Irish-Language

An Yukon athchruthaithe i gConamara arís don dara shraith de An Klondike

<strong>AR TH&Oacute;IR AN &Oacute;IR:</strong> Cad &eacute; an tionchar a bheas ag an Domhan &Uacute;r ar na dearth&aacute;ireacha U&iacute; Chonghaile agus iad iarraidh a saibhreas a dh&eacute;anamh sa Yukon i gCeanada na 19&uacute; haoise&nbsp;
AR THÓIR AN ÓIR: Cad é an tionchar a bheas ag an Domhan Úr ar na deartháireacha Uí Chonghaile agus iad iarraidh a saibhreas a dhéanamh sa Yukon i gCeanada na 19ú haoise  AR THÓIR AN ÓIR: Cad é an tionchar a bheas ag an Domhan Úr ar na deartháireacha Uí Chonghaile agus iad iarraidh a saibhreas a dhéanamh sa Yukon i gCeanada na 19ú haoise 

YEEHAW! Beidh muid ar ais in Dominion Creek anocht agus sraith a dó de western TG4 An Klondike ag toiseacht ar 9.30 anocht.

Thug leat a shamhail mar smaoineamh a tháinig chun cinn i dteach tábhairne agus braon ar bord ag lucht a dhéanta, western a dhéanamh i gConamara ach léiríonn sé an tsamhlaíocht iontach atá in Abú Media, gur éirigh leo, chan amháin é a chur i gcrích, ach gur éirigh chomh hiontach sin leo.

Ainmníodh an chéad shraith de An Klondike 10 ngradam ag na gradaim IFTA, ag baint cúigear acu, an gradam mórluachach don tSraith Dhrámaíochta is Fearr san áireamh.

Tosóidh an dara shraith cúpla seachtain i ndiaidh na mbuaic-eachtraí lena ar chríochnaigh Sraith 2 agus na deartháireacha Uí Chonghaile (Owen McDonnell, Dara Devaney, agus Seán T. Ó Meallaigh sna róil sin) agus iad ag streachailt impireacht ghnó a thógáil dóibh féin le linn Fhuadar Óir an Klondike sna 1890í.

Tá na Connollys aontaithe, agus á gcur chun cinn mar dhream ar doiligh iad a threascairt i gceantar an Yukon, ach tá an coiriúlacht ag méadú in Dominion Creek agus tá ar na deartháireacha dul i gcoinne na ndaoine atá ag iarraidh iad a bhriseadh.

Deir an fear a chruthaigh agus a stiúir an chéad shraith, Dathaí Keane, go raibh sé féin agus an fhoireann ag inse scéil ó thús go deireadh faoin dóigh ar chuir na Connollys bun fúthu in Dominion.

“An iarraidh seo, ní raibh muid ag iarraidh an scéal céanna a insint arís," ar sé. 

“Phléigh muid na téamaí ar mhaith linn iad a iniúchadh agus an tionchar a imreodh imeachtaí na céad sraithe ar an carachtair éagsúla, an dóigh a n’athródh sé iad.

“D’fhág muid cúpla ceist mhór gan freagairt ag deireadh na chéad shraithe agus is é fuascailt na gceisteanna sin a ligeann dúinn aithne níos fearr a chur ar dheartháireacha Uí Chonghaile.

“Tá an caidreamh idir na deartháireacha ag croí mothúchánach an scéil agus ba mhian linn iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag baile mar Dominion, áit a bhfuil an tsibhialtacht idir dhá cheann na meá, orthu.

Tá seansaol na dtraidisiún Gaelach - teaghlach agus creideamh - a chur as a riocht sa Domhan Úr seo, domhan ina gcailltear na sean-luachanna de réir a cheile,” arsa Dathaí.

B’iomaí dúshlán arbh éigean don fhoireann iad a shárú, le Klondike 2 a dhéanamh, mar a mhínigh léiritheoir na sraithe, Pierce Boyce ó Abú Media.

“Go praiticiúil, bhí an tsraith seo i bhfad níos deacra ná an chéad cheann,” ar sé.

“Bhí níos mó radharcanna aicsin againn, níos mó radharcanna ar dhroim capaill againn agus tá fás as cuimse i ndiaidh theacht ar bhaile Dominion féin.

“Tá muid thar a bheith bródúil as a bhfuil bainte amach againn agus as an rath atá ar An Klondike ach sileann muid go bhfuil Sraith a Dó níos fearr arís.

“An fhís a bhí ag Dathaí agus an dóigh ar chur an fhoireann chruthaíochta an fhís sin i gcrích, measaim gurb é toradh an comhoibriú sin ná scéal a léiríonn na tréithe is fearr den drámaíocht ar an teilifís. Measaim go mbeidh an lucht féachana an-tógtha faoina bhfuil i ndán dóibh.

Níl An Klondike cosúil le rud ar bith eile atá á dhéanamh sa tír seo,” arsa Pierce.

Ní amháin go mbeidh na carachtair sin a bhfuil aithne againn orthu ar ais arís don dara shraith ach beidh baill úr sa chláir do Shraith a Dó.

Ina measc, beidh  Timothy V Murphy (True Detective, Sons of Anarchy), an t-aisteoir Meiriceánach Dúchasach Duane Howard (The Revenant), Tim Creed (My Brothers) agus Donncha Crowley (Kings). Beidh ceithre chlár in Sraith a Dó, agus iad le feiceáil seachtain i ndiaidh seachtaine ar TG4 sula bhfeicfear iad ar ardáin idirnáisiúnta. 

Tá an chéad shraith le feiceáil ina iomláine ar Netflix faoi theideal idirnáisiúnta na sraithe, Dominion Creek.

Bualadh bos do TG4, d’Údarás Craolacháin na hÉireann Ireland, Content Media Corp, Abú Media Teo - agus dreasachtaí cánach Rialtas na hÉireann.

Beidh An Klondike le feiceáil ar TG4 anocht ar 9.30pm. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh idirlín, anklondike.com.