Irish-Language

Aitheantas á thabhairt do chumainn CLG a chuireann an Ghaeilge chun cinn

<span style="color: rgb(51, 51, 51); font-family: sans-serif, Arial, Verdana, 'Trebuchet MS'; ">Sa picti&uacute;r, (&oacute; chl&eacute;) t&aacute; Bainisteoir D&iacute;ola&iacute;ochta O&rsquo;Neill&rsquo;s, Raymond Tumilty; Pr&iacute;omhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Se&aacute;n &Oacute; Coinn; Eagarth&oacute;ir Sp&oacute;irt an&nbsp;</span><em style="color: rgb(51, 51, 51); font-family: sans-serif, Arial, Verdana, 'Trebuchet MS'; ">Irish News,</em><span style="color: rgb(51, 51, 51); font-family: sans-serif, Arial, Verdana, 'Trebuchet MS'; ">&nbsp;Thomas Hawkins; Pr&iacute;omhfheidhmeannach CLG Ch&uacute;ige Uladh, Brian McAvoy; Uachtar&aacute;n CLG i gC&uacute;ige Uladh, Michael Hasson; Eagarth&oacute;ir an&nbsp;</span><em style="color: rgb(51, 51, 51); font-family: sans-serif, Arial, Verdana, 'Trebuchet MS'; ">Irish News,&nbsp;</em><span style="color: rgb(51, 51, 51); font-family: sans-serif, Arial, Verdana, 'Trebuchet MS'; ">Noel Doran; Pr&iacute;omhfheidhmeannach Volunteer Now, Wendy Osborne agus Bainisteoir &Oacute;st&aacute;n an Wellington Park, Malachy Toner.&nbsp;</span>&nbsp;
Sa pictiúr, (ó chlé) tá Bainisteoir Díolaíochta O’Neill’s, Raymond Tumilty; Príomhfheidhmeannach F Sa pictiúr, (ó chlé) tá Bainisteoir Díolaíochta O’Neill’s, Raymond Tumilty; Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn; Eagarthóir Spóirt an Irish News, Thomas Hawkins; Príomhfheidhmeannach CLG Chúige Uladh, Brian McAvoy; Uachtarán CLG i gCúige Uladh, Michael Hasson; Eagarthóir an Irish News, Noel Doran; Príomhfheidhmeannach Volunteer Now, Wendy Osborne agus Bainisteoir Óstán an Wellington Park, Malachy Toner.  

An bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach i saol do chumann áitiúil CLG? An reáchtálann sé imeachtaí teanga mar ranganna, dianchúrsaí agus oícheanta cultúir? An dteann na himeachtaí seo i bhfeidhm ar an phobal?

Má tá freagair dearfach agat do cheann ar bith de na ceisteanna seo, ba chóir daoibh inse don Irish News.

Tá crut úr ar fad ar Ghradaim Scoile, Chumann agus Oibrithe Deonacha an Irish News i mbliana agus réimse mór de chatagóirí úra á n-ofráil d’iarratasóirí.

Cé go bhfuil rannóg na scoileanna, na gcumann agus na n-oibrithe deonacha i gcroílár na nGradam, tuigeann an Irish News go bhfuil saol an CLG ag athrú i rith an ama agus sa 15ú bliain seo, tá muid ar shean ár ndíchill seo a aithint.

I mbliana, tabharfar aitheantas do na cumainn ata ag baint barr feabhais amach i gcúrsaí sláinte, oiliúna, faoi aois agus maidir le nasc na gcumann lena bpobail.

Sin ráite, is cinnte go mbeidh an iomaíocht don ghradam do chur chun cinn na Gaeilge sna cumainn thar a bheith géar, gradam atá á chur ar fáil a bhuíochas d’Fhoras na Gaeilge. 

“Tá a fhios againn uilig go raibh an Ghaeilge riamh anall i gcroílár fhealsúnacht Chumann Lúthchleas Gael,” arsa Thomas Hawkins, eagarthóir spóirt an Irish News.

“Le tamall maith de bhlianta anuas, tá borradh iontach i ndiaidh teacht faoin teanga agus tá sé sin le feiceáil i gcumainn GAA ar fud na tíre ina reáchtáiltear idir ranganna, oícheanta ceoil agus go leor imeachtaí eile.

“I gcuid mhór clubanna, tá an Ghaeilge fite fuaite i ngach gné den chlub agus is cinnte go mbeadh dian-iomaíocht ar bun idir na cumainn atá ag iarraidh Gradam na Gaeilge a thabhairt leo,” arsa an tUasal Hawkins, a thug buíochas d’Fhoras na Gaeilge as a thacaíocht fhial.

Ar ndóigh, beidh an iomaíocht do gach gradam thar a bheith géar mar is ócáid mhórluachach é Gradaim Scoile, Chumainn agus Oibrithe Deonacha an Irish News agus bíonn urraim ar leith ag gach duine de na buaiteoirí.

“Creidim go léiríonn gradaim s’againn an obair iontach atá ar bun lá i ndiaidh lae inár gcumainn Lúthchleas Gael agus ag oibrithe deonacha gan iomrá,” arsa eagarthóir an Irish News, Noel Doran. 

“Is tionscadal ar leith é agus mholfainn do scoileanna agus do chumainn cur isteach ar cheann de na gradaim iontacha seo,” ar sé.

:: Gabh chuig irishnews.com/scv le tuilleadh eolais agus le d’fhoirm iarratais a fháil.