Irish-Language

Scéal mothúchánach corraitheach Leoin Liospóin le hinse ar an teilifís

<b>LEOIN CHEILTEACHA: </b>Is ioma&iacute; duine a mbeidh cuimhne acu, n&oacute; a chuala faoi fhoireann Celtic (<i>thuas</i>) a bhain Corn na hEorpa caoga bliain agus an tseachtain seo. I gcl&aacute;r &uacute;r faisn&eacute;ise a bheidh ar an teilif&iacute;s anocht, beidh cuid de Leoin Liosp&oacute;in, Bertie Auld (th&iacute;os ar chl&eacute;) agus Bobby Lennox ag caint ar an oili&uacute;&iacute;nt a fuair siad sa pheil ar shr&aacute;ideanna Ghlasch&uacute; sna 1960id&iacute; agus ar an eachtra&iacute;ocht a bhain lena mbua iontach &nbsp;
LEOIN CHEILTEACHA: Is iomaí duine a mbeidh cuimhne acu, nó a chuala faoi fhoireann Celtic (thuas) a bhain Corn na hEorpa caoga bliain agus an tseachtain seo. I gclár úr faisnéise a bheidh ar an teilif&iacut LEOIN CHEILTEACHA: Is iomaí duine a mbeidh cuimhne acu, nó a chuala faoi fhoireann Celtic (thuas) a bhain Corn na hEorpa caoga bliain agus an tseachtain seo. I gclár úr faisnéise a bheidh ar an teilifís anocht, beidh cuid de Leoin Liospóin, Bertie Auld (thíos ar chlé) agus Bobby Lennox ag caint ar an oiliúínt a fuair siad sa pheil ar shráideanna Ghlaschú sna 1960idí agus ar an eachtraíocht a bhain lena mbua iontach  

Caoga bliain i ndiaidh do Cheiltigh Ghlaschú bheith ar an chead fhoireann peile Albanach le Corn na hEorpa a thabhairt leo, beidh clár faisnéise ar leith le feiceáil ar an teilifís anocht dóibh siúd agaibh atá in ann BBC Scotland a fháil. 

In Glasgow 1967: The Lisbon Lions, cluinfidh muid scéalta iontacha na bhfear a ghlac páirt san eachtra dochreidte sin leath-chéad bliain ó shin.

Bhí sé d’ádh orm an clár a fheiceáil aréir agus, cé go n-insíonn sé scéal cheann de na cumainn sacair is clúití ar domhan, bhí an ghné dhaonna thar a bheith láidir agus muid ag breathnú ar leithéidí Bertie Auld, Bobby Lennox, Jim Craig agus iad ina neart agus iad anois ina seandaoine. Tá cuid de na laochra imithe ar shlí na fírinne chomh maith.

Athmhúsclaíonn an clár atmaisféar na 1960í nuair a bhí Ghlaschú ar na cathracha  ba phlódaithe san Eoraip agus é clúiteach mar gheall ar a gcuid fear crua, an meisce agus an tseicteachas.

Obair láimhe a bhí ag bunús na bhfear agus as measc na bhfear crua sin a tháinig ceannairí. Orthu sin, bhí Jock Stein. 

Mianadóir a bhí in Stein sula ndeachaigh sé leis an pheil agus ó chúlraí bochta a tháinig na himreoirí.

Maraíodh athair John Clark i dtaisme bhóthair iarainn nuair nach raibh sé ach 10 mbliana d’aois; d’imir Bertie Auld peil ar na sráideanna le linn dá mháthair bheith amuigh ag obair; bhí Bobby Lennox ag obair i monarcha ICI, ag déanamh boscaí.

Insíonn an clár scéal Stevie Chalmers a dtáinig eitinn/meiningíteas air agus é óg.

Roimhe sin, galar marfach a bhí ann ach a bhuíochas don Dr Peter McKenzie (a lean Ruagairí Ghlaschú) tháinig biseach ar an pheileadóir óg.

Ba as limistéar 30 míle de Pháirc na gCeilteach do gach imreoir den fhear déag a d’imir sa chluiche ceannais agus mar a deir an láithreoir Rory McCann (Sandor Clegane in Game of Thrones), “fuair na leaids sin bua ar an bhochtaineacht, ar an tinneas agus ar an éadulaingt sular chuir siad a gcuid bróg peile orthu féin.”

Rud nach raibh a fhios agam ach thug Celtic bata agus bóthar do Jock Stein agus é ag tógáil dara fhoireann Celtic cionn is gur Protastúnach a bhí ann. Ní nach ionadh, bhí sé thar a bheith míshásta ach cúig bliana i ndiaidh é imeacht, d’aithin Celtic an botún a bhí déanta acu agus thug Stein ar ais go Parkhead. 

Ar pháirc an imeartha ba bheag constaic nach dtiocfadh leo a shárú. 

Bhain siad an tsraith i 1966 ag cáiliú do Chorn na hEorpa.

Agus Billy McNeill mar chaptaen orthu d’imir na, em,  Ghasúir ceithre cluiche baile agus ceathrar eile thar lear sula bhfuair siad an lámh in uachtar ar ceann d’fhoirne móra na hEorpa ag an am, Internazionale 2-1 sa chluiche ceannais ag an Estádio Nacional in Lispóin ar an 25 Bealtaine 1967.

Tá sé ina cliché anois ach d’imir Inter ar nós na nIodálach ag an am, cosantach agus “ciniciúil” nó mar a thugann an clár orthu “fascism in football formation”.

Ach bhí clú agus cáil ar Celtic na 1960í mar gheall ar an luas ionsaitheach a chleacht siad.

Ar an bhealach go dtí an cluiche ceannais fuair Celtic an bua ar Zürich (5-0); Nantes (6-2); Vojvodina (2-1); Dukla Prague (3-1) sa chluiche leathcheannais.

Cinnte, ní raibh eagla ar Celtic roimh dhuine ar bith ach chuaigh Internazionale chun cinn go luath sa chluiche nuair a scóráil Alessandro Mazzola cic pionóis sular bhuail re Celtic an trasnán dhá uair i ndiaidh a chéile.

Staitistic nár chuala mé roimhe, bhí 39 n-iarracht ag Celtic cúl a fhail, agus sa deireadh rinne siad a gcéilí comhraic a thraochadh agus fuair Tommy Gemmell agus Steve Chalmers an dá chúl a bhain an cluiche do na hAlbanaigh.

Léiríonn Glasgow 1967: The Lisbon Lions, clár faisnéise uair a chloig, an dráma agus na mothúcháin uilig atá fite fuaite i scéal seo Leoin Liospóin. 

Taispeánfar scannáin áille ó na cartlanna nach bhfacthas riamh roimhe, scannán a rinne Billy McNeill agus Celtic ar camchuairt i Meiriceá i 1966.

Sna míreanna sin, feiceann muid grúpa fear ag cur aithne ar a cheile, compordach i gcuideachta a cheile, ar son a cheile agus tháinig na tréithe sin chun cinn go láidir ar an pháirc.

Cluinfear scéalta greannmhara ón lucht leanúna, daoine a chaith a maoin saolta le dul go Liospóin lena laochra a leanúint. 

Sagart amháin, fuair seisean suíochán eitleáin ó ofráil a bhí in iris ghraosta darbh ainm TitBits!

Is cuimhin leo go raibh an Phortaingéil faoi réimeas an deachtóra Salazar agus ní raibh na póilíní róshásta an slua ollmhór seo de lucht leanúna Celtic ag glacadh Liospóin ina seilbh.

Ó thaobh s’agamsa de, níl mórán cuimhne agam ar an lá stairiúil sin i 1967 ach is cuimhin liom an t-atmaisféar dochreidte a bhí sa cheantar inar fhás mé aníos, Cluain Ard in iarthar Bhéal Feirste.

Bhí Jimmy Overend, a bhí ina chónaí taobh liom, ina chathaoirleach ar an Barleycorn Celtic Supporters Club agus bhí an uile fhear ar bís faoin chluiche ceannais, ní raibh d’ábhar cainte ach é. (Níl a fhios agam cad é mar a mhothaigh bantracht Chluain Ard faoin ábhar!)

Ach i rith an chluiche theip ar an teilifís bheag a bhí aige agus bhí scaoll ar fud an cheantair gur réitíodh an fhadhb! 

Beidh Glasgow 1967: The Lisbon Lions le feiceáil ar BBC1 TÉ anocht ag 11.15in ach má tá BBC Scotland agat tosaíonn sé níos luaithe, ar a 9in.