil.

agus críochnaím an turas i ngarbhchríocha Pháirc Náisiúnta na mBolcán i dtuaisceart na tíre.

De lá agus d’oíche, bíonn fir agus mná ag obair ar an príomhbhóthar, na mná ag iompar craobhacha eucalyptus ar a gcloigne agus na fir ag brú a gcuid rothar ar a bhfuil malaí troma lán prátaí.

Tá an saol go crua ag na daoine seo.

Tá radharc iontach ón banda ina bhfuil mé. Nuair a mhúsclaím ar a 5rn, feicim míle cnoc agus iad cumhdaithe le ceo fíneálta.

I ndiaidh muid turas a dhéanamh le moncaithe órga a fheiceáil tugaim cuairt ar shráidbhaile darb ainm Iby’lwacu Cultural Village, sráidbhaile a cuireadh ar bun le go mbeadh ioncam ag na hiar-phóitseálaithe.

Is léir gur le leas bunadh na háite an turasóireacht agus muid ag imeacht linn ar an fhálróid ghoraille ag dúil go bhfeicfidh muid teaghlach Pablo, ceann de na grúpaí goraille atá ag cur fúthu anseo,

Is é Diogene an treoraí atá againn –thug sé David Attenborough ar a fhálróid cheanna –agus caitheann muid dhá uair a chloig ag dreapadh suas cabhsa a bhfuil foraois bhambú agus neantóga ar gach taobh dínn.

Ach b’fhiú an trioblóid (agus an costas) uilig le súil a leagan ar na goraillí, iad ag ithe duilleoga agus ag stánadh orainn le súile a raibh cuma thar a bheith daonna orthu.

Is cinnte go bhfuil daoine thar a bheith buartha faoin ardú praghais don cheadúnas  agus tá bunadh na háite imníoch nach dtiocfaidh na mizungas (daoine bána) níos mó. 

Ach cé go bhfuil an bealach chun cinn –mar a bhí an fhálróid féin, deacair agus beagnach dodhéanta –  tá súil agam gur féidir an eispéireas a shábháil ar mhaithe le bualadh le Pablo agus lena theaghlach goraillí.