Irish-Language

Cruthaíonn Larraín toraíocht shamlaíoch ar an fhile Chumannach, Pablo Neruda

<b style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">CREACH N&Oacute; SEALGAIRE:&nbsp;</b><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">T&aacute; Luis Gneccho (</span><i style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">thuas</i><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">) ar d&oacute;igh i r&oacute;l an fh&iacute;le Shiligh, Pablo Neruda agus an bleachtaire &Oacute;scar Peluchonneau (Gael Garcia Bernal) ag iarraidh &eacute; a chur i bpr&iacute;os&uacute;n&nbsp;</span><span style="font-family: &quot;ITC Franklin Gothic&quot;; ">&nbsp; &nbsp;</span>&nbsp;
CREACH NÓ SEALGAIRE: Tá Luis Gneccho (thuas< CREACH NÓ SEALGAIRE: Tá Luis Gneccho (thuas) ar dóigh i ról an fhíle Shiligh, Pablo Neruda agus an bleachtaire Óscar Peluchonneau (Gael Garcia Bernal) ag iarraidh é a chur i bpríosún     

NÍ BA luaithe i mbliana, chuir an scannánóir Sileach Pablo Larraín lucht féachana faoi dhraíocht lena scannán beathaisnéise Jackie, próifíl neamhghnách de Jacqueline Kennedy, baintreach Uachtarán clúiteach Mheiriceá, John F Kennedy, a maraíodh i 1963.

Ghnóthaigh an scannán trí ainmniúchán Oscar, ceann do Natalie Portman mar an bhanaisteoir is fearr i bpríomhról.

Le linn dó bheith ag déanamh Jackie, bhí Larraín ag déanamh scannáin beathaisnéis eile, an ceann seo faoin fhile Sileach Pablo Neruda. 

D’fhéadfaí scannán faisnéise den scoth a dhéanamh ach tá Larraín níos cliste ná sin. Deir sé go bhfuil “frithbheathaisnéis” scríofa aige agus tá cuideanna den scannán atá iontach réalaíoch agus cuid acu atá mar a bheadh brionglóid ann ach i rith an ama mothaigh mé go raibh mé ag foghlaim chuid mhór faoin fhile ar chuala mé cuid mhór faoi ach nár léigh mé a chuid filíochta riamh. 

Agus mhothaigh mé go raibh mé ag foghlaim cuid mhór faoin tSile ag an am céanna. 

Cad é atá fíor?

Bhuel. I 1948, thug an tUachtarán Gabriel González Videla dlí úr isteach, Ley de Defensa Permanente de la Democracia/An Dlí um SíorCosaint an Daonlathais inar cuireadh cosc ar an Pháirtí Cumannach sa tSile.  

Dhá bhliain roimhe, d’eagraigh an Páirtí sraith slogadh mór agus an aidhm acu an t-athriar talúntais (agrarian reform), cearta oibrithe a chur chun cinn – go háirithe bunú ceardchumainn d’oibrithe talmhaíochta – feabhsú an chórais dhaonlathaigh agus cearta sibhialta agus polaitiúla a bheith ag na mná ina measc.

Chiallaigh sé sin, áfach nárbh fhéidir leis na Cumannaigh bheith mar chuid den chomhrialtas a bhí i réim ag an am. Bhí sé mar chuid de pholasaí na gCumannach an t-am sin comhoibriú le áirithe eile a bhí fhrithFhaisisteach ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda agus an domhan scoilte idir na tíortha capilitileacha faoi cheannasaíocht na Stát Aontaithe agus an tíortha sóisialacha faoi cheannasaíocht an Aontais Shóivéidigh agus, le brú ar an tSile ó Washington, chuir an rialtas cosc ar na Cumannaigh.

Maraíodh cuid acu, cuireadh cuid eile acu i bpríosún agus mar Sheanadóir Cumannach i bparlaimint na Sile a thug réabadh teanga don Uachtarán é féin faoin drochíde a tugadh do na mílte Cumannach, bhí an file Pablo Neruda sa bhaol cheanna.

Chinn sé ar imeacht ar a sheachnadh agus insíonn scannán Larrain an scéal sin, Neruda, a bhean Delia del Carril (a bhí 20 bliain níos sine ná é) agus a lucht tacaíochta ag dul i bhfolach i dtithe sábháilte fríd an tSile agus an tóraíocht a dhéanann an póilín Oscar Peluchonneau  air.

Ach ní mian le Neruda bheith ina ainmhí allta agus diúltaíonn sé dul i bhfolach ag spochadh as an phóilín agus é ag fágáil leabhar dá chuid sna háiteanna ina raibh sé - díreach sula nochtann Peluchonneau. Ach an mbéarfaidh sé air?

Tá radharc cumhachtach amháin ann nuair a deir bean mheisce atá ina Cumannach ó bhí sí 14 bliana d’aois nach bhfuil na húdaráis ag iarraidh theacht air, go bhfuil sé slán cionn is go bhfuil sé as an bhealach agus gan é ábalta aithisc chumhachtacha a thabhairt.

Ansin, tosaíonn tú ag éirí amhrasach faoi Neruda. An sóisialach Champagne é? An bhfuil sé níos buartha faoina íomhá féin ná na hoibrithe?

Ach i radharc eile, feiceann muid an aicme oibre ag léamh a chuid filíochta agus 

iad gríosaithe go mór acu – cé go bhfanann an cumhacht ag an eite dheas.

Is scannán é Neruda a mbeidh tú ag athrú d’intinn ar bhonn rialta.

Tá na príomhaisteoirí uilig go hiontach, agus tús áite ar ndóigh ag Luis Gnecco i ról an fhile.

An t-am deireanach a chonaic mé Gael Garcia Bernal, bhí sé i ról Che Guevara i The Motorcyle Diaries.

In Neruda, is póilín ciúin faisisteach, Óscar Peluchonneau, é – bleachtaire atá ag iarraidh bheith ar comhchéim lena athair a bhíodh ina cheannaire ar FBI na Sile – cé nár thaitin léiriú GGB le teaghlach Peluchonneau, rud a chuir siad in iúl go láidir agus go poiblí.

Bheinn féin amhrasach faoi dheireadh an scannáin ach ar a laghad, thig liom a rá go bhfuil mé níos eolaí ar Neruda agus ar an tSile i ndiaidh an scannáin a fheiceáil.

Tá an scannán le feiceáil ar an aip Curzon a oibríonn ar theilifíseanna cliste.