Irish-Language

Mná dubha a rinne éachtaí iontacha sna heolaíochtaí á gceiliúradh i scannán úr

T&aacute; cl&uacute; ar Janelle Mon&aacute;e (<em>thuas</em>) le deich mbliana anuas mar amhr&aacute;na&iacute; psychadelic soul ach t&aacute; s&iacute; i mb&eacute;al an phobail na latheanta seo mar dhuine de na haisteoir&iacute; sa scann&aacute;n thar a bheith taitneamhach, Hidden Figures&nbsp;
Tá clú ar Janelle Monáe (thuas) le deich mbliana anuas mar amhránaí psychadelic soul ach tá sí i mbéal an phobail na latheanta seo mar dhuine de na haisteoirí sa scannán thar a Tá clú ar Janelle Monáe (thuas) le deich mbliana anuas mar amhránaí psychadelic soul ach tá sí i mbéal an phobail na latheanta seo mar dhuine de na haisteoirí sa scannán thar a bheith taitneamhach, Hidden Figures 

NUAIR a chluin tú na focail “bunaithe ar scéal fíor” is éigean gan é a shlogadh gan cogaint.

Ach is cinnte go bhfuil bunús fíor faoin Hidden Figures, scannán an-taitneamhach  a dhéanann ceiliúradh ar thriúir ban Afrai-Mheiriceánach a bhí ar thús an tslóigh i “rás an spáis” sna 1960idí agus iad ag obair le NASA.

Tá an scannán stiúrtha go tuisceanach ag Theodore Melfi, a scríobh an script - atá ainmnithe do Ghradam Oscar - i gcuideachta Allison Schroeder agus ardófar do mheanma agus tú ag breathnú ar an streachailt agus ar an diongbháilteacht tráth a raibh an bhiogóideacht agus an éadulaingt i réim. 

Músclóidh Hidden Figures gach mothúchán ionat. Tá gáire agus gol go flúirseach sa scannán agus rómánsaíocht chomh maith le hathchruthaithe d’imeachtaí stairiúla leathchéad bliain ó shin nuair a bhí eolaithe, idir fhir agus mhná, ag beartú turais chun an ghealaí agus an domhan mór faoi dhraíocht ag na féidearthachtaí.

Baineann an scannán úsáid as míreanna ó chartlanna, ceann amháin ina bhfeiceann muid an Dr Martin Luther King Jr ag cur an rás seo chun na réalta ina chomhthéacs stairiúil ina measc.

“Civil rights ain’t always civil,” arsa fear amháin lena bhean agus í ag iarraidh achainí a chur os comhair breithimh cead a fhail a ligfeadh di freastal ar scoil do dhaoine bána amháin le go dtig léi tabhairt faoi chéim san innealtóireacht.

Tá an chliar iomlán go hiontach, agus “tríréad naofa” - Taraji P Henson, Octavia Spencer agus (an t-amhránaí) Janelle Monae - chun cinn orthu uilig.

Tugann siad uilig an t-ómós cuí do na laochra gan iomrá le taispeántais mhothúchánacha a bhogfaidh do chroí agus a fhanfaidh i do chuimhne i bhfad i ndiaidh tú an phictiúrlann a fhágáil.

Bhíodh Katherine Johnson (Henson) agus beirt mhatamaiticeoirí eile Mary Jackson (Monae) agus Dorothy Vaughan (Spencer) ag obair i nGrúpa Ríomhaireachta an Iarthair.the West Computing Group in Hampton, Virginia.

Tá siad mar chuid de dhianfheachtas NASA fear a chur chun an spáis roimh na Sóibhéidigh.

D’éirigh leis na Rúisigh an spáslong Korabl-Sputnik-4 a lainseáil, rud a chuir na Meiriceánaigh in áit na leathphingine.

“We can’t justify a space program that doesn’t put anything in space!” arsa stiúrthóir NASA, Jim Webb, fear a bhfuil níos mó ná brú an domhain air.

Tá matamaiticeoir de dhíth go géar ar stiúrthóir an Space Task Group, Al Harrison (Kevin Costner) leis na ríomhanna (computations) a sheiceáil.

Roghnaítear Katherine, an chéad Afra-Mheiriceánach le bheith ar shár-fhoireann Al.

Imríonn cuid mhór de na saineolaithe leatrom uirthi, ina measc an príomh-innealltóir Paul Stafford (Jim Parsons ó The Big Bang Theory) agus níl ach daoine bána i dteideal dul isteach i leithris an fhoirgnimh.

Ach ní chuirfidh sé seo bac ar  Al, a deir “Here at NASA, we all pee the same colour!”

Tugann sé seo misneach do Katherine, Mary agus Dorothy.

Ní scannán go rómánsaíocht agus ní fada go bhfuil an t-oifigeach míleatach Jim Johnson (Mahershala Ali) ag iarraidh bean de na mná a mhealladh.

Tá an trí ainmniúchán a fuair Hidden Figures do gradaim na nOscar tuillte go maith acu, ceann don Scannán is Fearr agus ceann eile do thaispeántas dochreidte Octavia Spencer mar bhean atá ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa saol agus ní chuirfidh a dhath ar bith bac uirthi.

Tá Henson agus Monae chomh hiontach ceanna mar mhná bródúla thar a bheith intleachtúintleachtuilil a fhaigheann an lámh in uachtar ar cibé constaicí atá ina mbealach.  Tá obair mhór déanta ag Costner agus ag Dunst agus éiríonn go breá le Parsons ina ról drámatúil. 

*Tá feachtas ar siúl i Londain airgead a thiomsú le deis a thabhairt do chailíní óga, go háirithe cailíní óga dubha an scannán spreagúil seo a fheiceáil.

Má bhíonn aon bhrabús i gceist, cuirfear chun sochair chailíní atá ag iarraidh staidéar a dhéanamh ar na heolaíochtaí.