Irish-Language

Cad é mar a chuirfeá síos ar gach a bhfuil ag titim amach i saol na Gaeilge?

<b>GLUAISEACHT: </b>T&aacute; feachtas ar bun ag Conradh na Gaeilge na miotais a bhaineann leis an Ghaeilge a phl&eacute;ascadh
GLUAISEACHT: Tá feachtas ar bun ag Conradh na Gaeilge na miotais a bhaineann leis an Ghaeilge a phléascadh GLUAISEACHT: Tá feachtas ar bun ag Conradh na Gaeilge na miotais a bhaineann leis an Ghaeilge a phléascadh

A

n tseachtain seo, d’iarr bean  Ghearmánach orm cúpla ceist maidir leis an Ghaeilge a fhreagairt don áisíneacht preasa, Deutsche Presse-Agentur (DPA).

Dúirt sí – agus ní nach ionadh – nár thuig daoine ar an choigríoch cad é bhí ag dul ar aghaidh ó thaobh chúrsaí teanga sna Sé Chontae agus ó thaobh Acht na Gaeilge de ach go háirithe.

Sea, tá daoine ar mhór-roinn na hEorpa atá ag cur suime i streachailt Ghaeilgeoirí cearta teanga a bhaint amach ó thuaidh!

Tá mé le labhairt léi Dé hAoine ach seo mo smaointe gasta ar a cuid ceist. 

An chéad cheann a chuirfidh sí chugam, cad é mar atáthar ag cur na Gaeilge chun cinn?

Bhuel, ar leibhéal náisiúnta, tá na sé cheanneagraíocht a chuir Foras na Gaeilge ar bun agus ról ar leith ag gach ceann acu, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, An tOireachtas, Gaelscoileanna, Glór na nGael agus Cumann na bhFiann.

(Ábhar mór conspóide a bhí ann nach raibh ceann ar bith acu lonnaithe ó thuaidh ar ndóigh,)

Ar na ceanneagraiochtaí sin, is léir go bhfuil beocht úr in Conradh na Gaeilge agus obair iontach ar siúl acu ó thuaidh.

Éacht stairiúil a bhí ann gur bhain an Conradh cás cúirte i mBéal Feirste ag tús na míosa seo a thug le fios go raibh an Feidhmeannas ag déanamh faillí ar Ghaeilgeoirí gan straitéis teanga bheith curtha  i bhfeidhm.   

Ach is ar an leibhéal logánta is mó a dhéantar leas na teanga. 

Is beag ceantar i mBéal Feirste nach bhfuil cúpla ranga Gaeilge ann ar a laghad agus tá sár-obair á déanamh ar bhonn leanúnach ag Oifigigh Ghaeilge atá ag saothrú i gcuid de na Comhairlí áitiúla ar fud na Sé Chontae.

Bíonn oícheanta ceoil, cainteanna, cruinnithe agus comhrá ag dul ar aghaidh an t-am ar fad.

An chéad cheist eile a chuirfear orm, an dóigh liom go mbeidh Acht Gaeilge ann?

Freagróidh mé go mbeidh ach go mbeidh orainn fanacht fána choinne.

Léiríonn dian-obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge go bhfuil 50 MLA as 90 i bhfách leis an Acht ach tá gach seans ann go mbeidh tacaíocht an DUP de dhíth ar na Tóraithe agus ní dhéanfaidh rialtas Theresa May a dhath a chuirfeadh isteach orthu.

Ba mhaith leis an iriseoir fáil amach uaim ar ceart go mbeadh Albainis Uladh mar chuid d’Acht Teanga.

Nope, a déarfaidh mé, ar cúpla cúis.

Má chuartaíonn tú fríd shuíomh idirlín The Boord ó  

Ulster Scotch, ní thiocfaidh tú ar ranganna ar bith. Zilch, Nada.

Níl daoine fásta ag iarraidh an chanúint a fhoghlaim. Cad chuige a mbeadh Acht ann fána coinne? 

Tá éacht déanta ag Nelson McCausland comhionannas a bhaint amach d’Albainis Uladh – ach tá an t-am ann deireadh a chur leis.

Cuirfear ceist orm faoin pholaitíocht agus ar ndóigh, faoi pholaitiú na teanga.

Déanfaidh mé méanfach agus rachaidh mé siar go Reachtanna Chill Chainnigh i 1366 nuair a thosaigh polaitiú na Gaeilge agus luafaidh mé Achtanna eile a tháinig isteach faoi réimeas Anraoi VIII agus faoina iníon, Eilís I.

Agus luafaidh mé na scríbhneoirí is clúití ar an choilíneachas agus an méid a dúirt siad faoin tábhacht a leagann an coilíneach ar scrios theanga an pobail choilínithe.

Ní inniu nó inné a rinneadh an Ghaeilge a pholaitiú.

Sin ráite, an bhfuil an teanga chomh deighilteach is a shíleann daoine? Ní dóigh liom go bhfuil.

Tá éiteas trasphobail an-láidir i measc ghrúpaí Gaeilge agus cuireann siad fáilte roimh an uile dhuine, beag beann ar a gcreideamh nó ar bpolaitíocht agus seo sula ndéanann muid tagairt do Turas de chuid Mhisean Oirthear Bhéal Feirste.

Bhí, tá agus beidh Protastúnaigh i gcónaí ann a bhfuil dúil acu sa Ghaeilge.

Sin ráite, déarfainn go bhfuil bunús na bProtastúnach ar nós cuma liom faoin teanga, cuid acu atá go dubh ina héadan agus cuid eile atá tite faoina dhraíocht. 

Ní thuigfeá sin agus tú ag éisteacht le ceannairí an DUP. Arís, tá an meon coilíneach i réim anseo ach tá rudaí ag athrú mar gheall ar an ghlúin úr fuinniúil atá ag cur na teanga chun cinn ar dhóigheanna spleodracha, cruthaitheacha, spraíúla.

Níl amhras ar bith orm ach go mbeidh an bua ag an dóchas ar an éadóchas.