Irish language

Neamhfhreastalachas - ag cur na ceiste céanna ach ag dúil le freagair éagsúil

AMUIGH NÓ ISTIGH?: Measann ceannaire an UUP, Robin Swann gur chóir do Shinn Féin a suíocháin a ghlacadh i Westminster ach dar le ceannaire Shinn Féin, ní in Westminster ar ceart a ndíograis a dhíriú ach ar fud na hÉireann agus san Eoraip. 

Toghchán i ndiaidh toghcháin, tógtar ceist an neamh-fhreastalachais agus daoine ag caint ar an dóigh nach nglacann Sinn Féin a suíochán thall i Westminster.

Deir lucht a cháinte, gur chóir go mbeadh daoine atá tofa mar Bhaill Pharlaiminte freastal le tionchar a imirt i “máthair na bParlaimintí”.

I ndíospóireacht na gceannairí ar UTV oíche Luain, bhí gach páirtí seachas Sinn Féin diongbháilte gur chóir ionadaíocht a thabhairt dá lucht leanúna i dTeach na dTeachtaí.

Ach dar le Michelle Ó Neill, gur tábhachtaí é an dóigh a n-úsáideann tú an mhandáit agus ar an áit a ndéan tú an ionadaíocht. 

“Ag éisteacht leis an páirtithe eile, níor stad siadsan an Bhreatimeacht, níor stad siad na ciorruithe,” ar sí.

“Déanann muidinne ionadaíocht sna háiteanna a bhfuil tábhacht leo. ní raibh tionchar dá laghad ag na páirtithe eile ar an Bhreatimeacht. Suíonn siad i Westminster gach Céadaoin agus é folamh, níl éifeacht ar bith ag baint leis sin.

“Tá a fhios ag daoine cad é a fhaigheann siad le Sinn Féin, faigheann tú foireann láidir uile-Éireann.”

Níor aontaigh Colum Eastwood léi ar ndóigh.

“Ba mhaith le Sinn Féin go gcaithfeá vóta ar a son ach ní chaithfidh siad vóta ar do shon,” arsa ceannaire an DUP. 

“Mura nglacann Sinn Féin a suíochán, ní beidh aon ghuth forásach againn i Westminster.”

Dar le Naomi Long, má chaitheann tú vóta ar son an DUP, gheobhaidh tú na Tóraithe ar scor ar bith.

“Tá tacaíocht tugtha ag an DUP don rialtas reatha 70 faoin chéad den am,” ar sí. “Caitheann muid dúshlán an rialtas a thabhairt agus gan a bheith i bhfolach ar a gcúl.”

Nuair a cháin Robin Swann, ceannaire an UUP, neamhfhreastalachas Shinn Féin, d’iarr Michelle O’Neill air sampla a thabhairt den rath a bhí ar pháirtí ar bith ón tuaisceart i Westminster. Ní bhfuair sí freagair ó Robin ach dúirt Naomi Long go raibh Sinn Féin ag cur le tromlach na dTóraithe gan iad a bheith ar chúl-bhinsí an fhreasúra.

“Tá sé níos fusa acu rudaí a chur fríd cionn is nach bhfuil sibhse ansin,” ar sí le Bean Uí Néill.

“Má chaitheann tú vóta le Sinn Féin, tá tú ag caitheamh vóta ar son na dTóraithe,” arsa Nigel Dodds, leascheannaire an DUP.   

 

* Níl rud ar bith millteanach domhan ansin ach cá has ar eascair polasaí seo an neamhfhreastalachais? Cad chuige a bhfuil sé ar na prionsabail a bhfuil Sinn Féin ag cloí leo nuair a lig an pragmatachas dóibh go leor eile a chaitheamh ar leataobh?

Dúirt poblachtach amháin liom go bhfuil an neamhfhreastalachas in DNA ghluaiseacht na Poblachta ag dul siar níos mó ná céad bliain.

“Má amharcann tú siar go dtí an 19ú haois agus leathnú an ceart vótála do náisiúnaithe, taobh amuigh d’éirithe amach leis na Fíníní, na Young Irelanders agus na hInvincibles, chuir muintir na hÉireann a muinín uilig sa pholaitíocht bhunreachtúil mar chreid siad go mbainfí an Riail Bhaile amach fríd Westminster agus ceannaire cumasach acu in Charles Stewart Parnell,” ar sé.

“Mar atá a fhios againn cuireadh sin de dhroim seoil mar thoradh ar bhagairt na sceimhlitheoireachta ón UVF agus ó na páirtithe Aontachtacha agus ag an fhíor-sceimhlitheoireacht sna pograim a tharla le náisiúnaithe a choinneáil ina n-ait chun dlús a chur faoin chríochdheighilt.

“Na comhaí (safeguards) a leag an Rí Seoirse agus na Sasanaigh síos, mar dhea, cuireadh ar leataobh iad ceann i ndiaidh an cinn eile - an ionadaíocht chionmhar (proportional representation), athdhearadh theorainneacha chun an claonroinnt a éascú agus mar sin de.

“Sin an toradh a bhí ar na hiarrachtaí athruithe a bhaint amach fríd an pholaitíocht bhunreachtúil,” ar sé.

Luaigh sé fosta an dóigh ar chuir Rialtas na Breataine cosc ar an Chéad Dáil i ndiaidh thoghchán 1919 agus an dóigh arbh éigean do Theachtaí Dála imeacht leo ar a seachaint, cuid acu a scaoileadh marbh.

Míníonn na himeachtaí seo i stair na hÉireann an sícé poblachtach i leith na polaitíochta bunreachtúla cuid mhór.

Sin ráite, ghlac poblachtaigh páirt i dtoghchán ó thuaidh agus bhí an bua acu i ndá dháilcheantar leathchéad bliain ó shin.

“I mí Bealtaine 1955, sheas beirt chimí poblachtacha i dtoghchán Westminster agus ghnóthaigh Tom Mitchell bua i Lár Uladh, agus Phil Clarke i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas.

Ach ó tharla go raibh an bheirt i bpríosún ag an am, cuireadh na buanna ar neamhní.

Sheas Mitchell arís, bua eile, ach an tríú huair sheas ball den Anti-Partition League ina éadan agus fuair an tAontachtach an bua.

Ó dheas, togadh John Joe McGirl, Eighneachán Ó hAnnluain, Ruairí Ó Brádaigh agus John Joe Rice do Theach Laighean ar bhonn an neamhfhreastalachais i 1957.

Bogann muid anois go dtí aimsir na stailceanna ocrais ag tús an 1980idí nuair a toghadh Bobby Sands i measc daoine eile sa tréimhse chorrach sin.

Dúirt poblachtach eile liom gur chreid siad nach dtiocfadh leis an chóras polaitiúil mar a bhí sé cearta a sholáthar do náisiúnaithe.

“Fiú má bhíonn rath ort i dtoghcháin, athraíonn rialtas na Breataine na rialacha,” ar sé.

“Dúirt Margaret Thatcher nach labhródh sí linn cionn is nach raibh mandáit againn ach nuair a bhí an bua ag Bobby Sands, cad é a rinne siad ach reachtaíocht éigeandála a chur fríd Westminster, ag leasú The Representation of the People Act.

“Nuair a toghadh Gerry Adams, Danny Morrison agus Martin McGuinness don Tionóil i mí Dheireadh Fómhair 1982, taobh istigh de ceithre sheachtaine, cuireadh orduithe eisiaimh (exclusion orders) i bhfeidhm le iad a choinneáil amach as an Bhreatain Mhór le nach mbeadh siad in ann aithisc a thabhairt, agallaimh a dhéanamh nó labhairt ag cruinnithe poiblí.

“I gcás Danny Morrison, mhair sin ar feadh 15 bliana.”

Nuair a chinn Sinn Féin go nglacfadh siad páirt i dtogháin áitiúla ó thuaidh, thug rialtas na Breataine rialacha úra isteach arís eile cionn is gur chreid siad go bhfuair Sinn Féin an oiread sin vótaí is a fuair siad mar gheall ar an chaimiléireacht, “Vote early, vote often”.

“Ach i ndiaidh na rialacha úra bheith i réim, cuireadh le líon na vótaí a fuair Sinn Féin! 

“Anuas air sin, ardaíodh an costas a ghearrtaí ar iarrthóirí sna toghcháin le go mbeadh sé thar a bheith daor do leithéidí s’againne dul sa seans.’

Deir sé gurb é an reifreann ar an Bhreatimeacht an “debacle” is úire maidir leis an daonlathas. 

“Vótáil muintir an tuaiscirt ar son fanacht san AE 55.8% in éadan 44.2% ach cad é an difir a rinne sin?” a fhiafraíonn sé.

Nuair a bhíonn na toghcháin thart, is annamh a luaitear an neamfhreastalachas ach nuair a thiocfaidh an chéad cheann eile, is dócha go nglacfaidh Sinn Féin an cinneadh céanna, bunaithe ar corradh le céad bliain de thaithí, dar leo. 

 

      

 

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: