Irish-Language

Téimis ar Thurais Ársa leis na hiontais atá i bhfolach thart orainn a aimsiú

<b>MIGUEL ANGEL GONZALEZ: </b>T&aacute; Miguel (agus a chat, Gata) ag obair go d&iacute;ograiseach le hiontais fholaithe sheandala&iacute;ochta Bh&eacute;al Feriste a chur faoi bhr&aacute;id an phobail, leithid&iacute; Dh&uacute;n Mhuir&iacute; agus F&aacute;inne an Fhathaigh, ceann de s&eacute;adchomhartha&iacute; is t&aacute;bhachta&iacute; in &Eacute;irinn
MIGUEL ANGEL GONZALEZ: Tá Miguel (agus a chat, Gata) ag obair go díograiseach le hiontais fholaithe sheandalaíochta Bhéal Feriste a chur faoi bhráid an phobail, leithidí Dhún Mhuirí agus F&aac MIGUEL ANGEL GONZALEZ: Tá Miguel (agus a chat, Gata) ag obair go díograiseach le hiontais fholaithe sheandalaíochta Bhéal Feriste a chur faoi bhráid an phobail, leithidí Dhún Mhuirí agus Fáinne an Fhathaigh, ceann de séadchomharthaí is tábhachtaí in Éirinn

DÁ thragóid í leis na cianta, is breá liom mo chathair dhúchais, Béal Feirste cois cuain.

Is inti a d’fhás mé aníos agus ba í m’áit ghleoite shúgartha i laethanta m’óige í ach de réir a chéile is mó an tsuim atá mé á cur i stair an bhaile.

Is minic mé ag siúl ar an tSliabh Dubh ag amharc anuas ar Loch Lao agus ar an áit a chonaic daoine, mar a déarfadh Séamus Ó Grianna, “i mbroinn chian cheoch na haimsire.”

Smaoiním ar bhunadh na cathrach sna 1950í agus le linn choimhlint an Riail Bhaile agus siar arís go dtí na hÉireannaigh Aontaithe agus arís chuig an tiarna Gaelach Conn Ó Néill sa 16ú haois.

Smaoiním ar na daoine a rachadh chuig an ecclesia alba, an teach pobail is sine i mBéal Feirste a bhíodh suite i gceantar na Seanchille agus atá luaite i gcáipéis ag dul siar go dtí 1306.

Ach bhí daoine ina gcónaí sa cheantar seo i bhfad roimhe sin féin, níos mó ná míle bliain roimhe. 

Tá a fhios againn sin mar thoradh ar an obair bhleachtaireachta atá ar bun ag seandálaithe, ina measc, Spáinneach darb ainm Miguel Angel Gonzalez.

D’fhás Miguel aníos i Salamanca agus i Santiago de Compostela, dhá chathair oidhreachta, ach ní nach ionadh gur chuir sé suim mhór sa tseandálaíocht.

“Bhí an oidhreacht chultúrtha seo thart timpeall orm agus d’imir m’athar mór tionchar mór orm cionn is gur cuir sé ina luí orm an gá a bhí leis an léitheoireacht,” ar sé.

Ní nach ionadh mar sin gur roghnaigh Miguel an tseandálaíocht mar ábhar agus é ag freastal ar Ollscoil Salamanca.

Cé gur dhúirt daoine leis nach bhfaigheadh sé post, thosaigh sé ag obair taobh istigh de sheachtain agus, ar ámharaí an tsaoil, le linn dó bheith ag obair ar shean-bhallaí na cathrach, tháinig sé ar na hiarsmaí daonna ba shine dá bhfuarthas riamh sa chathair!

“Bhí an t-ádh orm agus ina dhiaidh sin, d’oibrigh mé sa Spáinn, sa Phortaingéil sa Fhrainc agus i Meiriceá Laidineach, idir Mheicsiceo agus an Airgintín, áit ar chaith mé ceithre bliana de mo shaol,” ar sé.

“Mar chuid de mo PhD, chaith mé 21 lá san foraois bháistí le treibh de chuid na háite agus mé ag foghlaim an dóigh le huirlisí bunúsacha a dhéanamh agus a úsáid.”

D’athraigh na trí sheachtaine sin saol Miguel ar fad.

“Bhí na daoine seo chomh sona sásta sin,” ar sé. “Ní raibh focal acu ar “éad” nó ar choincheapa mar sin agus chuaigh sé sin go mór i bhfeidhm orm,” ar sé.

In 2006, fuair Miguel cuireadh theacht go hÉirinn le obair a dhéanamh ar thogra i gContae na Mí agus cé nach raibh Béarla aige ag an am, tháinig sé go críocha Fódla.

I ndiaidh trí mhí, d’iarr an saoiste air theacht go Béal Feirste, rud a rinne sé ach idir an dá linn, tháinig deireadh le comhlacht Miguel sa Spáinn (scéal fada) agus bhí Miguel anseo i mBéal Feirste. 

Cad é thiocfadh leis a dhéanamh? 

Bhuel, is duine é Miguel a chaitheann a bheith ag obair de shíor. Theagasc sé Spáinnis i Scoil Mhuire ar feadh tamaill ach sa deireadh bhunaigh sé a chomhlacht seandálaíochta féin, Breochloch (flint i mBéarla).

“Cúpla mí ó shin, bhí mé ag caint le cúpla duine agus faoin phíosa talaimh taobh linn agus dúirt siad liom nach raibh a fhios acu cad é a bhí ann ach bhí a fhios agam gur shuíomh ó aimsir na luath-Chríostaíochta a bhíodh ann ar a mbíodh teaghlach ag obair ar fheirm bheag agus, na marcanna ar an talamh, dúirt mé leo gur sin an áit a mbíodh teach s’acu,” arsa Miguel.

“Bhuel, bhí a sáith iontais orthu! ‘Tá mise i mo chónaí anseo i rith mo shaoil agus ní raibh a fhios agam sin’ a dúirt duine liom.”

Uaidh sin a tháinig an smaoineamh do Turais Ársa, turais ina bhfaighidh tú deis shainiúil dul isteach in intinní na ndaoine a bhí beo roimh aimsir Chríost san áit a dtugann muid Béal Feirste inniu uirthi.

Gheobhaidh tú deis eile na scileanna a bhíodh ag na daoine seo le go bhfaighidh tú léargas ar na dóigheanna ar chruthaigh siad an tírdhreach a fheiceann muid inniu. Foghlaimeoidh tú fosta an dóigh le huirlisí ársa a úsáid.

Ag an bhomaite seo, tá turais beartaithe ag Miguel ar an tSliabh Dubh/Duibhis, Gleann an Lagáin agus i bPáirc Fhoraoise Ghleann Chollann.

Deir an Spáinneach go bhfuil oidhreacht chultúrtha Bhéal Feirste thar a bheith saibhir agus éagsúil, ó galláin réamhstaire go tithe pobail agus reiligí meánaoiseacha agus ó fhoirgnimh ársa thionsclaíocha go dtí cosaintí an Dara Cogadh Domhanda ach go bhfuil tromlach ollmhór na séadchomharthaí seo uilig ligthe i ndearmad nó i bhfolach.

Níl ach dóigh amháin, dar le Miguel, leis an saibhreas seo a chaomhnú agus is é sin an tairbhe sóisialta a aithint.

“Tá an turasóireacht ag fás as cuimse anseo i mBéal Feirste agus líon na dteach ósta ag dul in airde an t-am ar fad,” ar sé.

“Ach cad é atá á ofráil do thurasóirí seachas an Titanic?

“San áit arb as mé, bíonn údaráis na turasóireachta ag dúil go bhfanfadh daoine ar feadh trí lá. Anseo i mBéal Feirste, ní bhíonn muid ag dúil le daoine fanacht ach ar fheadh dhá lá. 

“Cad é na buntáistí a bheadh ann don gheilleagar dá bhfanfadh daoine lá agus oíche eile agus dul ar cheann de na turais seo le go bhfaigheadh siad léargas níos iomláine ar Bhéal Feirste?” a fhiafraíonn sé.

Dar leis, fríd an turasóireacht, thig le pobail bheith níos beoga, níos inmharthana agus níos saibhre.

Ach ní ar thurasóirí amháin atá Turais Ársa dírithe. 

An raibh a fhios agat go bhfuil ráth ag barr Bhóthar na Carraige Báine? 

Cad é an t-eolas atá agat ar Fháinne an Fhathaigh, ceann de na séadchomharthaí is tábhachtaí in Éirinn, dar le Miguel?

Cérbh iad na daoine a bhí beo ar an tSliabh Dubh 2,000 bliain ó shin? Cén teanga a bhí acu? 

Cad é an chuma a bhí ar Bhaile Uí Mhurchú, ar an tSeanchill, Baile Andarsan 2,000 bliain ó shin?

Tá gach eolas le fáil ó Turais Ársa ar 07952 909135 nó ag turaisarsa@gmail.com