Irish-Language

Tá Myra le draíocht na léitheoireachta agus na scríbhneoireachta a spréadh

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">MYRA ZEPF:&nbsp;</b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">Beidh Myra ag cur na sc&iacute;bhneoireachta agus na l&eacute;itheoireachta chun cinn i measc daoine &oacute;ga i nGaeilge agus i mB&eacute;arla agus &iacute; mar an ch&eacute;ad Chomhalta Litr&iacute;ochta do Ph&aacute;ist&iacute; &oacute; thuaidh</span><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">&nbsp;</span>&nbsp;
MYRA ZEPF: Beidh Myra ag cur na scíbhneoireachta agus na léitheoireachta chun cinn i measc daoine óga i nGaeilge agus i mB&eac MYRA ZEPF: Beidh Myra ag cur na scíbhneoireachta agus na léitheoireachta chun cinn i measc daoine óga i nGaeilge agus i mBéarla agus í mar an chéad Chomhalta Litríochta do Pháistí ó thuaidh  

Níl rud ar bith níos deise sa saol ná an draíocht ar leith sin a bhaineann le scéalta a léamh do do chuid páistí agus iad óg.

Anuas ar an phléisiúr ollmhór a bhaineann leis, tá buntáistí móra oideachasúla le gnóthú sa léitheoireacht luath. Ní amháin go láidríonn sé an nasc idir an tuismitheoir agus an páiste ach bronntar pléisiúr na léitheoireachta ar pháistí a mhairfidh ar feadh a saol.

Mar a gcéanna leis an scríbhneoireacht. Is léir go bhfuil nasc idir an scríbhneoireacht chruthaitheach agus an chruthaitheacht go ginearálta agus cuireann an chruthaitheacht go mór leis an chumas atá i ndaoine fadhbanna a réiteach. 

Ní nach ionadh mar sin gur tháinig Comhairle Ealaíona Thuaisceart Éireann agus Ionad Seamus Heaney de chuid Ollscoil na Ríona le chéile le post úr a chruthú, Comhalta Scríbhneoireachta do Pháistí agus murar leor é sin mar dheá-scéal, is í Myra Zepf as Ard Mhic Nasca an chéad duine le dul i mbun oibre sa phost úr. 

Is Gaeilgeoir í Myra a bhfuil leabhair iontacha scríofa i nGaeilge aici cheana agus tograí corraitheacha eile idir lámha aici chomh maith leis an phost seo. 

Cad é tá Myra ag iarraidh cur i gcrích agus an cúram úr seo uirthi?

“Bhuel, tá smaointe curtha le chéile agam do thograí i mbunscoileanna agus i meanscoileanna araon,” a mhínigh Myra dom inné.

“Ba mhaith liom go rachadh muid ar ais chuig an tús agus a bheith ag gineadh smaointe agus ag forbairt na smaointe sin ach ba mhaith liom dul níos faide agus an léitheoireacht agus an scríobh a spreagadh níos ginearálta ná sin agus nach mbeadh sé teoranta don scoil amháin.

“Ba chóir, creidim go mbeadh sé mar chuid de shaol an teaghlaigh, go mbeadh deis ag páistí agus ag  tuismitheoirí bheith ag léamh os ard sa teach, mar shampla. Is rud iontach pléisiúrtha agus spreagúil sin ann féin.

“Silim go dtuigeann muid uilig cad e chomh tábhachtach is atá an leamh os ard le páistí beaga ach de ghnáth, éiríonn na tuismitheoirí as chomh luath is atá na páistí in ann leamh ar a gconlán féin agus creidim go gcailltear rud iontach luachmhar ansin,” arsa Myra.

Tá gné eile ag baint leis an phost sa mhéid sí gur mhaith le Myra nascanna idir eagraíochtaí atá ag treabhadh i ngort na litríochta do pháistí a láidriú ach admhaíonn sí go bhfuil cuid mhór den phost nach féidir a rá go fóill cad é a tharlóidh.

“Tá sin scanraitheach agus spreagúil ag an am céanna,” arsa Myra.

Deir sí nach raibh an Ghaeilge luaite áit ar bith san fhógra don post, rinne sí soiléir gur mhothaigh sí go mbeadh sé ina bhuntáiste bheith ábalta cibé togra a bhí ar bun aici a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla.

I scoileanna sa chuid is mó a bheidh Myra ag obair, rud a shásaíonn go mór í.

“Is spreagadh mór dom féin é mar scríbhneoir bheith ag castáil le daoine óga agus a bheith ag obair leo sa saol chruthaitheach sin,” ar sí.

Agus beidh Myra ag saothrú léi anuas ar an phost úr.

Tá sí ag obair ar shraith de phictiúr-leabhair don tSnáthaid Mhór, an teach iontach foilsitheoireachta atá lonnaithe i dtuaisceart Béal Feirste agus tá a leabhar Ná Gábh ar Scoil ag teacht amach i mBéarla i mí Lúnasa, á fhoilsiú ag comhlacht mór i Meiriceá.

Tá sé ag éirí níos doiligh daoine óga a mhealladh ó na scáileáin ríomhaire agus o na h-iPads ach tá rudaí éifeachtacha ag dul ar aghaidh i saol na leabhar - i gcuideachta leis an idirlíon in amanna agus tá an ealaín atá ar fáil i leabhar do pháistí ag éirí níos fearr an t-am ar fad.